Skip to main content
Omey-publication_Designed-by-Kasia-Ozmin-Rachel-Broaders-at-Together-We-Create.


Nuacht

Treochlár na dTionscal Cruthaitheachta

Scroll
min read

Treochlár na dTionscal Cruthaitheachta

min read

14/11/20

Treochlár na dTionscal Cruthaitheachta

Faoi Future Jobs Ireland, sonraítear Treochlár na dTionscal Cruthaitheachta a fhorbairt ar cheann de na bearta mórthábhachtacha le cur i gcrích ionas gur féidir an bhunsraith fiontraíochta a leathnú agus an bonn atá faoi chúrsaí eacnamaíochta in Éirinn a fhágáil níos seasmhaí agus níos sochóirithe. Faoin Treochlár, tugtar de shainmhíniú ar na tionscail cruthaitheachta Tionscail agus slite maireachtála lena mbaintear leas as an gcruthaitheacht chun rath tráchtála a thabhairt i gcrích agus fostaíocht a chruthú.

Baineann na tionscail seo le hearnálacha éagsúla agus tá beartaithe béim a leagan leis an Treochlár ar na réimsí seo a leanas

  • cúrsaí dearthóireachta (i.e., dearthóireacht tionsclaíochta, dearthóireacht táirgí, dearthóireacht gréasáin agus cumarsáid le hábhar amhairc, dearthóireacht Ui/Ux (Comhéadan an Úsáideora/Taithí an Úsáideora) agus dearthóireacht bogearraí, dearthóireacht seirbhíse agus dearthóireacht straitéiseach),
  • cruthaitheacht dhigiteach (i.e., earnáil na cluichíochta agus iarléiriúchán/éifeachtaí físe (VFX), réimse a threisíonn leis an earnáil closamhairc agus atá le háireamh ar na seirbhísí easpórtála chomh maith), agus
  • cruthú ábhair (i.e., fógraíocht agus brandáil, chomh maith le lón ábhair nua d’úsáid thráchtála ar na meáin shóisialta, dáileadh ar líne agus aipeanna do ghléasra so-iompair (‘apps’) chomh maith le hábhar d’ardáin nua, mar shampla AR/VR/XR Réaltacht Bhreisithe / Réaltacht Fhíorúil / Réaltacht Mheasctha).

D’oibrigh Éire Ildánach i gcomhar le Ranna éagsúla Rialtais i rith na bliana 2019 ar fad chun an obair ar an Treochlár a thabhairt chun críche. Eagraíodh, sa bhreis air sin, níos mó ná céad cruinniú le daoine den lucht léinn, le gnólachtaí beaga, le hionadaithe lucht tionsclaíochta agus le hoifigigh de chuid an AE. Bhí caidreamh ag Éire Ildánach freisin le 120 duine ag trí cinn de cheardlanna móra agus rinneadh suirbhéireacht i measc líon níos mó ná 150 duine in ngnólachtaí dearthóireachta.

Stay up to date

×