Skip to main content


Nuacht

Comhaltachtaí faoin gclár Fulbright - Éire Ildánach.

Scroll
3 min read

Comhaltachtaí faoin gclár Fulbright - Éire Ildánach.

3 min read

15/11/20

Comhaltachtaí faoin gclár Fulbright - Éire Ildánach.

An 11 Meitheamh 2020, d'fhógair Coimisiún Fulbright comhaltaí nua faoin gclár a bhfuil cáil ar fud an domhain air a thugann deis do 36 duine den aos léinn agus d'iarchéimithe na hÉireann obair a dhéanamh i roinnt de na hollscoileanna is iomráití sna Stáit Aontaithe. Áirítear ar an líon sin daoine ar bronnadh comhaltacht orthu faoi Chlár Comhaltachtaí Fulbright - Éire Ildánach. Sa bhliain 2018 a cuireadh tús le Clár Comhaltachtaí Fulbright - Éire Ildánach faoina dtugtar deiseanna níos leithne ná mar a bhíodh ar fáil roimhe sin staidéar agus taighde a dhéanamh.

Ar dhuine de chomhaltaí na bliana seo, tá  Susan Boyle a bheidh ag dul anonn go dtí an Smithsonian Museum of American History. Beidh Susan ag obair ar an ábhar cartlainne i mbailiúcháin na hiarsmalainne sin chun scrúdú a dhéanamh ar an tionchar a bhí ag lucht imirce as an Eoraip ar chúrsaí grúdaireachta i Meiriceá anuas go dtí na 1920idí. Beidh Muiríosa Guinan ag dul go dtí an Exploratorium chun staidéar a dhéanamh ar cheardlanna a leagan amach de réir mhodhanna teagaisc a bhaineann le foghlaim neamhfhoirmeálta faoin gcóras Tinkering agus ar a mbaineann an foghlaimeoir as na ceardlanna agus déanfaidh Henry Martin staidéar ar ábhar cartlainne maidir le mangairí agus ar bhailiúcháin an Smithsonian d’fhonn bunachar sonraí a chruthú faoi mhangairí agus faoi ealaíontóirí ina réimse spéise féin.

Tráth a bhfuil deacrachtaí móra le sárú ag cláir oideachais idirnáisiúnta, tá clár seanbhunaithe Fulbright ag leanúint den chúnamh do dhaoine den aos léinn, do lucht gairme agus do mhic léinn as Éirinn oibriú in éineacht le comhghleacaithe dá gcuid sna Stáit Aontaithe. Tá leagtha amach go dtiocfaidh na comhaltaí go Meiriceá ó mhí Meán Fómhair 2020 ar aghaidh, an chuid is mó acu ag beartú anois ar thaisteal i mí Eanáir 2021.

D’iarr Éire Ildánach ar bheirt de chomhaltaí na bliana seo caite, Patricia Kenny agus Fernando Cano, tuairisc a thabhairt ar an tréimhse a chaith siad in iarsmalanna an Smithsonian i dtús na bliana seo.

Patricia Kenny

Seandálaí atá ionamsa a bhfuil an obair ar thráchtas dochtúireachta á thabhairt chun críche agam i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath. Tá mo chuid oibre dírithe ar an míniú a bhíodh ag daoine roimhe seo ar ghnéithe geolaíochta, mar shampla iontaisí. Is iomaí dream, san am a caitheadh agus san am i láthair, a bhfuil scéalta sárshaothraithe acu faoi ghnéithe suntasacha cloiche. Tá bundúchasaigh Mheiriceá ar dhream acu sin agus réimse fairsing scéalta acusan le hoidhreacht maidir le hiontaisí go háirithe. Thug Comhaltacht an Smithsonian de chuid Fulbright-Éire Ildánach deis dom an t-ábhar béaloidis a mheas i gcomórtas leis na hiarsmaí seandálaíochta, féachaint an bhféadfaí an t-ábhar scéalaíochta a rangú de réir tréimhsí ama. B’iontach an taithí a fuair mé mar gheall ar an gcomhaltacht seo, ag obair in iarsmalann de scoth an domhain, in éineacht le daoine iontacha. D’fhág sé léargas níos soiléire agam ar chineálacha an tsaol oibre a d’fhéadfadh a bheith romham agus dearbhaíodh dom gur mian liom oibriú i dtimpeallacht den sórt céanna, mo dhúshlán á thabhairt i mbun taighde ar scála domhanda. Cé gur giorraíodh mo thréimhse sna Stáit Aontaithe mar gheall ar COVID-19, bhí na seachtainí a chaith mé ann ar na tréimhsí is fearr de mo shaol go dtí seo.

Fernando Cano

Bhí an t-ádh ormsa, i gcodarsnacht le daoine eile ar bronnadh comhaltachtaí orthu, agus bhí mo chuid ama sna Stáit Aontaithe curtha isteach agam sular tháinig COVID-19 chun cinn. B’iontach an tréimhse seo ó thaobh cúrsaí pearsanta agus cúrsaí gairme a mbeidh cuimhne go deo agam air agus is suntasaí arís cheana féin é go háirithe i gcomhthéacs ghluaiseacht Black Lives Matters.  Bhí an tréimhse comhaltachta sa Smithsonian Institution dírithe ar chíoradh a dhéanamh ar ról na hiarsmalainne sa tsochaí. Bhí fonn orm cur leis an eolas a ghnóthaigh mé i mbun taighde PhD i gColáiste na Tríonóide faoin iarsmalann mar ionad léiriúcháin i ndáil le cúrsaí cultúir, ionad ina gcothaítear cuimhne an tslua, agus ionad cinniúnach maidir le heolas, mórtas cine agus scéalta a cheapadh. Le béim ar an gcaoi ina bhféadfadh iarsmalanna réimse níos forleitheadaí a chur faoin dearcadh léirmhíniúcháin ar na bailiúcháin agus ar thaispeántais d’fhonn eolas nua gan leatrom agus athrú sóisialta a chothú, thug mé cuairt ar na haonaid éagsúla ar fad sa   Smithsonian Institution agus labhair mé le hoiread de na saineolaithe ansin agus a d’fhéadfainn. Dhírigh mé níos géire ina dhiaidh sin ar thrí cinn faoi leith de na haonaid ar a dtugtar: an Anacostia Community Museum, an National Museum of the American Indian agus an National Museum of African American History and Culture. Ní amháin a bhaineann le gach ceann de na haonaid sin is ea go mbítear ag plé le stair chasta anróiteach dhá dhream eitneach a d’fhulaing leatrom sna Stáit Aontaithe. An ghné is suntasaí maidir leis an rath atá orthu gur ghlac na dreamanna a bhfuiltear dírithe orthu páirt san obair maidir le tuairisc fhollasach a chruthú mar gheall go mbaineann siad leis na daoine a ndéanann an t-iarsmalann freastal orthu. Mar gheall ar an gcur chuige sin, tá iléagsúlacht agus uilechuimsitheacht ag rith leis an tuairiscíocht, mórtas agus athfhoghlaim le brath chomh maith leis an stair anróiteach agus claochlú sóisialta á spreagadh. Tar éis dom téis mo thráchtas PhD a chosaint agus post nua a fháil i mo Chumhdaitheoir Foghlama agus Caidrimh i nDánlann Dhubhgláis de hÍde, tá súil agam go mbeidh mé in ann ar fhoghlaim mé a chur i bhfeidhm. Táim an-bhuíoch de Éire Ildánach, don Smithsonian Institution agus do Choimisiún Fulbright in Éirinn as an deis iontach seo.

Tá clár buanseasmhach Fulbright ag feidhmiú maidir le caidreamh idirnáisiúnta a threisiú le seachtú bliain anuas agus níos faide, tréimhsí corracha agus eile. Sa bhliain 1946 a cuireadh ar bun é agus tugtar deontais gach bliain a ligeann do shaoránaigh de chuid na hÉireann staidéar, taighde agus teagasc a dhéanamh sna Stáit Aontaithe agus do Mheiriceánaigh déanamh amhlaidh sa tír seo. Cuidíonn an Department of State sna Stáit Aontaithe leis an gCoimisiún agus an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála agus an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta in Éirinn chomh maith le forais agus eagraíochtaí ardoideachais sa dá thír. Is carthanas cláraithe atá ann chomh maith.

Tá tuilleadh eolais ar fáil ar www.fulbright.ie

B'fhéidir go dtaitneodh seo leat…

Stay up to date

×