Skip to main content


Nuacht

Finscéalta & Miotais a Iniúchadh

Scroll
min read

Finscéalta & Miotais a Iniúchadh

min read

1/09/22

Finscéalta & Miotais a Iniúchadh

Tá seanchas ar cheann de na cineálacha gníomhaíochta drámatúla samhlaíche is simplí agus is tarraingtí, a chuireann ar chumas pobal domhain shamhalta a chruthú agus a athchruthú.

I mí Bealtaine 2022, chuaigh múinteoir drámaíochta agus scríbhneoir Eve Li agus ealaíontóir Leanne McLaughlin i mbun taiscéalaíochta ar chúrsaí seanchais, drámaíochta agus ealaíne. Tharraing siad isteach grúpa 12 duine óg as cúlraí mionlaigh eitnigh san obair seo, lena n-áirítear daoine óga a bhfuil cónaí orthu in Ionaid Soláthair Dhírigh agus daoine óga ón bpobal Éireannach.

Is iad na daoine óga a stiúir an malartú cultúir, is iadsan a roghnaigh na scéalta a bhí le roinnt, iadsan a chuir taibhithe le chéile, agus iadsan a phéinteáil amharcfhreagairtí mar chúlra do na taibhithe. Rinneadh taifeadadh den imeacht, agus cuireadh na scéalta i láthair ar líne do Chruinniú na nÓg 2022.

Mar chuid den imeacht seo, arbh imeacht de chuid Éire Ildánach é, ghlac daoine óga idir 12-18 mbliana d’aois páirt i gceardlann spraíúil ghníomhach 2 lá in Ionad Pobail Leitir Ceanainn, ina ndearna siad iniúchadh ar laochra, bithiúnaigh, déithe agus bandéithe agus neacha éagsúla as na miotais agus finscéalta tábhachtacha óna gcúlraí cultúir féin. Tugadh deis leis an imeacht seo freisin cairdeas a chothú, smaointe a mhalartú agus cineálacha bia as réimse cúlraí eitneacha a bhlaiseadh.

Le Straitéis Chultúir agus Chruthaitheachta Dhún na nGall, cuirtear luach ar chomhoibriú, cumarsáid, pobal, rannpháirtíocht, ionchuimsitheacht agus cumhachtú, agus tá na luachanna sin go léir mar chuid den tionscadal seo. Trí oidhreacht an phobail ar fad in éineacht a cheiliúradh, cruthaítear mórtas áite, athdhearbhaítear an tuiscint atá againn ar ár bhféiniúlacht, neartaítear carachtar bailte agus sráidbhailte na tíre agus tarraingítear isteach daoine de gach aois. Is fíor sin go háirithe sa chás go bhfuil pobail nua á n-imeascadh i mbailte agus sráidbhailte na tíre, áit ar cheart glacadh go fonnmhar le cosúlachtaí idir daoine.

Tá an t-imeacht seo ina léiriú ar ghníomhartha a leagtar amach i Straitéis um Chuimsiú Daoine Gorma agus Mionlach Eitneach i gContae Dhún na nGall 2021-2026 freisin, a bhfuil sé mar aidhm léi tacú le caidreamh agus teagmháil fhónta idir pobail, agus le caidreamh agus teagmháil fhónta idir pobail a chumasú chomh maith. Trí leas a bhaint as cruthaitheacht agus cultúr, chuir Éire Ildánach ar chumas pobail nua agus pobail a bhí ann cheana teagmháil a dhéanamh le daoine óga as cúlraí ilchineálacha, chuir sí ar a gcumas tacú leis na daoine óga sin agus caidrimh a chothú leo, agus trí sin, cuireadh chun cinn mórtas áite comhroinne.

Exploring Legends & Myths Through Storytelling, Drama and Art Cruinniú na nÓg 2022

Open Video

B'fhéidir go dtaitneodh seo leat…

Stay up to date

×