Skip to main content


Nuacht

#CreateAtHome - Beocht sa chruthaitheacht do na leanaí

Scroll
3 min read

#CreateAtHome - Beocht sa chruthaitheacht do na leanaí

3 min read

15/11/20

#CreateAtHome - Beocht sa chruthaitheacht do na leanaí

Tá beart á dhéanamh ag eagraíochtaí ar fud earnáil na cruthaitheachta in Éirinn, tráth seo na géarchéime, maidir le tionscnaimh dhigiteacha iontacha ar líne a chuideoidh le splanc na cruthaitheachta a choinneáil ar lasadh, fiú agus sinn ag fanacht sa bhaile.

Ní luaitear anseo ach roinnt de na tionscadail is fearr do leanaí bunscoile agus do dhaltaí scoile dara leibhéal. Tá súil againn go mbaineann siad taitneamh astu ar feadh na maidine nó ar feadh an tráthnóna agus, an rud is tábhachtaí, go gcoinnítear i mbun cruthaitheachta iad!

Leabharlanna Éireann ag obair i gcomhar le leabharlanna, foilsitheoirí agus scríbhneoirí in Éirinn chun seisiúin scéalaíochta do leanaí a chur ar fáil ar líne leis an bhfeachtas iontach Spring Into Storytime. Féach an láithreán gréasáin maidir le réimse éagsúil scéalaíochta ar líne as na leabharlanna ar fud na tíre.

Spring into Storytime

Open Video

Dublin Circus Project – Tá ‘The Greatest Showman’ á thabhairt isteach in áras cónaithe na leanaí leis na Ranganna Sorcais #StayAtHome do Leanaí 4-18 bliana d’aois i rith mhí an Aibreáin agus an t-eolas is gá le haghaidh scileanna éagsúla, mar shampla Cothromaíocht, Lámhchleasaíocht agus Poi, á scaoileadh leis na daoine. Féach https://dublincircusproject.com/youth-circus/ maidir leis na físeáin.

Tá d’aidhm leis an gcomórtas Trócaire Game Changers Home Challenge leas a bhaint as am saor a bheadh ag leanaí chun nithe a dhéanfadh leas sa saol ina dtimpeall a chruthú. Iarrtar ar na daoine óga cluiche cláir, cluiche cártaí nó cluiche físeáin a chruthú a d’fhéadfadh athrú a chur ar an domhan. Is féidir le duine aonair cur isteach ar an gcomórtas nó le foireann teaghlaigh! An 30 Meitheamh an dáta deiridh do na hiarratais, mar sin tá neart ama ann cluiche speisialta a chur le chéile. Tuilleadh eolais:  https://www.trocaire.org/education/gamechangers

Tá físeáin bhreátha teagaisc ar líne cruthaithe ag an gComhairle Oidhreachta maidir le hobair líníochta ag daltaí bunscoile idir 5-7 mbliana d’aois.

An Chomhairle Oidhreachta: Ealaín an Dúlra don Tosaitheoir

Open Video

Tá comórtas ealaíne faoi leith á reáchtáil ag Conradh na Gaeilge a oirfidh do bhuachaillí agus do chailíní agus deis á thabhairt do dhaltaí bunscoile agus do dhaltaí dara leibhéal geansaí a dhearadh d’fhoireann CLG agus geansaithe don rang ar fad ar fáil mar dhuaiseanna ag na buaiteoirí. Is féidir teimpléid a fháil anseo agus tosú i mbun dearthóireachta: https://snag.ie/en/colouring-competition/

Tá na céadta de leanaí Dhún na nGall páirteach i bhfeachtas ealaíne ar líne a sheol an tIonad Réigiúnach Cultúir i Leitir Ceanainn d’fhonn leanaí a spreagadh i mbun cruthaitheachta agus iad sáinnithe ina n-áit cónaithe féin. Tá beartaithe ag an ionad taispeántas den saothar ealaíne a chuirtear isteach a chur ar siúl a luaithe a bhíonn rudaí ar ais mar is gnáth ach is féidir le leanaí ar fud na hÉireann, idir an dá linn, a gcuid ealaíne a chur suas ar leathanach Facebook RCC Young Artists mar a seoltar an dúshlán is deireanaí ag a 6 i.n. gach lá.

Tá réimse de bhearta gníomhaíochta do leanaí ag baile curtha le chéile ag My Kids Time, mar shampla, péinteáil éadain, tarraingt pictiúir, spraoi le Lego, cluichí agus scríbhneoireacht, iad ar fad ar fáil ar an láithreán gréasáin https://www.mykidstime.com/

As seo go ceann roinnt seachtainí, beidh rogha fada fairsing d’acmhainní cruthaitheachta saor in aisce á gcur ar fáil ag Éire Ildánach chun cuidiú libh #CreateAtHome. 

Stay up to date

×