Skip to main content


Nuacht

SEEK Urban Art Festival

Féile ealaíon uirbeach comhaimseartha is ea SEEK, atá dírithe ar na hamharcealaíona a chur chun cinn i nDún Dealgan. Thosaigh an fhéile bhliantúil seo in 2019 agus ceiliúrann sé stair agus pearsantachtaí Dhún Dealgan. I mbliana agus í trí bliana ar an bhfód, d'éirigh Dún Dealgan thar a bheith gnóthach agus múrmhaisithe á gcruthú ag réimse ealaíontóirí sráide as Éirinn agus as tíortha thar lear.

Chuaigh an fhéile ó neart go neart an samhradh seo agus pearsana aitheanta ó stair shaibhir Dhún Dealgan á dtabhairt chun beatha. Ba é Óstán Crowne Plaza an canbhás bán don mhúrmhaisiú is airde in Éirinn. Phéinteáil an t-ealaíontóir Astrálach Sam Bates aka Smug One é agus taispeánann sé an Dialaoch Lugh (Lú).

Cabhraíonn an scéal atá taobh thiar den saothar ealaíne le scéal Dhún Dealgan a insint agus na daoine a cheangal lenár n-oidhreacht. Tarraingíonn na múrmhaisithe suntasacha seo aird ar an tionchar tábhachtach a d’fhéadfadh a bheith ag an ealaín san fhearann poiblí, an ról atá aici ó thaobh athrú a spreagadh agus cabhrú le cuid de na spásanna atá againn i lár an bhaile a athbheochan agus a athnuachan.

Chomh maith leis na múrmhaisithe, in 2021, mar chuid den chlár chun fad a chur leis an bhféile, cuireadh meantóireacht agus oiliúint ar fáil don Idirbhliain agus do mhic léinn sa 5ú bliain a bhí ag smaoineamh ar ghairmeacha sna tionscail chruthaitheacha, chun go mbeadh teacht acu ar ealaíontóirí gairmiúla agus ar chomhordaitheoirí imeachtaí cultúrtha.

Gné bhreise eile den Fhéile SEEK, chun an chéad trí bliana a cheiliúradh, is ea leabhar a dhéanann ceiliúradh ar a bhfuil bainte amach– le grianghraif de na múrmhaisithe balla, agallaimh leis na healaíontóirí, agus aistí ar na daoine áitiúla ón stair atá léiríthe sna múrmhaisithe.

B'fhéidir go dtaitneodh seo leat…

Stay up to date

×