Skip to main content


Nuacht

Oíche Chultúir

I rith aon oíche amháin sa bhliain osclaítear doirse fud fad na tíre chun fáilte a chur roimh chách chuig oíche chultúir, agus chuig na cineálacha éagsúla cultúir atá ann. Agus é anois seacht mbliana déag ar an bhfód is iad an Chomhairle Ealaíon agus na hÚdaráis Áitiúla a chuireann Oíche Chultúir ar fáil duit.

Trínár gcomhpháirtithe sna hÚdaráis Áitiúla, tá ríméad ar Éire Ildánach tacú le sceideal iontach d’imeachtaí agus iad ar fad leagtha amach le cuairteoirí i ngach aoisghrúpa, ag a bhfuil gach saghas ábhar spéise, a chur faoi gheasa. Is féidir a rá go fíreannach go bhfuil rud éigin ar fáil do gach duine. Toisc go bhfuil na céadta imeachtaí ar fáil ba cheart duit tosú ag pleanáil anois. Chun teacht ar liosta iomlán de na himeachtaí atá ar siúl i do cheantar féin téigh chuig https://culturenight.ie

Féach ar chuid de na himeachtaí in aice leat a dtacaíonn Éire Ildánach leo.

I bhFine Gall fanfaidh Leabharlann Mhullach Íde, Leabharlann Bhaile Bhlainséir chomh maith le Staidéar Áitiúil agus Cartlann Fhine Gall oscailte déanach. Beidh lucht féachana i ngach aoisghrúpa in ann taitneamh a bhaint as imeachtaí cultúir éagsúla lena n-áirítear scéalaíocht, ceol, damhsa, turas oidhreachta ar shainchomharthaí caillte Bhaile Bhlainséir agus na huaimheanna is scanrúla, ceardlanna damhsa idirghníomhacha lena n-áirítear damhsa traidisiúnta agus damhsa uirbeach na hAfraice chomh maith le Damhsa ar an Seán-Nós, filíocht agus an focal labhartha, gan trácht ar rogha na coitiantachta ar Oíche Chultúir, Blanchardstown Brass Band!

Agus i Laois tugtar cuireadh duit súil níos géire a chaitheamh ar an taispeántas iontach Fadó Faces in Ionad Ealaíon Dhún Másc, taispeántas a dhéanann ceiliúradh ar shaol agus ar scéalta na ndaoine scothaosta i gContae Laoise. Tá saothair ó ealaíontóirí áitiúla le feiceáil sa taispeántas iontach seo: Bronagh Conroy, Aishling Hennessy, Ray Murphy, Kevin McCann, Mike Rafter, Pauline Conroy, Antoinette Breen, Kate Deegan, Allen Scully, agus Mark Fisher agus tá sé mar chuid de thionscnamh Éire Ildánach Laoise – An Chruthaitheacht i measc Daoine Níos Sine 2022.

I Ros Comáin beidh comhdháil ar siúl chun comóradh a dhéanamh ar shaol agus ar shaothair an ealaíontóra a bhfuil cáil idirnáisiúnta air agus a rugadh i Ros Comáin, Roderic O’Conor. Tá cuireadh á thabhairt duit cuairt a thabhairt ar Ionad Ealaíon Ros Comáin chun saothar iontach duine de na healaíontóirí is cáiliúla dá bhfuil againn a fheiceáil duit féin.

Agus le haghaidh rud éigin difriúil ar fad, i dTamhlacht, cuirfidh NOISE Music taispeántas i láthair ar an saothar atá cruthaithe ag mná óga atá ina DJanna agus iad ag obair i rith an tsamhraidh le DJ Mona Lxsa ó Gxrl Code, leis an rapálaí Alica Raye agus an t-amhránaí- scríbhneoir amhrán Aisling Moore (AIS ar a dtugtar uirthi freisin) chomh maith leis an amharc-ealaíontóir Kathrina Rupit, ar a dtugtar kinm freisin, chun a scileanna rap/hip-hop / a scileanna Léirithe agus a scileanna mar DJanna a fhorbairt.

B'fhéidir go dtaitneodh seo leat…

Stay up to date

×