Skip to main content


Nuacht

Clár na Scoileanna Ildánacha 2022/ 2023 oscailte d’iarratas

Scroll
3 min read

Clár na Scoileanna Ildánacha 2022/ 2023 oscailte d’iarratas

3 min read

8/04/22

Clár na Scoileanna Ildánacha 2022/ 2023 oscailte d’iarratas

Inniu, Déardaoin an 7 Aibreán, d’fhógair an Chomhairle Ealaíon go bhfuil iarratais oscailte do scoileanna iarratas a dhéanamh ar Chlár na Scoileanna Ildánacha 2022/ 2023.

Tacaíonn Clár na Scoileanna Ildánacha, atá ceaptha chun deiseanna a thabhairt do leanaí agus do dhaoine óga cur lena gcuid scileanna ealaíne agus cruthaitheachta le Bunscoileanna agus Iar-bhunscoileanna agus Ionaid Ógtheagmhála ar fud na hÉireann na healaíona agus an chruthaitheacht a chur i gcroílár saol leanaí agus daoine óga. Tá €2.5m curtha i leataobh do thréimhse 2022-23 an tionscnaimh.

I measc na bpríomhthacaíochtaí a chuireann an clár ar fáil tá tacaíocht agus comhairle speisialtóra ó Chomhlach Cruthaitheach, oiliúint agus líonrú, agus maoiniú chun Pleananna Scoileanna Ildánacha a chur i bhfeidhm.

Tá glactha go han-mhaith le tionscnamh na Scoileanna Ildánacha ó tháinig sé ar an bhfód in 2018, le hos cionn 90% den 600 scoil a bhí rannpháirteach ag moladh an chláir.

Ag labhairt di ag an seoladh, dúirt an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD

“Is dlúthléiriú iad an cultúr agus na hEalaíona ar cé muid féin mar náisiún agus bíonn ról tábhachtach acu i bpobail ar fud na hÉireann. Tá ríméad orm a bheith anseo inniu ag Bunscoil Shráid Stanhope, atá rannpháirteach faoi láthair sa chlár Scoileanna Ildánacha. Cuireann léiriú cruthaitheach deiseanna ar fáil do leanaí agus do dhaoine óga triail a bhaint as tuairimí nua agus a gcumas cruthaitheachta a fhiosrú.  Ceapadh an clár chun na huirlisí a thabhairt do mhúinteoirí agus do dhaltaí féith na cruthaitheachta a fhiosrú agus a bPlean Scoileanna Ildánacha saincheaptha féin a chur i bhfeidhm. Spreagaim gach scoil smaoineamh faoi iarratas a dhéanamh ar Scoileanna Ildánacha agus tús a chur lena n-aistear cruthaitheach féin.”

Cuireann rannpháirteacht i Scoileanna Ildánacha ar chumas leanaí agus daoine óga na healaíona agus gníomhaíocht chruthaitheach a fhorbairt, a chur i bhfeidhm, agus a mheas

Dúirt an tAire Oideachais Norma Foley TD,

“Tá ríméad orainn dul i gcomhar lenár gcomhghleacaithe sa Chomhairle Ealaíon agus sa Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán agus cuireadh a thabhairt do gach scoil iarratas a dhéanamh ar Scoileanna Ildánacha 2022. Cuireann an tionscnamh deiseanna ar fáil do leanaí agus do dhaoine óga cur lena gcuid scileanna ealaíne agus cruthaitheachta; cumarsáid a dhéanamh, comhoibriú, a samhlaíocht a spreagadh, a bheith cruthaitheach, agus leas a bhaint as a gcuid fiosrachta. Molaim na scoileanna go léir a bhfuil an t-aistear seo déanta acu go dtí seo agus táim ag súil le grúpa nua scoileanna tús a chur lena rannpháirteacht go luath.”

Dúirt Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon, Maureen Kennelly,

“Táimid ar bís a bheith ábalta cuireadh a thabhairt don chéad sraith eile de scoileanna teacht isteach i dtionscnamh na Scoileanna Ildánacha. Mar chuid de thiomantas leanúnach na Comhairle Ealaíon pleanáil agus soláthar do leanaí agus do dhaoine óga, is tionscadal cumhachtach é Scoileanna Ildánacha a chuireann na healaíona agus an chruthaitheacht i gcroílár saol daoine óga. Gabhaimid buíochas leis an Roinn Oideachais, an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán agus gach duine in Éire Ildánach as a gcomhpháirtíocht leanúnach sa chlár tábhachtach náisiúnta seo.”

Ministers Martin and Foley with ‘Gangster Granny’ Millie Ivory, age 10.

Faigheann gach scoil atá páirteach deontas agus oibríonn siad le Comhlach Cruthaitheach a bhaineann úsáid as an taithí atá acu chun tacú leo a bPlean Scoileanna Ildánacha uathúil féin a chur i bhfeidhm.

Is aistear treoraithe dhá bhliain é seo ina bhfuil baint lárnach ag leanaí agus daoine óga i bpleanáil, i gcinnteoireacht agus i machnamh. Tugann an clár fíordheis do phobail scoileanna fiosrú a dhéanamh ar cad is cruthaitheacht ann dóibh féin, agus an bealach inar féidir rannpháirtíocht sna healaíona tacú le tosaíochtaí foghlama agus forbartha a scoileanna.

Cuireann rannpháirteacht leanaí agus daoine óga ar a gcumas na healaíona agus gníomhaíocht chruthaitheach a fhorbairt, a chur i bhfeidhm agus a mheas ar fud a scoileanna/n-ionad agus spreagann sé bealaí breise chun obair a dhéanamh a neartaíonn an tionchar a bhíonn ag cruthaitheacht ar fhoghlaim, ar fhorbairt agus ar fholláine leanaí agus daoine óga.

Tugtar cuireadh do gach scoil agus ionad Ógtheagmhála a bhfuil suim acu dul isteach sa chlár i mí Mheán Fómhair 2022 iarratas a dhéanamh leis an gComhairle Ealaíon.

Is é 5.30pm Déardaoin an 2 Meitheamh 2022 an dáta deiridh chun iarratais a chur faoi bhráid.

Tá treoirlínte iarratais ar fáil ag artscouncil.ie/funds/Creative-Schools-Initiative

Léigh tuilleadh faoi Scoileanna Ildánacha

Stay up to date

×