Skip to main content


Nuacht

Imaginative Springs

Scroll
min read

Imaginative Springs

min read

21/10/22

Imaginative Springs

Comhar filíochta trasteorann arna chur i láthair ag Seamus Heaney HomePlace agus Yeats Society Sligo

Sraith imeachtaí atá i gceist le Imaginative Springs trína bhféachtar le leas a bhaint as cumhacht na filíochta agus glórtha na bhfilí chun an ceangal caidrimh trasteorann a dhaingniú.  Téitear i ngleic san fhilíocht le réimsí deacrachta agus le réimsí ceangail in áiteanna a bhfuil ceangal tréan eatarthu cheana féin ó thaobh cúrsaí staire agus oidhreachta.  Is féidir linn cíoradh a dhéanamh in éineacht, trí imeachtaí den sórt seo, ar an oidhreacht cultúir agus fónamh do chomhthuiscint nua a thabhairt chun cinn.  Ar na pearsaí iomráiteacha a bheidh páirteach, tá Victoria Kennefick, Stephen Sexton, Kevin Power agus Gail McConnell.

Tá roinnt de shaothar filíochta na mórfhilí ar bronnadh duais Nobel orthu, WB Yeats agus Séamus Heaney, roghnaithe acu in éineacht agus beidh sin á chur i láthair agus á phlé le daoine den phobal an dá thaobh den teorainn.

Cuideoidh an comhrá agus aithris na ndánta ag beirt sháraisteoirí, Bríd Brennan agus Bob Kelly, leis an gceangal idir an dá phobal a léiriú agus an fiúntas agus an treise a ghabhann leis an gceangal sin a thuiscint.  Téann an fhilíocht i bhfeidhm ar dhaoine ar bhealaí éagsúla ach is féidir dánta a úsáid mar bhealach dlúth socair chun comhrá a spreagadh agus a chothú.

Dé Máirt, an 25 Deireadh Fómhair – Plé ar Shéamus Heaney le Stephen Sexton agus Gail McConnell – via Zoom

Dé Céadaoin, an 26 Deireadh Fómhair – Plé ar WB Yeats le Victoria Kennefick agus Kevin Power – via Zoom

Dé hAoine, an 28 Deireadh Fómhair – léamh beo ag  Seamus Heaney HomePlace agus Yeats Society Sligo

Tá comhaltaí boird agus lucht bainistíochta Seamus Heaney HomePlace agus Yeats Society Sligo tugtha do phobal cultúir a chothú a eascróidh ó na himeachtaí seo agus a spreagfaidh malartú eolais, tuairimí agus tuisceana faoi réimse oiriúnach ábhair gach bliain nó dhó.

 

B'fhéidir go dtaitneodh seo leat…

Stay up to date

×