Skip to main content


Nuacht

Repair Acts, Éire: Ceardlanna scéalaíochta ar líne

Scroll
1 min read

Repair Acts, Éire: Ceardlanna scéalaíochta ar líne

1 min read

7/02/22

Repair Acts, Éire: Ceardlanna scéalaíochta ar líne

Beidh sraith ceardlanna scéalaíochta ar líne á n-óstáil faoi scáth the Repair Acts, an Tionscadal um Ghníomhú Cruthaitheach ar son na hAeráide ar na dátaí seo a leanas i mí Feabhra:

  • Céad. 9ú 7-9pm
  • 12ú 11am-1pm
  • Céad. 16ú 7-9pm
  • 19ú 11am-1pm

Sna ceardlanna scéalaíochta ar líne seo, tabharfaidh daoine leo rudaí nó seolfaidh siad isteach pictiúr de rudaí atá deisithe acu, rudaí gur theip orthu iad a dheisiú nó gur mhaith leo iad a dheisiú. Féadfaidh daoine idir 1 agus 3 rud a bheith acu agus roinnfidh na rannpháirtithe an scéal a bhaineann leis na rudaí atá acu. Beidh deis ann ansin plé a dhéanamh ar na cleachtais a bain le rudaí a dheisiú san am a chuaigh thart agus cúrsaí deisiúcháin sa todhchaí.

Cé nach bhfuil an stór deisiúcháin gníomhach go fóill (beidh sé ar shuíomh gréasáin Repair Acts i mí an Mhárta), tá sé i gceist na grianghraif a bhailiú agus na scéalta a insíodh le linn na gceardlann seo a roinnt, uaslódáilfear iad chuig an stór agus cabhróidh siad leis an aidhm go mbeadh 1,000 scéal deisiúcháin againn, a bhaint amach. Cuirfidh sé sin leis an stór ar líne agus beidh ceardlanna mar thacaíocht don phlé ar an ábhar tábhachtach seo. An-fháilte roimh chách.

Agus é ar cheann de 15 Tionscadail faoin gCiste um Ghníomhú Cruthaitheach ar son na hAeráide, déanann Repair Acts, Éire iniúchadh comhoibríoch ar an rud a dtugann an t-ealaíontóir agus taighdeoir Teresa Dillon “cultúir an deisiúcháin” air agus an ról atá acu i gcúrsaí caithimh, tomhaltachais agus athchúrsáil ábhar. Déanann Repair Acts, Éire forbairt ar chlár taighde cleachtasbhunaithe idirnáisiúnta atá ann cheana agus a scrúdaíonn na cultúir dheisiúcháin ar bhealach atá iolraíoch agus comhpháirteach. Is í Teresa Dillon atá i gceannas ar an gclár taighde agus a chomhbhunaigh é.

Is trí Eventbrite a chláraítear do na ceardlanna: Féach www.repairacts.ie

Léigh tuilleadh faoi thionscadail an Chiste um Ghníomhú Cruthaitheach ar son na hAeráide anseo.

Stay up to date

×