Skip to main content
Minister McHugh launches Creative Schools


Nuacht

Comhlaigh Chruthaitheacha: Ealaíontóirí oilte agus daoine óga ag teacht le chéile

Tá Comhlaigh Chruthaitheacha, clár píolótach de chuid Scoileanna Ildánacha, ag tabhairt spreagadh do leanaí agus daoine óga tabhairt faoi dhúshláin.

Tá clár píolótach Scoileanna Ildánacha faoi lán seoil sa 150 scoil a roghnaíodh chun páirt a ghlacadh sa chéim phíolótach den chlár nuálach seo. Is é is aidhm do Scoileanna Ildánacha cultúr ildánach a spreagadh sa scoil agus comhar agus comhpháirtíochtaí a chothú idir an scoil agus an lucht cultúir agus cruthaitheach sa cheantar áitiúil.

Le roinnt seachtainí anuas, tá foireann de Chomhlaigh Chruthaitheacha i mbun cúrsaí oiliúna speisialta, sula dtéann siad amach chun na scoileanna ag bualadh le príomhoidí, múinteoirí, tuismitheoirí agus daltaí. Ealaíontóirí a bhfuil taithí nó saineolas acu ag obair le páistí agus daoine óga nó múinteoirí a bhfuil cleachtadh ealaíne ar bun acu is ea na Comhlaigh. Beidh na Comhlaigh Chruthaitheacha ag obair go dlúth leis an bpobal scoile chun Plean Cruthaitheachta a fhorbairt do gach scoil.

Cuirfear san áireamh sa phlean na smaointe, na riachtanais agus na deiseanna i ngach scoil d’fhonn cruthaitheacht a chothú i ngach gné de shaol na scoile.

Tá tuilleadh eolais faoin gComhlach Cruthaitheach a roghnaíodh do do Scoil Ildánach áitiúil anseo

Scoil Ildánach

Open Video

Stay up to date

×