Skip to main content


Nuacht

Múrphictiúir Mhuineacháin

Togra é Múrphictiúir Mhuineacháin ar tháinig Muineachán Ildánach aníos leis chun sraith múrphictiúr sráide ar scála mór agus ar chaighdeán idirnáisiúnta a fhorbairt ar fud bhailte Chontae Mhuineacháin. Is cuid de straitéis níos forleithne é chun tacú le cruthaitheacht sa phobal, chun mórtas áite chomh maith le taithí éagsúla a chur chun cinn.

Ag teacht faoi anáil an bhorrtha, go pointe áirithe, atá tagtha ar mhúrealaín agus ar ealaín sráide ar fud na tíre agus an luach a bhaineann leis i dtaobh athrú dearfach a bhrú chun cinn cuirfear Múrphictiúir Mhuineacháin i bhfeidhm thar thréimhse 3 bliana.

Déanfaidh an togra gnéithe éagsúla den stair, d’oidhreacht agus den chultúr áitiúil a cheiliúradh, a mbeidh na tairbhí a leanas i gceist leo:

  • Cuma níos fearr ar gach bhailedhreach
  • Mórtas áite a spreagadh sa phobal
  • Tacú le forbairt agus rannpháirtíocht pobail trí chleachtais ealaíne
  • Deiseanna tábhachtacha a chur ar fáil d’ealaíontóirí
  • Tacú leis na healaíona a fhorbairt
  • Ardú ar líon na dturasóirí ar fud an chontae a tharraingeoidh eispéireas na múrphictiúr iad

Gné lárnach de Mhúrphictiúir Mhuineacháin is ea tiomantas an togra do rannpháirtíocht pobail agus dá bhrí sin tá gach ealaíontóir atá páirteach ann ag cur ceardlanna ar fáil ag úsáid na múrphictiúr chun plé agus tuilleadh iniúchadh a spreagadh. Trí sin a dhéanamh, tá sé i gceist againn ugach a thabhairt do dhaoine inár bpobal áitiúil machnamh a dhéanamh ar iléagsúlacht agus saibhreas chultúr na tíre agus a gcruthaitheacht agus a bhféinléiriú féin a scrúdú. Oibreoidh an fhoireann le grúpaí pobail ar fud an chontae chun an sprioc sin a bhaint amach.

Ba i mBaile na Lorgan a rinneadh an chéad mhúrphictiúr a dhéanann ceiliúradh ar ghrianghrafadóireacht sráide an Dr JJ Clarke.

B'fhéidir go dtaitneodh seo leat…

Stay up to date

×