Skip to main content


Nuacht

Déanann leabhar grianghraf nua cur síos ar an Traidisiún saibhir Mósáic atá i gCo. Ros Comáin

Scroll
4 min read

Déanann leabhar grianghraf nua cur síos ar an Traidisiún saibhir Mósáic atá i gCo. Ros Comáin

4 min read

17/02/21

Déanann leabhar grianghraf nua cur síos ar an Traidisiún saibhir Mósáic atá i gCo. Ros Comáin

Le maoiniú ó Ghlao Oscailte Éire Ildánach i Ros Comáin, tá fóta-leabhar faisnéise ‘Roscommon’s Mosaic Tradition - Geometric and Artistic Mosaics in the North-West’ cruthaithe agus deartha ag an ealaíontóir Laura Earley, agus iniúchadh déanta aici ar chleachtas na mósáicí ar fud Cho.Ros Comáin agus sna gcontaetha máguaird.

Sa bhfota-leabhar ealaíonta seo tá réimse de ghrianghraf faisnéise, téacs tosaigh leis an scríbhneoir Tom Roseingrave, doiciméid chartlainne, ar dheas ó Leabharlann Chontae Ros Comáin iad a bhronnadh, agus seanghrianghraif ó dhaoine as an áit a raibh baint acu leis an gceird.

Above:

Tagann ‘Roscommon’s Mosaic Tradition’ i ndiaidh saothar de chuid an ealaíontóra ó 2018, nuair a chruthaigh Laura Earley leabhar grianghraf dar teideal ​‘Artistic Mosaics in the West of Ireland’. Déantar iniúchadh sa leabhar seo ar aghaidheanna siopaí a bhfuil mósáic orthu agus atá le fáil i gCo. Ros Comáin agus sna contaethe in aice láimhe. Cuireadh grianghraif le chéile agus rinneadh agallaimh le muintir na háite ar mhaithe leis an bhfóta-leabhar. Agus an leabhar i gcló cuireadh ar taispeáint é i dtaispeántas fóta-leabhar i nGailearaí N.C.A.D. Nuair a bhí an corpas oibre seo curtha i gcrích ag an ealaíontóir thuig sí an poitéinseal a bhain leis an tionscadail seo.

Tugann íomhánna i “Roscommon’s Mosaic Tradition” in éineacht le hailt  Roseingrave eolas don léitheoir faoi stair agus faoi bhunús na ndearaí mósáic agus tarraingíonn sé aird ar an ngné seo den stair áitiúil. Agus é bunaithe ar oidhreacht Ros Comáin, déanann sé taifeadadh, trí na meáin atá bunaithe ar an lionsa, ar aghaidheanna siopaí a bhfuil mósáic orthu, timpeall Co Ros Comáin agus sna contaetha in aice láimhe. Cuireann sé muintir na háite ar an eolas faoin scéal agus an stair a bhaineann leis an gceird seo. Tugann sé aitheantas don obair a rinne na daoine a bhí páirteach sa tionscal seo i gContae Ros Comáin agus léirionn sé meas orthu – go háirithe Luciano Di Paulo, Sergio Benedetti agus John Crean –agus tarraingíonn sé aird ar an gcaoi gurbh é Contae Ros Comáin an t-aon chontae in Éirinn (seachas gnó beag i dTuaisceart na hÉireann) a chuir ‘Mósáicí Ealaíontóirí’ ar fáil idir 1940 agus 2000.

Is taifead é an fótaleabhar seo ar an taighde a rinne mé ar na mósáicí seo agus na grianghraif a thóg mé díobh. Tá súil le Dia agam go ndéanfar na dearaí uathúla geoiméadracha, ealaíonta seo a chosaint agus a chaomhnú go ceann blianta fada amach romhainn ionas go bhféadfaidh na glúnta atá le teacht a n-áilleacht a fheiceáil agus a thuiscint.” Laura Earley

Chun an leabhar a cheannach téigh chuig lauraearleyart.com

B'fhéidir go dtaitneodh seo leat…

Stay up to date

×