Skip to main content


Nuacht

Féile Gearrscannán Still Voices an 5 - 7 Samhain

Scroll
min read

Féile Gearrscannán Still Voices an 5 - 7 Samhain

min read

22/10/21

Féile Gearrscannán Still Voices an 5 - 7 Samhain

Tá an-áthas ar Fhéile Gearrscannán Still Voices i gcomhar le hÉire Ildánach clár iomlán a fhógairt d'fhéile na bliana seo a bheidh ar siúl ón 5 - 7 Samhain, féile speisialta hibrideach chun cúig bliana den fhéile a bheith ar an bhfód a cheiliúradh. Is fada linn go mbeimid ag cur fáilte roimh lucht féachana beo arís chun ceiliúradh a dhéanamh ar gach a mbaineann le scannáin!

Cé go bhfuil an fhéile lonnaithe i mBaile Uí Mhatháin fós – an áit ar rugadh an sárscríbhneoir Oliver Goldsmith – de réir mar a d’fhás an fhéile, leathnaíodh amach í chuig ionaid níos mó ar fud an Longfoirt, na hIarmhí agus Ros Comáin.

Beidh go leor leor imeachtaí ar siúl ag féile na bliana seo agus tá sceideal iontach de scoth na ngearrscannán leagtha amach, a mbeidh fáil orthu ar an láthair agus ar líne araon i rith dheireadh seachtaine na féile.

Chun ceiliúradh a dhéanamh ar chothrom an lae a bunaíodh an fhéile cúig bliana ó shin, tá ríméad ar Still Voices fáilte a chur roimh an stiúrthóir scannán mór le rá Terence Davies chuig lár na tíre i gcomhair taispeáint speisialta dá mhórshaothar ón mbliain 1988, ‘Distant Voices, Still Lives’, óna bhfuair an fhéile an t-ainm atá uirthi.  Beidh an t-imeacht seo ar siúl ar an láthair ar an 5 Samhain ag 8pm in Amharclann Dean Crowe, Baile Átha Luain, agus an lá dar gcionn, beidh Davies ag déanamh máistir-rang stiúrtha in éineacht leis an scannánóir iomráiteach Éireannach Pat Collins sa Backstage Theatre, an Longfort. Pléifidh Davies agus Collins scannánliosta fada, éagsúil an scannánóra, a stíl scannánóireachta agus an chéadfacht ar leith atá aige.

Beidh na taispeáintí atá oiriúnach do theaghlaigh, a mbíonn an-tóir orthu, agus ceardlann bheochana do leanaí ar siúl arís freisin, mar aon le painéil saineolaithe ón tionscal, atá ina ngné thábhachtach den fhéile do scannánóirí seanbhunaithe agus scannánóirí atá ag teacht i gcrann araon.

Reáchtálfar plé thar a bheith spéisiúil ar an 7 Samhain i Leabharlann Pobail Bhaile Uí Mhatháin maidir leis na dúshláin a bhaineann le gairm sna healaíona a bhaint amach, i dteannta triúr ealaíontóirí as an Longfort, Michael Keegan-Dolan, Karen McGann, agus John Connell. Is í Dani Gill, file as an Longfort, a dhéanfaidh modhnóireacht ar an imeacht seo.

 

B'fhéidir go dtaitneodh seo leat…

Stay up to date

×