Skip to main content


Nuacht

Athcheanglaíonn an Píosa Damhsa "See You In The Green" muid lenár gCuimhní Cinn

Scroll
3 min read

Athcheanglaíonn an Píosa Damhsa "See You In The Green" muid lenár gCuimhní Cinn

3 min read

11/02/21

Athcheanglaíonn an Píosa Damhsa "See You In The Green" muid lenár gCuimhní Cinn

Is píosa damhsa comhaimseartha nua é See You in the Green a nascann na cuimhní atá againn, rud a fhágann go mbímid ag smaoineah siar ar an am atá thart nó ag smaoineamh ar an staid a bhfuilimid ann faoi láthair. Cuireadh an tionscadal i gcrích tar éis don chóragrafaí agus damhsóir, Mintesinot Wolde, cónaitheacht trí mhí a chríochnú in Ionad Ealaíon Ros Comáin.

Ag cur síos dó ar an tionscadal, dúirt Mintesinot Wolde,” ‘Cuireadh an píosa damhsa See You In The Green i gcrích in Ionad Ealaíne Ros Comáin i mí na Nollag 2020, nuair a laghdaíodh na srianta dianghlasála. Chuir Ionad Ealaíne Ros Comáin spás agus acmhainní áille ar fáil, agus thug an tacaíocht a fuair mé ó Chomhairle Contae Ros Comáin agus Éire Ildánach Ros Comáin an t-am dom leis an bpíosa damhsa a thabhairt chun críche, chun mo chuid smaointe agus na físeanna a bhí agam don phíosa damhsa a thabhairt chun beatha. Ina theannta sin, thug an tacaíocht sin deis dom comhoibriú le healaíontóirí áitiúla agus le healaíontóirí idirnáisiúnta a bhí ag obair i ngairmeacha éagsúla sa tionscadal, amhail déantóir scannán neamhspleách, damhsóirí, ceoltóirí, amhránaithe, agus dearthóir soilse.

See You In The Green

Open Video

Cé gur chothaigh na bearta dianghlasála deacrachtaí, chabhraigh siad liom teacht ar bhealach difriúil, éifeachtach chun oibriú leis an bhfoireann ó chian. D’oibrigh mé leis an mbainisteoir léiriúcháin agus leis na baill teilgthe ó chian ar ghlaonna laethúla Zoom le ceoltóirí agus amhránaithe; agus i dtús ama leis na damhsóirí chun na smaointe, pleananna, agus tuairimí a bhí agam i m’fhís maidir leis an bpíosa damhsa a roinnt agus an ghné a theastaigh uaim ó gach ealaíontóir chun a pháirt a ghlacadh sa tionscadal. I ndeireadh na dála, próiseas dúshlánach a bhí ann ach tá an t- ádh liom go raibh an tacaíocht ar fáil, ionas go raibh muid in ann an píosa damhsa a chruthú agus a thabhairt chun críche agus an saol chomh éiginnte seo.”

Is damhsóir, córagrafaí, múinteoir agus ball comhaimseartha de Dance Ireland é Messenian. Tá Máistreacht (onóracha den chéad ghrád) aige i Léiriú Damhsa Comhaimseartha ó Acadamh Ceoil & Damhsa Domhanda na hÉireann in Ollscoil Luimnigh agus d’oibrigh sé ar go leor léirithe le córagrafaithe mór le rá i saol damhsa na hÉireann. Agus é anois ag cur faoi i Ros Comáin tá a chomhlacht féin bunaithe ag Mintesinot.

Faigheann an tionscadal damhsa scáileáin seo tacaíocht ó Ionad Ealaíon Ros Comáin, Éire Ildánach Ros Comáin, Comhairle Contae Ros Comáin. Thacaigh Dance Ireland, Tionscadal Damhsa na Gaillimhe agus Shawbrook le céad chruthú an phíosa damhsa.  

B'fhéidir go dtaitneodh seo leat…

Stay up to date

×