Skip to main content
Creative Communities Crawford Gallery


Nuacht

Cumasóirí eispéireas cultúir agus cruthaitheach

Seolann na hÚdaráis Áitiúla 31 Straitéis Cultúir agus Cruthaitheachta a bhfuil sé d’aidhm leo pobail chruthaitheacha bheoga a chothú ar fud na tíre.

Agus infheistíocht á déanamh in éiteas cruthaitheach na bpobal aonair ar fud na hÉireann agus tacaíocht á tabhairt dó, d’fhorbair líonra Sainfhoirne Cruthaitheachta díograiseacha Straitéisí Cultúir agus Cruthaitheachta uaillmhianacha saincheaptha i gcomhair 2018-2022 laistigh de 31 Údarás Áitiúil na tíre. D’oibrigh na foirne tiomanta sin i gcomhar le healaíontóirí, cruthaitheoirí, eagraíochtaí cultúrtha agus oidhreachta, grúpaí pobail, tionscail chruthaitheacha, ionaid oideachais agus scoileanna, chun plean gach ceantair áitiúil a shaincheapadh.

Sheol an Taoiseach Leo Varadkar TD, an tAire Cultúir, Oidhreachta, agus Gaeltachta Josepha Madigan TD., agus an tAire, Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil Eoghan Murphy TD na straitéisí spreagtha cúig bliana inniu. Agus ról ríthábhachtach na nÚdarás Áitiúil i gClár Éire Ildánach, á mholadh aige, dúirt an Taoiseach:

“Téann bhur gcuid oibre ó cuireadh an Clár ar bun i bhfad níos faide ná an chuid mhór tionscadal agus tionscnamh iontach atá cruthaithe agaibh. Go deimhin, tugadh ról fíorthábhachtach ár nÚdarás Áitiúil chun suntais in bhur gcuid oibre, mar sholáthraithe agus mar chumasóirí eispéireas cultúir agus cruthaitheach, mar aon leis na hiarmhairtí ríthábhachtacha sóisialta, agus eacnamaíocha go deimhin, a thagann ina dhiaidh sin.”

Agus níos mó aitheantais tugtha anois do na healaíona agus d’iarrachtaí cruthaitheacha nár mar a tugadh riamh roimhe mar rud atá ríthábhachtach d’fhás na sochaí agus an phobail, le straitéisí mar sin feicfear na hiarrachtaí cruthaitheacha faoi bhláth i ngach ceantar. Agus comhar agus cuspóir comhroinnte ag croílár Chlár Éire Ildánach, soláthraítear deiseanna bríocha do dhaoine agus dá bpobail i ngach straitéis, i dteannta le gach Údarás Áitiúil, chun sochaí chruthaitheach a fhorbairt agus a chothú.

Áirítear ar chuid den saibhreas tionscnamh a fuair tús áite go díreach faoi na Straitéisí Cruthaitheachta agus Cultúir sin, Citizen Scientist Chill Dara ina ndéanann baill d’Ionad John Sullivan/Cumann Cathaoireacha Rothaí na hÉireann, Claonadh, an flóra agus an fána i ngairdín bithéagsúlachta an ionaid a iniúchadh, a thaifeadadh agus a sceitseáil; agus in If I Fall i mBaile Átha Cliath Theas tugtar dúshlán ar léiriú diúltach Thamhlachta, ar dhamhsa agus fearúlacht trí chomhoibriú Rua Red, Ionad Ealaíon Átha Cliath Theas, The Civic Theatre agus an iar-Throdaí UFC Paddy Holohan.

gCiarraí, cuideoidh Clár Forbartha na hEarnála Cruthaithí le cleachtóirí cruthaitheacha a saothar a chur ar an margadh agus cuidiú le deiseanna áitiúla, náisiúnta agus idirnáisiúnta a fháil; le tionscnamh SkillsXChange na hIarmhí spreagfar comhroinnt saineolais agus nuálaíochta i scileanna ceardaíochta agus ceardaithe idir dídeanaithe na Siria agus pobal Mhuileann gCearr; agus i Muineachán tá Campa Spraoi. Cuirfidh an campa blaiseadh den Ghaeltacht ar fáil i Muineachán. Gheobhaidh rannpháirtithe an champa léiriú ar shaol iomlán trí Ghaeilge – trí cheol, ealaíon, spórt, amhránaíocht, damhsa agus drámaíocht.

Tá ról tábhachtach ag 31 Údarás Áitiúil na hÉireann maidir le deiseanna a chruthú dúinne mar shaoránaigh chun páirt iomlán a ghlacadh i saol cruthaitheach agus cultúir ár bpobal.

B'fhéidir go dtaitneodh seo leat…

Stay up to date

×