Skip to main content
The Smithsonian, Washington DC


Nuacht

Seimineár gréasáin: Chomhaltachtaí Iarsmalainne & Gradaim Comhaltachtaí Gairmiúla Fulbright Éire Ildánach

Scroll
0 min read

Seimineár gréasáin: Chomhaltachtaí Iarsmalainne & Gradaim Comhaltachtaí Gairmiúla Fulbright Éire Ildánach

0 min read

5/09/22

Seimineár gréasáin: Chomhaltachtaí Iarsmalainne & Gradaim Comhaltachtaí Gairmiúla Fulbright Éire Ildánach

Sheol Clár Éire Ildánach agus an Coimisiún Fulbright in Éirinn Comhaltachtaí Iarsmalainne Fulbright Éire Ildánach sa bhliain 2018. 

Tá an Smithsonian Institution (atá comhdhéanta de 17 iarsmalann agus dánlann), an Harry Ransom Center in Austin, Texas agus an Exploratorium in San Francisco ina n-iarsmalanna rannpháirteacha. Ó shin i leith tá socrúcháin luachmhara déanta ag roinnt iarrthóirí atá i mbun staidéar ar a gcuid PhDanna sna hiarsmalanna mór le rá Meiriceánacha sin.

Sa bhliain 2019, chomhaontaigh an Coimisiún Fulbright agus Clár Éire Ildánach Gradaim Comhaltachtaí Gairmiúla Fulbright agus Éire Ildánach a sheoladh chun go mbeadh daoine gairmiúla a bhfuil taithí acu san earnáil chultúir agus chruthaitheach, ach a bhféadfadh sé nach bhfuil baint acu le hobair acadúil, in ann páirt a ghlacadh. Is chun a chinntiú go mbaineann níos mó daoine ón earnáil chultúir agus chruthaitheach leas as an gClár Fulbright a rinneadh sin.

Tá an deis ar leith seo níos solúbtha ná na comhaltachtaí a bhíonn bunaithe in iarsmalanna. Ní gá go mbeadh baint ag na hiarratasóirí le hoideachas dochtúireachta agus ní bhaineann sé le forais fhorordaithe sna SA amháin. Beidh ar iarratasóirí socrúcháin a aimsiú is fearr a shásaíonn a gcuid riachtanas ina ndaoine gairmiúla san earnáil chultúir agus chruthaitheach dar leo agus a shásaíonn a n-uaillmhianta ina gcleachtas faoi seach. Tabharfaidh gradam Exploratorium deis d’iarratasóirí Léinn, i.e. iadsan a bhfuil PhD acu, taighde a dhéanamh san iarsmalann.

Seimineár Gréasáin

Bronnfar trí Chomhaltacht Iarsmalainne Fulbright Éire Ildánach agus bronnfar suas le dhá ghradam faoi Chomhaltacht Ghairmiúil Fulbright Éire Ildánach i mbabhta iarratais na bliana seo. Chun a chinntiú go bhfuil an t-eolas ar fad atá uait agat tugtar cuireadh duit freastal ar sheimineár gréasáin ag 1pm ar an 29 Meán Fómhair 2022.

Beidh ionadaithe ó Choimisiún Fulbright in Éirinn agus ó Chlár Éire Ildánach ag freastal ar an seimineár gréasáin a thabharfaidh achoimre ar an mbealach le rath a bheith ort ag an gcéim iarratais. Beidh seisiún ceisteanna agus freagraí ar siúl i ndiaidh an chuir i láthair. Fógrófar aoichainteoir go luath.

 

Is féidir iarratas a dhéanamh ar Chomhaltachtaí Fulbright agus Éire Ildánach anois go dtí 4pm ar an 27 Deireadh Fómhair 2022.

Seimineár Gréasáin

1pm ar an 29 Meán Fómhair 2022.

Cláraigh: Is féidir nasc clárúcháin an tseimineáir gréasáin a fháil anseo.

Stay up to date

×