Skip to main content


Nuacht

Suiteáil ealaíne curtha i láthair in Ospidéal San Séamas in ómós don obair a rinne an fhoireann cúram sláinte i rith na paindéime

Scroll
2 min read

Suiteáil ealaíne curtha i láthair in Ospidéal San Séamas in ómós don obair a rinne an fhoireann cúram sláinte i rith na paindéime

2 min read

31/05/22

Suiteáil ealaíne curtha i láthair in Ospidéal San Séamas in ómós don obair a rinne an fhoireann cúram sláinte i rith na paindéime

Ag Ospidéal San Séamas, Baile Átha Cliath le gairid, cuireadh suiteáil ealaíne leis an ealaíontóir sráide, Asbestos, i láthair mar aitheantas ar an obair a rinne an t-ospidéal agus a fhoireann cúraim sláinte i rith dhá bhliain na paindéime domhanda COVID-19.

Faoin teideal ‘Unmasked’, léiríonn an phortráid órdhuille cholláise de na daoine díograiseacha taobh thiar de na mascanna; Ospidéal San Séamas, Fondúireacht Ospidéal San Séamas agus Éire Ildánach a rinne coimisiúnú ar an saothar.

Le hinspioráid ó phéintéireachtaí íocóin órdhuille traidisiúnta, d’oibrigh Asbestos leis an ngrianghrafadóir Anthony Edwards ó Ospidéal San Séamas chun portráidí a ghlacadh d’ochtar ball foirne san ospidéal. Ansin athchruthaíodh na portráidí mar cholláisí grianghraf ar thráidirí órdhuille. Ar gach tráidire tá dhá dhoras ag clúdach an leath thíos d’aghaidh an duine, ag léiriú na mascanna a chaith siad le linn na paindéime. Is féidir na doirse sin a oscailt chun na daoine sin nach raibh muid in ann a fheiceáil le dhá bhliain anuas a nochtadh.

Ar na rannpháirtithe bhí an Bainisteoir Altraí Cliniciúla Bernie Waterhouse, An Cúntóir Cúraim Sláinte Shirley Morgan, an Geiriatraí Comhairleach agus Lia Stróc an tOllamh Joe Harbison, agus an Bainisteoir Conarthaí Slándála agus Láithreáin Ronnie Weston.

Ag labhairt dó faoi na comhráite a bhí aige leis na hoibrithe cúraim sláinte seo, seo a bhí le rá ag Asbestos:

Roghnaigh muid ochtar a thabharfadh léargas ar thaithí agus ar róil éagsúla san ospidéal. Fuair mé amach mar ar dhéileáil siad le bheith ag caitheamh mascanna, fuair siad bealaí nua chun cumarsáid a dhéanamh agus idirghníomhú leis na hothair, agus fuair siad amach an sólás agus an suaimhneas a thugann an masc mar shiombail sabháilteachta agus cosanta. Is minic go raibh caitheamh na mascanna ina mbac a d’fhág go raibh sé beagnach dodhéanta cumarsáid a dhéanamh leis na hothair, ach cé gur theastaigh go mór uathu stopadh ag caitheamh mascanna, bhraith na hoibrithe cúraim sláinte sin freisin go raibh na mascanna ag tabhairt deimhnithe dóibh go raibh siad ag coinneáil na n-othar agus a chéile slán.”

'Unmasked'

Open Video

San obair a rinne Asbestos, fiosraíonn sé an mhíniú atá leis na mascanna agus chomh cumhachtach is atá siad mar shiombail. Tagann an focal ‘persona’ ó thraidisiún na hamharclainne sa Ghréig ina gclúdaíonn na haisteoirí a n-aghaidheanna le roinnt mascanna difriúla, agus dá réir athraíonn siad persona. Ar an mbealach sin, fiosraíonn siad persona difriúil le gach masc a bhíonn cruthaithe nó le gach fiosrú faoin gciall atá leis na mascanna. Sa chás seo, tá sé ag taispeáint daoine aonair a bhfuil an masc bainte díobh tar éis a bheith dhá bhliain taobh thiar de ‘bhacainn ghorm’.

Ag fáiltiú roimh léiriú na suiteála ar champas Ospidéal San Séamas, dúirt POF Ospidéal San Séamas Mary Day an méid seo: “Tá na baill foirne atá léirithe sa mhúrphictiúr ‘Unmasked’ ag déanamh ionadaíochta ar fhoireann iomlán Ospidéal San Séamas, agus go deimhin ar ár n-oibrithe cúram sláinte go léir ar fud na tíre, mar aitheantas ar a n-iarrachtaí dochloíte, a misneach, a ndíograis, a saineolas agus a gcomhbhá i soláthar seirbhísí cúraim sláinte d’othair agus do theaghlaigh i rith na paindéime.”

“Tá bród ar Fhondúireacht Ospidéal San Séamas a bheith comhpháirteach leis An Mol don Saol Cruthaitheach ag Institiúid Mercer um Aosú Bisiúil anseo ag Ospidéal San Séamas, agus na healaíona a úsáid chun tacú le folláine fhoireann an ospidéil agus ardú meanma a chothú.  Tríd an tacaíocht seo, tá fianaise feicthe againn féin de na buntáistí a thugann na healaíona d’fholláine na foirne. Tugann ‘Unmasked’ onóir do láidreachtaí agus do leochaileachtaí ár bhfoireann túslíne agus ár ngairmithe cúram sláinte gaolmhara a rinne a míle dícheall i rith na paindéime, agus atá fós á dhéanamh. Dá bharr sin, beidh muid faoi chomaoin acu go deo,” a dúirt Dermot McEvoy, Cathaoirleach, Fondúireacht Ospidéal San Séamas.

“Mar chlár folláine uile-rialtais, aithníonn Éire Ildánach an chumhacht atá ag na healaíona i dtimpeallachtaí cúraim sláinte. Déanfaidh an Plean um Chur Chun Cinn na Meabhairshláinte atá ag an HSE treisiú ar ról na n-ealaíon agus na cruthaitheachta i gcur chun cinn na meabhairshláinte agus na folláine don fhoireann cúraim sláinte. Ní féidir liom aon sampla níos fearr de pholasaí a bheith á chur ina chleachtas ná an tionscnamh iontach seo. Níl anseo ach bronntanas beag ó Éire Ildánach chun buíochas a ghlacadh leis an bhfoireann ar fad in Ospidéal San Séamas as an méid a rinne siad i rith COVID-19, a dúirt Tania Banotti, Stiúrthóir Chlár Éire Ildánach.

Bhíothas in ann ‘Unmasked’ a dhéanamh trí mhaoiniú ó Ospidéal San Séamas, ó Fhondúireacht Ospidéal San Séamas (trí thabhartais a rinne an pobal mar thacaíocht d’fholláine oibrithe tosaigh i rith na paindéime) agus ó Éire Ildánach.

B'fhéidir go dtaitneodh seo leat…

Stay up to date

×