Skip to main content
Magnetise Leitrim


Nuacht

Magnetise

Scroll
min read

Magnetise

min read

14/11/20

Magnetise

Magnetise, A Call for Home, tionscadal oirfidíochta do ghlúnta éagsúla.

Tionscadal i gcomhar atá ann idir seisear damhsóirí gairmiúla atá lonnaithe thar lear agus dhá ghrúpa pobail, WILL (Women Living Independently in Leitrim) agus Creative Current Youth Dance.

Bhí cumasc idir ceardlanna pobail agus forbairt ghairmiúil, ealaíontóirí áitiúla agus ealaíontóirí idirnáisiúnta de bhunús leis an tionscadal ón tús. Mar gheall ar phaindéim Covid-19 faoi láthair, tá athrú tagtha ar an tionscadal Magnetise nach bhféadfaí a thuar roimh ré. Tá athshamhlú de réir a chéile ar Magnetise mar thionscadal. An chruthaitheacht agus an caidreamh a choinneáil ar siúl, is leis sin a airíonn an duine beocht.

Is iomaí deis nua atá tagtha chun cinn mar gheall ar chur chuige nua ar líne a thabhairt san áireamh. Sa ghrúpa lena mbaineann seisear damhsóirí gairmiúla, triúr damhsóirí óga de chuid an phobail agus triúr oirfidigh fásta de chuid an phobail atá i gcathaoireacha rothaí, fágann an réimse ar líne seo go mbraitear an chothromaíocht eatarthu níos tréine anois. Cothromaíocht idir daoine éagsúla d’aoiseanna éagsúla le héagsúlacht taithí ar shaol an damhsa.

Fágtar an grúpa anois sa chaoi is go bhfuil srianta den chineál céanna á n-oibriú ar an uile dhuine acu, chomh maith le réimse deiseanna nua á gcur rompu. Réimse físe ar féidir linn tosú ar a mhúnlú ar bhealaí éagsúla, deiseanna nua anamúlacht a úsáid, babhtáil idir muid féin agus íomhánna taifeadta, comhthéacsanna nua agus comhthéacsanna samhalta a chruthú ina dtagann na damhsóirí i láthair i réimse beo ar líne.

B'fhéidir go dtaitneodh seo leat…

Stay up to date

×