Skip to main content


Nuacht

Knitted Together 2022

Scroll
min read

Knitted Together 2022

min read

26/01/22

Knitted Together 2022

Tá Oifig Ealaíon Chomhairle Chontae Chill Chainnigh ag cur an tionscadail Knitted Together ar fáil a chuirfidh ar ár gcumas oibriú le réimse leathan grúpaí agus daoine aonair ar fud an chontae agus níos faide i gcéin, ag díriú ar dhaoine níos sine.

Tá grúpaí agus daoine aonair ag cniotáil agus ag cróiseáil ‘cearnóga Mhamó’ a mbeidh pluideanna sárdhéanta áille lán de dhathanna chomh maith le píosa eile teicstíle mar thoradh orthu.  Le tionscadal na bliana 2022, tá dul chun cinn agus forbairt nádúrtha á déanamh ar thionscadail Knitted Together 2020 agus 2021. D’éirigh thar cionn leis an dá thionscadal agus bhí breis is 400 grúpa agus duine aonair as na glúnta níos sine páirteach iontu ar fud an chontae agus níos faide ó bhaile.

Bliain ar leith speisialta í 2022, mar gheall ar an deis a bhí againn na rannpháirtithe a thabhairt le chéile, ag cur tuilleadh le rannpháirtíocht agus uilechuimsitheacht phobail, mar gurb í an chéad bhliain í den tionscadal a rabhthas ábalta grúpaí agus daoine aonair a thabhairt le chéile le bheith ag cniotáil agus ag cróiseáil gan aon srianta. Tá seacht gcinn de sheisiúin Knitted Together Maker Meet Up á reáchtáil againn faoi láthair ar fud an chontae. Leagadh amach na seisiúin seo chun tacú le rannpháirtithe a bhí páirteach sa tionscadal agus iad a spreagadh agus chun a chinntiú go bhfaigheadh siad deis casadh le daoine, scileanna agus smaointe a roinnt agus sásamh a bhaint as a bheith ag cruthú in éineacht.

Chomh maith leis sin, cuireadh ar ár gcumas in 2022 na tionscadail a bhí againn cheana a athrú agus iad a bhrú chun cinn trí ghné idirghlúine a chur leis chomh maith le Botháin na bhFear a áireamh ann.

Tá na fir ag déanamh stólta áille adhmaid agus déanfar iad a mhaisiú le cúisíní agus clúdaigh chróiseáilte agus chniotáilte. Nuair a bheidh siad críochnaithe, cuirfear na stólta, cúisíní agus pluideanna aoibhne seo ar taispeántas mar chuid d’Oíche Chultúir agus déanfar iad a roinnt ar shiopaí éagsúla carthanais i gCill Chainnigh chun airgead a bhailiú do na carthanais sin.

Táimid ag obair i gcomhar le hIonad Oideachais Chill Chainnigh agus cuirfidh sin ar ár gcumas an traenáil atá de dhíth ó mhúinteoirí a chur ar fáil. Tá na scileanna sin á gcur ar aghaidh anois go dtí na leanaí ina gcuid scoileanna agus tá go leor de na leanaí ag cniotáil sa bhaile anois in éineacht lena dtuismitheoirí agus a seantuismitheoirí, tá cuid acu ag múineadh dá gcuid máithreacha le cniotáil.  Tacaíonn cniotáil agus cróiseáil le réimse leathan scileanna a fhorbairt lena n-áirítear aird, uimhearthacht agus scileanna mínluaileacha agus deaslámhacht.

 

Tá gníomhaíocht an chruthaithe ar ghné sheasmhach sa tionscadal seo, is é sin an bhonnchloch a dtagann go leor fachtóirí dearfacha chun cinn aisti agus a thacaíonn go dearfach le dul in aois trí naisc shóisialta a chruthú, scileanna a mhalartú, treisiú dearfach agus caidrimh. Cé go mbainfear lúcháir as na míreanna críochnaithe agus go mbeidh meas orthu, is ar an bpróiseas atá an bhéim agus ar na tairbhí a mbaintear as.

 

B'fhéidir go dtaitneodh seo leat…

Stay up to date

×