Skip to main content
Right Here Right Now!


Nuacht

Right Here Right Now! Féile nua do leanaí san Ark

Féile úrnua a chruthaigh leanaí do leanaí, bí réidh le haghaidh Right Here Right Now!

Ceiliúradh bríomhar ar ealaín, ar chultúr agus ar chearta leanaí, is cinnte go mbeidh na leanaí le feiceáil agus le cloisteáil ar fud Bhaile Átha Cliath an chéad mhí eile nuair a chuirfidh ionad cultúrtha leanaí The Ark tús lena fhéile nua iontach ón 13-16 Meitheamh.

Beidh an fhéile ag tarlú ag an am céanna le lá náisiúnta cruthaitheachta an chláir Éire Ildánach do leanaí agus do dhaoine óga – Cruinniú na nÓg a bheidh ar siúl an 15 Meitheamh. Beidh saorchead isteach chuig an dá fhéile!

Beidh guth na leanaí i gcroílár scléip agus spraoi The Ark, agus ar ndóigh bhí baint ag na leanaí le gach céim den fhorbairt. Tá an fhéile seo ar cheann dár 30 tionscadal ón gCiste Náisiúnta Ildánachta, ó thús na féile ar fad thug leanaí comhairle maidir leis an ainm, na himeachtaí ba chóir a chur ar siúl, agus thug gairm um dhearadh oscailte deis do na leanaí obair ealaíne na féile a dhearadh freisin, obair álainn go deimhin. Fuarthas aighneachtaí as gach cearn d’Éirinn, agus rinne Comhairle Leanaí The Ark – ar a raibh 35 dalta géarchúiseach as rang a cúig agus a sé – an cinneadh deiridh.

Is cinnte go mbeidh ard-deireadh seachtaine ann, agus go mbainfear sult as ealaín, amharclannaíocht, damhsa, cluichí agus scannáin, iad go léir deartha ag leanaí. Beidh gá áirithintí a dhéanamh roimh ré i gcomhair roinnt d’imeachtaí Right Here Right Now, agus beidh na ticéid ar fáil ón 14 Bealtaine trí ww.ark.ie

Ní do leanaí Bhaile Átha Cliath amháin a bheidh an scléip, tugtar cuireadh do leanaí ar fud na hÉireann aghaidh a thabhairt ar an ardchathair agus a bheith rannpháirteach. Le haghaidh bhuaicphointe na féile, tá The Ark ag iarraidh ar scoileanna, ar chlubanna leanaí, ar ghrúpaí agus ar theaghlaigh a bheith rannpháirteach, agus ar leanaí as gach cearn d’Éirinn teacht le chéile agus torann a dhéanamh ag Slógadh Leanaí an 14 Meitheamh ag a 11.00 am. Beidh an slógadh speisialta sin ar siúl i gCearnóg Theach an Tionóil, Barra an Teampaill. Níl tú in ann a bheith linn? Ná bí buartha! Spreagtar leanaí a gcuid slógaí féin a bheith acu pé áit ina bhfuil cónaí orthu, óráidí a scríobh, agus a gcuid meirgí, bratacha agus amhrán féin a chumadh don chomóradh seo ar chearta leanaí. Seo é do dheis!

Roimh an slógadh, éascóidh ealaíontóirí ceardlanna cruthaitheacha le ceithre ghrúpa scoile as an gceantar. Cumfaidh ceann de na grúpaí amhrán le ceoltóir agus oibreoidh na trí ghrúpa eile le hamharc-ealaíontóir. Glacfaidh leanaí páirt freisin i gceardlanna maidir le cearta le hOifig an Ombudsman do Leanaí. Cuirfidh na leanaí na saothair ealaíne a chruthófar ar taispeáint ag slógadh Bhaile Átha Cliath agus scaipfear an t-amhrán roimh ré ionas go mbeidh deis ag leanaí ar fud na tíre é a chasadh ag a slógadh féin – ag tabhairt na leanaí le chéile trí amhrán, is cuma cén áit sa tír a mbeidh siad.

 

Faigh tuilleadh eolais faoi Right Here Right Now! agus féach ar an gclár iomlán ag ark.ie

B'fhéidir go dtaitneodh seo leat…

Stay up to date

×