Skip to main content


Nuacht

€200,000 chun tacú le scríbhneoirí, ceoltóirí, amharc-ealaíontóirí, damhsóirí, scéalaithe, lucht amharclainne agus scannán atá ina gcónaí sa Ghaeltacht.

Scroll
3 min read

€200,000 chun tacú le scríbhneoirí, ceoltóirí, amharc-ealaíontóirí, damhsóirí, scéalaithe, lucht amharclainne agus scannán atá ina gcónaí sa Ghaeltacht.

3 min read

12/10/20

€200,000 chun tacú le scríbhneoirí, ceoltóirí, amharc-ealaíontóirí, damhsóirí, scéalaithe, lucht amharclainne agus scannán atá ina gcónaí sa Ghaeltacht.

Mar thoradh ar an maoiniú breise faoin gClár Éire Ildánach i mbliana, tá ar chumas Ealaín na Gaeltachta tacú le 57 scríbhneoir, ceoltóir, amharc-ealaíontóir, damhsóir, scéalaí, lucht amharclainne agus scannán atá ina gcónaí sa Ghaeltacht.

Tá €200,000 bronnta ag an gClár Éire Ildánach mar chuid de Phacáiste Spreagtha Post mhí Iúil chun méadú suntasach a chur ar líon na ndámhachtana faoin Scéim Sparánachta a chuirtear ar fáil d’ealaíontóirí sa Ghaeltacht chun saothair nua a chruthú, tabhairt faoi thaighde, a gcleachtas a fhorbairt agus, nuair is féidir, tabhairt faoi chónaitheachtaí.

“’Táim fíorbhuíoch d’Ealaín na Gaeltachta agus Éire Ildánach as an sparánacht seo. Is deis iontach dom féin go pearsanta é le ham a chur go leataobh chun tabhairt faoi scríbhneoireacht scripte. Mar aisteoir, is minic a shantaíonn tú script a scríobh. Beidh mé in ann an fhís sin a fhíorú anois mar gheall ar an tacaíocht agus an spreagadh atá ar fáil ó Ealaín na Gaeltachta agus Éire Ildánach. Dónall Ó hÉalaí, aisteoir atá ainmnithe do ghradam IFTA.

Le scór bliain anuas tá tacaíocht tugtha ag an Scéim Sparánachta de chuid Ealaín na Gaeltachta, le cabhair ón gComhairle Ealaíon agus Údarás na Gaeltachta, do suas le 20 ealaíontóir gach bliain chun deis a thabhairt dóibh am a chaitheamh ag forbairt a gcleachtais.  Beidh 37 ealaíontóirí eile in ann leas a bhaint as na sparánachtaí seo i mbliana de bharr an mhaoinithe bhreise atá curtha ar fáil ag Éire Ildánach.

Micheál Ó Fearraigh, feidhmeannach forbartha Ealaín na Gaeltachta

“Gan ealaíontóirí, ní bheidh aon ealaíon ann. Tá tuiscint mhór againn ar an tábhacht atá leis na healaíona i saol na Gaeltachta"

Ciallaíonn sé seo go mbeidh ealaíontóirí ar nós an ceoltóir Manus Lunny in ann tionscadal a fhorbairt in ómós don scríbhneoir Edna O’Brien agus an ceangal atá aici le Gaeltacht Dhún na nGall. Ciallaíonn sé freisin go mbeidh an damhsóir agus cóiréagrafaí ó Chléire, Ruairí Ó Donnabháin ábalta oibriú leis an órchéardaí Helle Helsner ar phíosa damhsa a nascann gluaiseacht agus miotail lómhara.

Ag trácht di ar an maoiniú breise dúirt an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin T.D.: “Is mór an pléisiúr dom go bhfuil an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán ábalta tacaíocht bhreise a chur ar fáil do na healaíontóirí iontacha atá ag obair thrí mheán na Gaeilge. Ábhar spreagtha cinnte iad na tionscadail agus is léiriú iad ar an bhfís ar leith atá acu. Is seod ríluachmhar an teanga agus ní mór meas a bheith orthusan atá ag obair trí mheán na Gaeilge agus tacaíocht a thabhairt dóibh.”

Chuir Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit na Gaeltachta agus an Spóirt, Jack Chambers T.D., fáilte roimh an tionscnamh freisin mar léiriú ar thiomantas an Rialtais d’fhorbairt na n-ealaíon sa Ghaeltacht faoi réir a bhfuil geallta sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030.

Dúirt an tAire Chambers: “Tá na healaíona cruthaitheacha ar cheann de na hearnálacha is mó atá buailte ag COVID-19, agus an Ghaeltacht is mó a bhfuil tionchar aige uirthi agus mar sin tá tábhacht ar leith ag baint leis na sparánachtaí seo agus iad tráthúil go leor. Tá na healaíontóirí seo ag déanamh obair den scoth le linn tréimhse achrannach. Is infheistíocht an maoiniú seo i gcaomhnú agus i gcur chun cinn na Gaeilge agus chultúr na hÉireann tráth a bhfuil na healaíona ag teastáil go leor chun meanma na tíre a ardú.

Tá liosta iomlán de na daoine a fuair dámhachtain Ealaín na Gaeltachta le fáil anseo.

Stay up to date

×