Skip to main content
Young Pipers


Nuacht

Athbheochan na Gaeilge le sonrú ar fud an domhain mhóir

Agus gan fágtha de Bhliain na Gaeilge ach ceithre mhí, conas a léireoidh tú suim sa teanga bheo?

Ar Oíche Chinn Bliana 2018, craoladh an clár teilifíse Fáilte 2018 beo ar TG4 chun Bliain na Gaeilge a sheoladh. Bhreathnaigh 230,000 ar an seó a sheol clár imeachtaí agus gníomhaíochtaí cruthaitheacha ealaíonta agus pobalbhunaithe a mhairfeadh bliain agus a bhfuil sé mar aidhm leis muid a spreagadh chun ár dteanga speisialta spleodrach a chomóradh agus a úsáid. Bíodh sé i gceist againn bealach nua spraíúil a aimsiú chun an Ghaeilge a úsáid gach lá nó snas a chur ar an gcúpla focal atá againn le go mbeimid in ann comhrá beag a dhéanamh le cairde, tugadh deis d’Éireannaigh agus lucht na Gaeilge ar fud an domhain machnamh a dhéanamh ar láidreacht agus ar áilleacht na Gaeilge.

Ó seoladh Bliain na Gaeilge, ghlac ní ba mhó ná 300 grúpa – lena n-áirítear FAI, IRFU agus Festival Republic – páirt sa chlár agus bhí an haischlib #Gaeilge2018 a bhfaca oiread agus 12.2 milliún úsáideoir ar na meáin shóisialta é go dtí seo, le feiceáil in +30 tír ar fud na gcúig ilchríoch.

Anois, agus beagáinín le cois na gceithre mhí fágtha de chlár Bhliain na Gaeilge 2018, tá roinnt mhaith bealaí ann chun úsáid a bhaint as an nGaeilge ar bhealach nua-aimseartha.

I mí Mheán Fómhair agus i mí Dheireadh Fómhair, bí i lár an aonaigh i gCo. na Mí ag Tóstal na bhFiann, an t-imeacht Gaeilge is mó don aos óg sa tír, bain taitneamh as ceardlann chócaireachta i gCo. Chiarraí, nó déan comóradh ar ról na mban san athbheochan 125 bliain ó shin ag oíche cainteanna agus gradam i gCo. an Dúin. D’fhéadfá leagan speisialta Gaeilge den dráma álainn ‘Walking Man’ le Jody O’ Neill a fheiceáil i Leabharlann Dún Laoghaire nuair a rachaidh sé ar camchuairt chuig Féile na dTeaghlach, tabhair aghaidh ar Ghaillimh d’Fhéile Chlub Leabhar Chois Fharraige chun deireadh seachtaine a chaitheamh ag ceiliúradh litríocht bheo na Gaeltachta nó bailigh cóip de CEOL 2018. Cuirfear an t-albam amach i mí Mheán Fómhair go speisialta chun ceiliúradh a dhéanamh ar Bhliain na Gaeilge agus tabharfar cóip den albam, a bhfuil ceoltóirí éagsúla ar nós Picture This, Wheatus agus tuilleadh nach iad le cloisteáil air, do gach scoláire meánscoile sa tír.

I gcás scoileanna na tíre, beidh deis ag na scoláirí ceiliúradh a dhéanamh ar Bhliain na Gaeilge trí imeachtaí speisialta amhail Comhrá ’18 i mí Dheireadh Fómhair, iarracht idirnáisiúnta curiarracht dhomhanda as an gcomhrá Gaeilge a faide riamh a bhaint amach.

I mí na Samhna cuirfear tús go hidirnáisiúnta le Gaeilge 24, dúshlán speisialta do Ghaeilgeoirí ar fud an domhain nuair nach labhraíonn siad ach an Ghaeilge ar feadh 24 uair. I Luimneach, cuirfidh an fuirseoir iomráiteach Áine Gallagher an seó dátheangach Making Sense a rinne sí den chéad uair ag Féile Imill Dhún Éideann i láthair ar feadh aon oíche amháin; i mBaile Átha Cliath, cuirfidh Cúpla Focal i gcomhar le TechSpace duais speisialta ar fáil don fhís is cruthaithí trí mheán na Gaeilge ag an Creative Tech Fest in Google Foundry, agus i gCo. Mhaigh Eo, beidh tú in ann sult a bhaint as na babhtaí cáilithe d’Oireachtas Rince na Cruinne 2019.

Téigh chuig cúirt filíocht i gCorcaigh (atá á reáchtáil i Múscraí ó 1925) i mí na Nollag, nó tabhair cuairt ar ‘dhánta físiúla’ ag láithreacha éagsúla ar fud na tíre don imeacht filíochta REIC a mbíonn an-tóir air.

I gcás scoileanna na tíre, beidh deis ag na scoláirí ceiliúradh a dhéanamh ar Bhliain na Gaeilge trí imeachtaí speisialta amhail Comhrá ’18 i mí Dheireadh Fómhair, iarracht idirnáisiúnta curiarracht dhomhanda as an gcomhrá Gaeilge is faide riamh a bhaint amach agus tríd an gcomórtas Gaelfhíseán na Bliana, ina n-iarrtar ar scoláirí físeán ceoil a dhéanamh d’amhrán as Gaeilge, agus duais €1,000 don bhuaiteoir i ngach contae.

Cuirfear Bliain na Gaeilge os comhair an phobail ag roinnt féilte náisiúnta agus idirnáisiúnta idir seo agus deireadh na bliana freisin agus beidh gnéithe Gaeilge le feiceáil mar chuid den Oíche ChultúirFéile Ealaíon ChaisilNew York Film Festival agus an Phicnic Leictreach, mar a mbeidh tú in ann thú féin a thumadh sa Ghaeilge agus sa cheol Éireannach gach oíche óna 7 pm ag stáitse Hazel Wood, agus do phuball a chur in airde sa láthair champála Gaeltachta. Agus leithéidí Liam O Connor, Scannal agus Seo Linn ag dul chun stáitse, ní raibh an oiread sin spraoi ann riamh maidir leis an nGaeilge a chur chun cinn i réimse na healaíne, an cheoil agus an chultúir in Éirinn.

Agus an méid sin rudaí ag tarlú idir seo agus mí na Nollag, bainfidh gach duine sult as imeacht éigin a bheidh ar siúl mar chuid de Bhliain na Gaeilge.

Féach ar an gclár anseo nó téigh chuig Bliain na Gaeilge 2018.

B'fhéidir go dtaitneodh seo leat…

Stay up to date

×