Skip to main content
Aideen McCole IAF


Nuacht

Lean Dearadh na Éireann – ag tabhairt faoi Réimse Nua a Fhiosrú

Scroll
4 min read

Lean Dearadh na Éireann – ag tabhairt faoi Réimse Nua a Fhiosrú

4 min read

16/03/21

Lean Dearadh na Éireann – ag tabhairt faoi Réimse Nua a Fhiosrú

Míníonn an léiritheoir cultúir Aideen McCole, an tábhacht a bhaineann le Cartlann 100 agus leis an togra Lean Dearadh na hÉireann.

“Ó bunaíodh Cartlann 100 -togra ar líne le pobal deartha na Éireann in 2012, — tá muid ag cur dearadh comhaimseartha in Éirinn i láthair agus á phlé le daoine aonair, stiúideonna agus leis na cliaint atá ina bhun. Ó 2010 i leith, mar thoradh ar an nglaoch oscailte a bhíonn againn gach bliain cruthaíodh 100 togra deartha cumarsáide,  a bhí sách maith le cur i gcartlann. Is féidir dearadh cumarsáide do gach bliain agus iad in an-chuid meán, aschur agus comhthéacs a fheiceáil sa bhailiúchán cartlainne, ó phóstaeir le haghaidh oícheanta club go dtí athbhrandáil ar chorparáidí idirnáisiúnta agus ó fhéiniúlacht le haghaidh gnóthaí beaga go dtí feachtais le haghaidh gluaiseachtaí sóisialta ollmhóra.

Mar thoradh ar ár nglaoch oscailte bliantúil tá bailiúchán ar líne ina bhfuil 2,300 togra deartha a rinne na céadta dearthóir fud fad na tíre, chomh maith le lear mór dearthóirí as Éirinn atá ina gcónaí agus ag obair thar lear. Bhailigh muid an-chuid ábhar agus sonraí ach ní raibh am againn riamh breathnú ar an ábhar sin nó nasc a chruthú idir na tograí, na háiteanna agus na daoine éagsúla. Nuair a d’fhógair Clár Éire Ildánach in 2018, go raibh Ciste Náisiúnta Cruthaitheachta acu, thapaigh muid an deis le maoiniú a fháil chun ár mbailiúchán a scrúdú den chéad uair.  Mórthogra taighde agus cumarsáide a bhí ann ar ghlaoigh muid Lean Dearadh na hÉireann air.”

Lean Dearadh na Éireann

Open Video

Tá sé mar sprioc ag Lean Dearadh na hÉireann scéal an dearaidh sa chumarsáid ó bunaíodh an Cartlann 100, a insint. Le cúnamh ón gClár Éire Ildánach, tá scrúdú déanta againn ar na tograí a cuireadh isteach ar mhaithe le léargas a fháil ar chúrsaí deartha in Éirinn: cé atá ag dearadh, cén áit, cé leis, agus cén fáth. Thug muid faoi deara go raibh tionchar ag an dearadh as Éirinn ar chúrsaí tráchtála agus cultúir agus ar an tsochaí, ní hé amháin anseo in Éirinn ach go hidirnáisiúnta freisin. Agus muid ag breathnú dúinn trí lionsa a chruthaigh an dearadh dúinn, chonaic muid an bealach a bhfuil cúrsaí gnó in Éirinn ag athrú an t-am ar fad, na ceisteanna sóisialta a bhfuil muid gafa leo agus an bealach a gcuireann muid muid féin in iúl ó thaobh na cruthaitheachta agus an chultúir de.

I mí Eanáir 2019 chuir muid foireann le chéile chun dul ag obair ar Lean Dearadh na hÉireann: an taighdeoir Elaine McDevitt, an dearthóir Keelin Coyle ó WorkGroup, an forbróir James Delaney agus na beochantóirí Joe Coveney agus John O’Connell ó Studio 9. Bhí mise i mbun an togra ar son Cartlann 100, le tacaíocht ó Stephen Ledwidge. Taobh amuigh den chroífhoireann bhí comhairle agus comhoibriú againn ó an-chuid daoine eile. Tá pobal cruthaitheach in Éirinn atá thar a bheith cumasach agus is dóigh linn gur léargas air sin é an próiseas a bhain leis an togra seo chomh maith leis an toradh a d’eascair as.

Tá súil againn, tríd an togra seo, go n-éireoidh linn léargas a thabhairt ar an tionchar suntasach a bhíonn ag an dearadh ar shaol na hÉireann. Tabhair cuairt ar an suíomh—tá sé roinnte againn de réir téamaí: Cultúr na Tógála, Athrú ar Luachanna, Cruthú don Ghnáthshaol agus Dearcadh Leathnaithe— chun tuiscint a fháil, trí agallaimh i bhfíseán, ailt scríofa, amharcbhailiúcháin agus amharcléiriú, ar a mbíonn ar bun in Éirinn ó thaobh dearadh cumarsáide de. Creideann muid go bhfuil an t-ábhar atá sa Chartlann 100 in ann scéal an dearaidh a insint, agus go bhfuil an dearadh in ann ár scéal féin a insint. Cén fáth, mar sin, nach dtabharfá spléachadh air?!”

Tabhair cuairt ar Cartlann 100 ag http://100archive.com 

Stay up to date

×