Skip to main content
National Gallery Interior


Nuacht

Infheistíocht €1.2 billiún i gcultúr, i dteanga agus in oidhreacht fógartha ag fóram speisialta

Táthar tar éis sonraí a fhógairt maidir le plean infheistíochta caipitil inár gcultúr, inár dteanga agus inár n-oidhreacht ag fóram speisialta a tionóladh i nGailearaí Náisiúnta na hÉireann.

Tá leagtha amach sa phlean deich mbliana, ‘Infheistíocht inár gCultúr, inár dTeanga agus inár nOidhreacht 2018 – 2027’ tiomantas an Rialtais i dtaca le hinfheistíocht chaipitil €1.2 billiún arb é is aidhm léi bonn daingean infreastruchtúir a chur faoinár gcuid mianaidhmeanna dár gcultúr agus dár gcruthaitheacht.

I gcomhréir leis an gClár Éire Ildánach, aithnítear leis an bplean úr, atá mar chuid den Tionscadal Éireann 2040, an tábhacht atá le hinfreastruchtúr ardchaighdeáin le hearnálacha bríomhara cultúir agus oidhreachta a chothú. Aithnítear chomh maith go bhfuil infheistíocht san oidhreacht chultúrtha againn mar bhonn agus mar thaca faoi fhás láidir inbhuanaithe eacnamaíochta.

Sonraítear in ‘Infheistíocht inár gCultúr, inár dTeanga agus inár nOidhreacht 2018 – 2027’ na tosaíochtaí straitéiseacha ardleibhéil infheistíochta don Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta don chéad deich mbliana eile atá amach romhainn, mar a bhfuil ceithre thosaíocht infheistíochta sainaitheanta:

 

–           Clár Infheistíochta na bhForas Cultúir Náisiúnta – €460 milliún

–           Clár infheistíochta Cultúir agus Cruthaitheachta – €265 milliún

–           Clár infheistíochta Oidhreachta – €285 milliún

–           Gaeilge, an Ghaeltacht agus na hOileáin – €178 milliún

 

Cabhróidh an plean cuimsitheach seo chun Éire a chur chun cinn agus a cheiliúradh mar lárionad cultúir agus cruthaitheachta, mar a bhfuil oidhreacht shaibhir nádúrtha agus thógtha, agus áit dhúchais do cheann de na teangacha is sine agus is saibhre san Eoraip.

Ag labhairt dó ag fóram an lae inniu, dúirt an Taoiseach: “Tá i bhfad níos mó i gceist leis an bplean infheistíochta seo ná institiúidí cultúir, bithéagsúlacht agus bailiúcháin. Is dúshlán é seo dúinn a thugann orainn smaoineamh ar an gciall atá le cultúr agus oidhreacht san 21ú haois. Tugann sé orainn smaoineamh ar an gcaoi a gcuirimid tírdhreach cultúir agus oidhreachta ar fáil a fhreagraíonn do riachtanais ár gcuid pobal, atá ag teacht leis na hacmhainní reatha atá againn, d’fhonn éiceachóras a chomhlánú a bheidh insroichte, fáilteach, freagrúil, dinimiciúil agus fréamhaithe go domhain sa tsochaí againn.”

Ag labhairt di ag an imeacht chomh maith, dúirt an tAire Josepha Madigan: “Déanfaidh an leibhéal seo infheistíochta ár n-infreastruchtúr cultúir agus oidhreachta a athrú ó bhun. Is ráiteas tábhachtach é freisin don ghlúin seo agus do na glúine a thiocfaidh inár ndiaidh: is rudaí bunúsacha iad ár gcultúr, ár n-oidhreacht agus ár dteanga i saol an uile dhuine againn.  Bíonn tionchar acu ar ár n-oideachas, ar ár gcuid foirgneamh poiblí agus ar ár gcuid spásanna poiblí. Téann siad i bhfeidhm ar an gcaidreamh idir an saoránach agus an Stát agus ar an gcaidreamh a bhíonn idir saoránaigh i leith a chéile.”

Áirítear, ar chuid den infheistíocht atá luaite sa phlean:

 

  • Infheistíocht €460 milliún i bhForais Chultúir Náisiúnta amhail Gailearaí Náisiúnta na hÉireann, Leabharlann Chester Beatty, ArdMhúsaem na hÉireann, Áiléar Crawford, an Chartlann Náisiúnta agus go leor eile nach iad.

 

  • Féachfar chuige, le clár infheistíochta náisiúnta digitithe €10 milliún, go ndéanfar gach bailiúchán náisiúnta a dhigitiú le linn thréimhse an phlean, rud a thacóidh le caomhnú, buanú agus craobhscaoileadh na mbailiúchán náisiúnta.

 

  • Infheistíocht €50 milliún inár gcuid páirceanna náisiúnta, lena náireofar máistirphlean a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm le haghaidh fhorbairt Páirceanna Náisiúnta agus Anaclann Dúlra, rud ina gcuimseofar saoráidí feabhsaithe cuairteora don 4 mhilliún cuairteoir a thagann chuig na páirceanna gach bliain m.sh. saoráidí aeraíochta i bPáirc Náisiúnta Chill Áirne, áiseanna feabhsaithe cuairteora ag Páirceanna Náisiúnta Chonamara agus Ghleann Bheatha, léirléamh feabhsaithe ag Páirc na Cúile.

 

  • Infheistíocht €33 milliún i ngníomhartha le tacú leis an bpróiseas pleanála teanga sna Gaeltachtaí. Ar na tionscadail tosaíochta, beidh uasghrádú ar Champais na gColáistí Samhraidh Gaeltachta a rachaidh chun sochair do 26,000 dalta ar bhonn bliantúil, roinnt saoráidí tacaíochta teanga agus cúraim leanaí a chur ar fáil i gceantair Pleanála Teanga Gaeltachta agus oifigí úra comharchumainn agus saoráidí pobail a thógáil in Inis Meáin, Árann.

 

  • Clár infheistíochta €30 milliún ag láithreacha séadchomharthaí náisiúnta ag Brú na Bóinne, an Teamhair, Achaidh Chéide, Cluain Mhic Nóis, Sceilig Mhíchíl, Stáisiún Cáblaí Oileán Dhairbhre agus Carraig Phádraig, i measc áiteanna eile.

I gcuideachta an Aire Madigan ag an seoladh, bhí an tAire Airgeadais & Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, Paschal Donohoe T.D. agus Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán, Joe McHugh T.D.

Léigh an plean ‘Infheistíocht inár gCultúr, inár dTeanga agus inár nOidhreacht 2018 - 2027’ ina iomláine anseo

Investing in our Culture, Language and Heritage 2018 - 2027

Open Video

Stay up to date

×