Skip to main content
Printmaker Emma Finucane


Nuacht

Collaborate, create: Other People’s Practices

Supporting the creation of socially-engaged art works, Other People’s Practices examines how the users of mental health services can creatively collaborate with artists.

Is togra taighde agus cónaitheach d’ealaíontóirí é Other People’s Practices (OPP) atá dírithe ar Oileán Uiséir, ionad pobail de chuid na Seirbhíse Náisiúnta Meabhairshláinte Fóiréinsí (NFMHS) d’úsáideoirí an Phríomh-Ospidéil Meabhair-Ghalar a bhfuil biseach orthu nó ag teacht orthu. Tá OPP ar cheann den 30 tionscnamh de chuid an Chiste Náisiúnta Ildánachta atá mar chuid de Chlár Éire Ildánach, agus is comhpháirtíocht atá ann idir an t-amharc-ealaíontóir John Conway, an NFMHS, an Coláiste Náisiúnta Ealaíne is Deartha (NCAD) agus Iontaobhas Ealaíon Slánaithe Phort Láirge (WHAT).

Is tionscnamh cumhachtach, tuisceanach agus ionchuimsitheach é seo agus tá ceann de na trí thréimhse chónaitheacha d’ealaíontóirí a mhairfidh ceithre mhí faoi lán seoil cheana féin. Is í an déantóir priontaí Emma Finucane an chéad ealaíontóir atá ina bhun. Tá breis agus deich mbliana de thaithí ag Emma ar thaighde agus ar dhéanamh na hamharcealaíne i suíomhanna sláinte, agus chuir sí aidhmeanna a cuid ealaíne agus a cónaitheachta i láthair ag seoladh OPP in NCAD. Tá suim ag Emma breathnú ar Oileán Uiséir mar spás fíorthábhachtach i saol na n-úsáideoirí seirbhísí a chaitheann tréimhsí ann agus biseach ag teacht orthu, agus úsáideann sí ceardlanna dialógacha déanta ealaíne agus comhoibriú le húsáideoirí seirbhíse chun an acmhainn a bhaineann le turas cruthaitheach a fhiosrú. Le linn a tréimhse cónaithí, fiosróidh sí a dtarlaíonn nuair a bhreathnaíonn an t-ealaíontóir agus an t-úsáideoir seirbhíse ar an timpeallacht sin le chéile.

Beidh na healaíontóirí Glenn Loughran agus Jonathan Cummins ag cur tús lena dtréimhsí cónaitheacha i mí an Mheithimh agus mí Mheán Fómhair níos deireanaí i mbliana, agus beidh an triúr ealaíontóirí lonnaithe in Oileán Uiséir agus i stiúideonna NCAD.

Ag úsáid ceardlanna dialógacha déanta ealaíne, fiosraíonn tréimhse chónaitheach Emma a dtarlaíonn nuair a bhreathnaíonn an t-ealaíontóir agus an t-úsáideoir seirbhíse ar an timpeallacht sin le chéile.

Caithfear na trí thréimhse chónaitheacha seo i mbun taighde agus ag cruthú saothair in éindí le húsáideoirí seirbhíse, bunaithe ar chomhthéacs ar leith na láithreach agus ar a dtaithí mar dhaoine aonair. Ní hamháin go dtacaíonn sé le healaíontóirí atá ag forbairt saothar i spásanna a théann i ngleic leis an tsochaí agus suíomhanna sláinte, is é an phríomhaidhm atá ag OPP tacú le húsáideoirí seirbhíse chun cur le saothair ghairmiúla ealaíne ar bhealach comhoibríoch agus cumhachtach. Déantar iarracht leis an togra seo a fhiosrú cén chaoi ar féidir linn rannpháirtíocht sna saothair ealaíne seo a chur chun cinn mar ghníomhaíocht iontaofa, il-leibhéil a tharlaíonn taobh amuigh den institiúid féin, seachas mar theiripe fhoirmiúil cheirde amháin.

Chomh maith leis sin, beidh pobal cumhachtach comhdhéanta de chúramóirí, teaghlaigh, cairde, foireann FSS agus de thacadóirí dearfacha meabhairshláinte ag plé leis an tionscnamh trí chainteanna agus trí thaispeántais a chuirfear ar siúl ag tús agus ag deireadh gach tréimhse cónaithí.

Is é an t-amharc-ealaíontóir John Conway stiúrthóir agus coimeádaí OPP agus déantar iarracht tríd an tionscnamh cláir inbhuanaithe chónaitheacha d’ealaíontóirí a bhunú sa NFMHS agus cultúr nua ealaíne a bhunú sa Phríomh-Ospidéal Meabhair-Ghalar nua atá á thógáil i bPort Reachrann faoi láthair. Cothaíonn tionscnaimh ar nós OPP dearcthaí nua ar bhealaí le tacú le daoine trí ath-chomhtháthú agus slánú pobail; le dúshlán a thabhairt don gheis nó don smál a shamhlaítear le meabhairshláinte fhóiréinseach; agus leis an ról tábhachtach atá ag cleachtas cruthaitheach a chur chun cinn.

Stay up to date

×