Skip to main content
Omey-publication_Designed-by-Kasia-Ozmin-Rachel-Broaders-at-Together-We-Create.


Nuacht

Treochlár do na Tionscail Chruthaitheacha

Faoi Future Jobs Ireland, tugadh aitheantas don fhorbairt ar Threochlár do na Tionscail Chruthaitheacha mar ghné tábhachtach le cur i bhfeidhm ar mhaithe lenár mbonn fiontraíochta a éagsúlú, lena chinntiú go mbeidh níos mó teacht aniar i ngeilleagar na hÉireann agus go mbeidh sé níos solúbtha. Is é an sainmhíniú a thabharfar sa Treochlár ar na tionscail chruthaitheacha in Éirinn ná tionscail agus slite beatha a bhaineann úsáid as an gcruthaitheacht mar bhealach chun rath agus fostaíocht tráchtála a chur ar fáil.

Cuimsíonn na tionscail seo réimse leathan earnálacha, agus táthar ag súil go ndíreoidh an Treochlár aird ar:

  • an dearadh (e., dearadh tionsclaíoch, dearadh táirgí, dearadh gréasáin agus cumarsáid amhairc, Dearadh Ui / Ux (comhéadan úsáideora / Úsáideoir-taithí) agus dearadh bogearraí, dearadh seirbhíse, agus dearadh straitéiseach),
  • an chruthaitheacht dhigiteach (i.e., earnáil na gcluichí, agus na héifeachtaí iarléiriúcháin/amhairc (VFX) a thacaíonn leis an earnáil closamhairc, ach gur seirbhís easpórtála ann féin í freisin), agus
  • na tionscail cruthaithe ábhair (e., fógraíocht agus forbairt branda, ach lena n-áirítear freisin ábhar nua le haghaidh úsáidí tráchtála ar na meáin shóisialta, dáileadh ar líne agus feidhmchláir shoghluaiste (‘aipeanna’) chomh maith le hábhar d’ardáin nua dála AR / VR / XR Réaltacht Mhéadaithe / Réaltacht Fhíorúil / Réaltacht Mheasctha).

D’oibrigh Clár Éire Ildánach i rith 2019 chun bailchríoch a chur ar an Treochlár seo i gcomhar le roinnt Ranna Rialtais éagsúla. Ina theannta sin, reáchtáladh os cionn céad cruinniú le hacadóirí, gnólachtaí beaga agus ionadaithe ón tionscail, chomh maith le hoifigigh an AE. Bhí Clár Éire Ildánach ag plé freisin le 120 duine ag trí mhórcheardlann agus thug sé faoi shuirbhé a dhéanamh ar bhreis agus 150 duine ó ghnólachtaí dearaidh.

Nuair a bheidh sé críochnaithe i dtús na bliana 2020, foilseofar an Treochlár do na Tionscail Chruthaitheacha ar an leathanach seo.

 

Stay up to date

×