Skip to main content
DesignWorks, Galway City


Nuacht

Designworks Galway

Déantar ceiliúradh le togra nuála Designworks Galway ar an nGnó, ar an Dearthóireacht agus ar an Ealaín. Tugtar cúig cinn de chomhlachtaí móra de chuid na Gaillimhe le chéile faoin togra le cúigear den lucht cruthaitheachta, ceapadóireachta agus dearthóireachta ionas go gcuirtear athrú iomlán ar an tuairimíocht maidir le próiseas na dearthóireachta.

Tá cúig cinn de shaothair nua ealaíne cruthaithe dá bharr.  Fuair an dearthóir scairfeanna Niamh Daniels spreagadh ó Genesys, chruthaigh an t-ealaíontóir Tommy Carew saothar as píosa adhmaid do Mathworks, thaisteal an dearthóir cré-earraí Tatiana Dobos bealach cruthaitheachta le MetLife, shocraigh an t-ealaíontóir Eva Lynch ar shaothar dealbhadóireachta le Smartbear agus scrúdaigh Finbar McHugh a bhfuil i gceist leis an dearadh ar chluichí idirlín le EA Games.

Dúirt Ricky Conneely, Bainisteoir Gníomhach an IDA maidir le Forbairt Gnó Réigiúnach, “Is ábhar ríméid againn oibriú i bpáirt leis an Oifig Fiontraíochta Áitiúil i nGaillimh agus le hÉire Ildánach maidir leis an togra píolótach seo trína nasctar dearthóirí áitiúla le comhlachtaí cliaint de chuid an IDA i nGaillimh.  Is sármhaith an tionscnamh é trína gcruthaítear deis cineálacha nua sineirge a chruthú idir earnáil thréan na cruthaitheachta in iarthar na hÉireann agus earnáil an ghnó atá chomh tréan céanna”.  Tá cur chuige faoi leith i gceist leis an gcomhar idir an lucht tionsclaíochta agus na healaíontóirí.  D’fhreastail na sluaite ar an ócáid sheolta maidir le DesignWorks i nGaillimh.

B'fhéidir go dtaitneodh seo leat…

Stay up to date

×