Skip to main content
Consolata Boyle Photo Credit Eilish McCormick


Nuacht

A tríú hainmniúchán Oscar faighte ag an dearthóir cultacha as Baile Átha Cliath, Consolata Boyle.

Tá an tríú ainmniúchán Oscar faighte ag an dearthóir tréitheach as Baile Átha Cliath.

B’fhéidir nach gceapfá go bhféadfadh céim i Seandálaíocht agus i Stair duine a chur ar ghairm bheatha ina n-ainmneofaí i gcomhair Oscar trí huaire thú, ach sin go díreach atá tarlaithe do ghairm bheatha bhreá an dearthóra cultacha Consolata Boyle as Éirinn.

Is í Consolata a réitíonn an chéad léargas a bhíonn ag an lucht féachana ar an gcarachtar, agus tá clú agus cáil ar shaothar Consolata de bharr scéal breá daite a shnoí ina saothar, ag teacht le script scríofa scannáin. Tugann Boyle sainmharcanna pearsantachtaí, luachanna, mothúcháin agus seasamh sóisialta carachtar, agus is iomaí scáileán a bhfuil sonraí sómhara nó garbha de chuid Boyle feicthe orthu, i scannáin mar The Queen, The Iron Lady, Into the West, The Snapper, Philomena, Angela’s Ashes agus neart eile nach iad, ó thosaigh sí ag obair sa tionscal in 1982.

Ag labhairt in 2016, rinne an dearthóir a bhfuil cónaí uirthi i mBaile Átha Cliath cur síos ar a slí bheatha i dtionscal na scannán mar “rud a tharla gan choinne. Bhí mé ag obair i gcúrsaí amharclainne nuair a fuair mé an deis oibriú ar scannán, agus chuaigh an ealaín i gcion go mór orm. Thosaigh mé le scannáin an-bheag, ansin bhog mé go dtí an teilifís agus ansin chuig scannáin níos mó. Ba rud nádúrtha a bhí ann agus rud orgánach, agus bhí mo chroí agus m’anam ann.”

Fuair sí ainmniúchán le gairid dá tríú Gradam Academy, don scannán Victoria & Abdul ina bhfuil Judi Dench. Tar éis do Consolata céim a bhaint amach i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, cuireadh faoi oiliúint í ag Amharclann chlúiteach na Mainistreach agus ansin fuair sí post mar Dhearthóir Cónaithe i spás turgnamhach Amharclann na Mainistreach, The Peacock. Tá cleachtadh maith ag Consolata ar an tionscal agus ar aitheantas a bhaint amach i measc a cuid comhghleacaithe, agus bhuaigh sí Gradam Emmy in 2004 as a cuid oibre ar The Lion in Winter. Fuair sí ainmniúchán Oscar in 2007 agus in 2017 de bharr na n-éachtaí is fearr i ndearadh cultacha as a cuid oibre ar The Queen agus Florence Foster Jenkins, faoi seach.

D’oibrigh sí leis an stiúrthóir Sasanach Stephen Frears ocht n-uaire (Philomena, Tamara Drewe, Chéri, The Queen, Mary Reilly, The Van, The Snapper agus Florence Foster Jenkins), agus chuidigh dearadh cultacha Boyle le lucht féachana aithne a chur ar gach cineál carachtair – idir ríthe agus bhanríonacha a bhí i réim agus fhíor-mhuintir Bhaile Átha Cliath, lucht leanúna Bella Époque agus fiú amháin sopráin amaitéaracha nach bhfuil nóta ceoil acu.

Eiseamláir don cheird agus don chruthaitheacht agus inspioráid gan amhras do chuid mhaith Éireannach atá ag teacht chun cinn sa tionscal seo, tagann ainmniúchán Consolata do Ghradam Academy 2018 don dearadh cultacha is fearr sna sála ar neart eile daoine tréitheacha a bhfuil baint acu le hÉirinn. Tá na haisteoirí Saoirse Ronan agus Daniel Day-Lewis, mar aon leis an léiritheoir agus an scríbhneoir Martin McDonagh agus Cartoon Saloon Chill Chainnigh go léir ag fanacht go foighneach go bhfeicfidh siad an n-éireoidh leo an lá a thabhairt leo ag Gradaim Oscar nuair a bheidh na Academy Awards ar siúl den 90ú bliain in Los Angeles, an 4 Márta.

Image credit: Eilish McCormick

B'fhéidir go dtaitneodh seo leat…

Stay up to date

×