Skip to main content


Nuacht

Éachtaí bean fhiontraíoch sa 19ú céad curtha os comhair an phobail i Móinteach Mílic

Scroll
4 min read

Éachtaí bean fhiontraíoch sa 19ú céad curtha os comhair an phobail i Móinteach Mílic

4 min read

9/09/21

Éachtaí bean fhiontraíoch sa 19ú céad curtha os comhair an phobail i Móinteach Mílic

I gcomhair Oíche Chultúir 2021, cuimhneoidh muintir Mhóinteach Mílic ar dhuine dá gcuid féin trí bheochan nuálach físmhapáilte de shaol an leasaitheora sóisialta, Anne Jellicoe, a mhair sa 19ú céad.

Rugadh Anne Jellicoe, arbh as Móinteach Mílic di ó dhúchas, isteach i dteaghlach de chuid Chumann na gCarad in 1823. Bhí sí ina hoideachasóir forásach agus bhí sí dúthrachtach faoin tsochaí a athrú. Chun comóradh a dhéanamh ar a gníomhaíochas, a éachtaí agus a fréamhacha i gContae Laoise, chruthaigh an t-ealaíontóir Caroline Conway teilgean físmhapáilte ina dtugtar eolas faoi shaol agus obair éachtach Jellicoe. Teilgfear an lúb fuinniúil seo ar bhallaí Phobalscoil Mhóinteach Mílic idir 8.30pm-11.30pm Oíche Chultúir, Dé hAoine an 17 Meán Fómhair.

Nuair a bhí Jellicoe óg, bhí an-tionchar ag a hathair William Mullin, a bhí ina mháistir scoile de chuid Chumann na gCarad agus a reáchtáil a scoil féin do bhuachaillí, agus ag Johanna Carter, a bhí ina múinteoir ag scoil áitiúil do chailíní, uirthi.

Bhí Carter í féin ina pearsa inspioráideach do Jellicoe toisc gur chuir sí oiliúint ghairme shárluachmhar ar fáil do chailíní agus go ndearna sí ceannródaíocht ar theicníc bhróidnéireachta Mhóinteach Mílic, a bhfuil clú agus cáil air anois. Trí ghníomhartha agus neamhspleáchas smaointeoireachta Carter, cuireadh in iúl do Jellicoe go bhféadfaí saoirse geilleagrach agus sóisialta nach bhfacthas riamh cheana a thabhairt do mhná trí dhul i mbun oibre.

Video-mapped projection of Jellicoe’s achievements

Chreid sí go daingean sa luach a bhí ar oideachas do chách, beag beann ar inscne ná stádas sóisialta, agus a bhuí gur i gCumann na gCarad a tógadh í, thug Anne faoi scoil bhróidnéireachta agus lása a bhunú i Móinteach Mílic chun cuidiú le cailíní óga fostaíocht a fháil. D’éirigh léi an rud céanna a dhéanamh i gClóirtheach, Contae Uíbh Fhailí i ndiaidh di bogadh ansin lena fear céile John in 1848 nuair a phós siad.

"Chun comóradh a dhéanamh ar a gníomhaíochas, a éachtaí agus a fréamhacha i gContae Laoise, chruthaigh an t-ealaíontóir Caroline Conway teilgean físmhapáilte ina dtugtar eolas faoi shaol agus obair éachtach Jellicoe"

Agus í meáite ar dheiseanna scolaíochta agus fostaíochta a fheabhsú do mhná meánaicmeacha go háirithe, lean Anne dá gníomhaíochas in 1861 nuair a chomhbhunaigh sí craobh Bhaile Átha Cliath den Chumann um Fhostaíocht do Mhná a Chur Chun Cinn a bhí lonnaithe i Londain. Is é an aidhm a bhí ag an gcumann oideachas a thabhairt do mhná agus iad a ullmhú chun oibriú lasmuigh den bhaile. Faoin mbliain 1870, bhain an institiúid fostaíocht amach do 862 dá 1,786 dalta, chuir an institiúid lena siollabas ó ábhair theicniúla go hábhair acadúla, agus deirtear go raibh ról ag an institiúid deireadh a chur leis an stiogma a bhain le mná a bheith ag obair do thuarastal.

Roinnt blianta ina dhiaidh sin in 1866, bhain an bhean as Contae Laoise an t-éacht ba cháiliúla dá cuid amach, institiúid oideachais Bhaile Átha Cliath, Coláiste Alexandra a bhunú. Nuair a thug sí faoi deara nach raibh oideachas bunúsach fiú ar na mná a tháinig chomh fada leis an gCumann um Fhostaíocht do Mhná a Chur Chun Cinn, bhunaigh Jellicoe Coláiste Alexandra d’fhonn “oideachas níos fearr agus níos stuama … agus oideachas a ndéantar scrúdú níos fearr air, a chur ar fáil ná mar is féidir le mná meánaicmeacha agus uasaicmeacha na tíre seo a fháil go réidh i láthair na huaire”. D’fhóin Anne Jellicoe ina Stiúrthóir Mná sa scoil iomráiteach go dtí go bhfuair sí bás in 1880.

Tá teilgean spéisiúil an ealaíontóra Caroline Conway coimisiúnaithe ag Oifig Oidhreachta agus Oifig Ealaíon Sheirbhísí Leabharlainne Chomhairle Contae Laoise agus tacaithe ag Éire Ildánach Laoise mar chuid den Chlár Éire Ildánach (2017-2022) i gcomhar le Comhairle Contae Laoise.

Féach ar an teilgean féin Oíche Chultúir, Dé hAoine an 17 Meán Fómhair.

Tá an oiread nithe ag tarlú do Oíche Chultúir 2021, faigh amach céard atá ar siúil gar duit!

 

B'fhéidir go dtaitneodh seo leat…

Stay up to date

×