Skip to main content


Nuacht

Loch Garman – Where Three Waters Meet

Tá cnuasach gearrscéalta, atá suite i gContae Loch Garman agus a taifeadadh mar shraith de phodchraoltaí dar teideal ‘Where Three Waters Meet’ le Sylvia Cullen, díreach seolta. Tá an togra seo, le maoiniú agus tacaíocht ó Chomhairle Chontae Loch Garman i gcomhpháirtíocht le hÉire Ildánach, bunaithe ar théama an mharthanais, déantar gné ar leith faoin gciall a d'fhéadfadh a bheith i gceist le teacht slán as cúinsí tubaisteacha i ngach aon cheann den cheithre scéal, scéalta ina mbíonn ar na carachtair roghanna trámacha a dhéanamh agus a seacht míle dícheall a dhéanamh teacht slán.

Ciallaíonn an frása Béarla ‘where three waters meet’ an áit is fearr le huisce a tharraingt as nuair atá duine ag lorg leighis ar ghalar seargtha nó cnaíghalar ar bith. Is éard a dúirt Cullen ‘Tá ríméad orm an deis a bheith agam an saothar oibre nua seo a chruthú. Níl aon leigheas i scéal, ach is féidir cothú a fháil ann don tsamhlaíocht, cothú atá ag teastáil go géar.’

Ceapadh an tsraith mar fhreagra ar phaindéim Covid, ag tarraingt as stair Loch Garman chun solas a scaladh ar an am i láthair. Titeann na heachtraí i ngach scéal amach in áit éagsúil ar fud an chontae agus is í an t-údar féin atá á léamh.

Is éard a dúirt Leabharlannaí an Chontae agus Comhordaitheoir Éire Ildánach Loch Garman, Eileen Morrissey, “Tá ríméad orainn go bhfuil Where Three Waters Meet seolta. Tá Sylvia ar dhuine den naonúr lucht cruthaitheach ar bronnadh sparánacht orthu, a ndeachaigh na téamaí a bhaineann le háit, oidhreacht agus folláine i gcion orthu. Tá scéalta Sylvia scríofa ar bhealach álainn agus trí na scéalta sin is féidir linn machnamh a dhéanamh ar chruachás, ar dhiongbháilteacht agus ar an teacht aniar. Tá suaimhneas faighte ag go leor againn ón léitheoireacht i rith na paindéime seo agus mholfainn do chách cluas a thabhairt do na podchraoltaí Where Three Waters Meet agus sult a bhaint astu.”

Is féidir na podchraoltaí seo, chomh maith le scéalta nua atá ag teacht aníos, a fháil ag

https://soundcloud.com/user-177434929/sets/where-three-waters-meet

 

Tá an tsraith de phodchraoltaí seo ar fáil ar Apple Podcasts, Google Podcasts agus ar Spotify freisin.

B'fhéidir go dtaitneodh seo leat…

Stay up to date

×