Skip to main content


Nuacht

Pobail Ildánacha: Athbhreithniú Eatramhach

Scroll
3 min read

Pobail Ildánacha: Athbhreithniú Eatramhach

3 min read

11/03/21

Pobail Ildánacha: Athbhreithniú Eatramhach

Comhpháirtíocht is ea Pobail Ildánacha a bunaíodh in 2018 idir na húdaráis áitiúla agus Clár Éire Ildánach, ar mhaithe le • teacht i dtír ar an gcumas ó thaobh na cruthaitheachta atá inár muintir agus inár bpobail, agus • úsáid a bhaint as an gcruthaitheacht sin mar straitéis chun forbairt a dhéanamh ar an bhfolláine, ar an gcomhtháthú sóisialta agus ar an eacnamaíocht.

In 2019, i gcainteanna le Cumann na mBainisteoirí Contae agus Cathrach (CBCC), thug na hAirí Josepha Madigan agus John Paul Phelan aitheantas don sár-obair a bhíonn ar bun ag na húdaráis áitiúla ó thaobh seachadadh díreach chuig na pobail a dhéanamh ar Chlár Éire Ildánach. Le linn na gcainteanna sin agus na gcainteanna ina dhiaidh sin le hOifigigh Sinsearacha sa Roinn agus sa CBCC aontaíodh go ndéanfaí athbhreithniú eatramhach ar bhonn comhpháirtíochta ar an tionscnamh Pobail Ildánacha chun beachtú agus neartú a dhéanamh ar a sheachadadh sna blianta amach romhainn.

Bhí an t-athbhreithniú eatramhach faoi stiúir Tania Banotti, Stiúrthóir Chlár Éire Ildánach agus Daniel McLoughlin, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Átha Cliath Theas ar son an CBCC. Rinne sé éifeacht Phobail Ildánacha a mheas ag cur san áireamh cúrsaí polasaí, sonraí an chláir, cruinniú athbhreithnithe leis na comhordaitheoirí, cás-staidéir agus suirbhéanna measúnaithe a líon 31 comhordaitheoir de chuid Éire Ildánach agus 23 Stiúrthóir Seirbhíse sna húdaráis áitiúla isteach, agus chuir sé tuairisc ar fáil ina raibh na príomhthorthaí agus moltaí.

Cé go bhfuil an-taithí ag an rialtas áitiúil ar a bheith ag plé leis an bpobal ó thaobh na n-ealaíon, an chultúir, na hoidhreachta agus na leabharlanna de, is coincheap úr-nua, atá níos dúshlánaí, é a bheith tugtha isteach i réimse na cruthaitheachta. Léiríonn an t-athbhreithniú go bhfuil tiomantas coiteann ann ó thaobh forbairt agus feabhsú ar ról agus ar stádas an chultúir agus na cruthaitheachta agus léirigh an t-aiseolas go bhfuil an-fhonn ar dhaoine go leanfadh an tionscadal ar aghaidh / go gcuirfí leis ach moltar go mbeadh roinnt feabhsaithe déanta air.

Thaispeáin an t-athbhreithniú go bhfuil Pobail Ildánacha ag feidhmiú go maith. In 2018 agus 2019 astu féin, cuireadh deiseanna ar fáil do phobail ar fud na hÉireann trí 2,658 togra nach mbeadh maoiniú faighte acu as aon sruth maoinithe eile. Mar thoradh ar na tograí áirithe seo d’éirigh leis na húdaráis áitiúla athmhuscailt a dhéanamh ar an mbród ceantair agus ar an dáimh leis, rud a chiallaíonn go bhfuil ár gcathracha, ár mbailte móra agus ár gceantair tuaithe níos tarraingtí mar ionaid le bheith ag maireachtáil nó ag obair iontu. Léirigh Pobail Ildánacha freisin go raibh ar a chumas cabhrú le húdaráis áitiúla tacú le folláine agus le sláinte an phobail, tríd an rannpháirtíocht chruthaitheach. Is féidir tógáil ar an dea-thoradh seo ach spriocanna níos soiléire a bheith ag na cláir agus an chumarsáid a bheith feabhsaithe.

Taispeánann an t-athbhreithniú eatramhach gur cuireadh bunús maith faoin gclár sna trí bliana tosaigh agus go nglactar leis go bhfuil sé éifeachtach. Sa tréimhse réasúnta gairid seo, a bhuíochas do Phobail Ildánacha bhí comhoibriú suntasach idir na seirbhísí éagsúla ar nós na healaíona, an oidhreacht, na leabharlanna agus an fhorbairt phobail. I gcás údaráis áitiúla áirithe tá níos mó ionadaithe ar an bhFoireann Cultúir agus Cruthaitheachta ná mar a samhlaíodh ar dtús (ealaíon, oidhreacht, agus leabharlanna) ach anois ar an bhfoireann tá, mar shampla, oifigigh athrú aeráide, foireann forbartha pobail agus foireann forbartha eacnamaíochta, oifigigh Gaeilge agus oifigigh de chuid Shláinte Éireann. Is de bharr a shofhreagracht agus a chomhdhéanamh a d’éirigh chomh maith sin leis an bhFoireann Cultúir agus Cruthaitheachta, a bunaíodh chun an clár Pobail Ildánacha a sholáthar, agus léiríonn an t-athbhreithniú eatramhach go soiléir go bhfuil na foirne seo ina gceann feadhna ar an tionscnamh ag an leibhéal áitiúil.

Léiríonn na cás-staidéir a rinneadh mar chuid den athbhreithniú go bhfuil Pobail Ildánacha tar éis cur le leitheadacht na n-údarás áitiúil, go bhfuil níos mó tionchair anois acu agus iad níos feiceálaí, agus go gcuireann siad deiseanna ar fáil do na pobail. Chomh maith leis sin tugann an tuairisc léargas ar an gcaoi a dtacaíonn struchtúir na Ranna Rialtas agus na n-údarás áitiúil leis na foirne Cultúir agus Cruthaitheachta agus taispeánann sé an bealach ar chruthaigh na foirne seo, tríd an gcomhoibriú agus tríd an bpleanáil straitéiseach gur féidir earnáil na cruthaitheachta agus chultúir a threisiú agus tacú léi sa bhfad téarma ag an leibhéal áitiúil.

Tugann cuid de na tograí a bhfuil nuálaíocht ar leith ag baint leo léargas ar shaibhreas agus ar éagsúlacht na hoibre a bhíonn ar bun ag na foirne Cultúir agus Cruthaitheachta sna húdaráis áitiúla. Toisc gur tugadh maoiniú do lear mór tograí tháinig daoine ar bord nach mbeadh, seans, páirteach go hiondúil in imeachtaí cruthaitheachta sa bpobal, agus tá sé ag baint spriocanna amach mar a bhaineann le tionscadail eile de chuid an Rialtais i.e. Plean Gníomhaíochta um Fhorbairt Tuaithe, Togra 2040, Ár Leabharlanna Poiblí, Éire na Sláinte.

Is féidir an tuairisc iomlán a íoslódáil anseo .

Stay up to date

×