Skip to main content


Nuacht

Is Cuma le Duine ar Bith (No One Cares)

Scroll
min read

Is Cuma le Duine ar Bith (No One Cares)

min read

22/11/21

Is Cuma le Duine ar Bith (No One Cares)

Is script ghearr é Is Cuma le Duine ar Bith (No One Cares) ina bhfiosraítear na claonachtaí agus cora sochaíocha a bhfuil taithí ag daoine óga nach mbíonn ag cloí le hinscne orthu sa Chabhán. Is le sraith agallamh atá curtha i dtoll a chéile ag déagóirí trasinscneacha agus neamh-dhénártha as Co. an Chabháin a cruthaíodh an script d’fhonn tuiscint a fháil ar an dearcadh atá acusan ar an saol.

Fiosraíonn an insint comhráite bunaithe ar aitheantas inscne agus ceistíonn mar is féidir leis an tsochaí tacú le daoine óga atá ag athrú inscne le go n-aireoidh siad go bhfuil glacadh leo ina bpobal féin. Trí dhul i mbun plé le grúpa beag daoine, an pobal LADTA laistigh den chontae, fiosraíonn an píosa seo a bhfuil i gceist le bheith i do dhuine trasinscneach faoin tuath i gCo. an Chabháin agus an tuiscint atá againn ar inscne agus aitheantas sa timpeallacht sin.
Roinneadh an gearrscannán ar líne mar chuid de chomhpháirtíocht Fhéile Amharclannaíochta Aerach Idirnáisiúnta Bhaile Átha Cliath le Bród Bhaile Átha Cliath i gclár imeachtaí 2021.

B'fhéidir go dtaitneodh seo leat…

Stay up to date

×