Skip to main content


Nuacht

Daoine Ildánacha: Bettina Seitz – Sinsir

Scroll
min read

Daoine Ildánacha: Bettina Seitz – Sinsir

min read

4/03/22

Daoine Ildánacha: Bettina Seitz – Sinsir

Cruthaitheacht & Nuálaíocht. Timpeallacht & Oidhreacht Uathúil á Spreagadh

Sinsir: Cloisfidh tú i dtosach é, an fharraige ag lascadh an chladaigh, na faoileáin ag gráscar, gáire na bpáistí ag imeacht ar an ngaoth. Is féidir é a bhlaiseadh ansin, an salann sáile sa gceobhrán.  Ansin a fheicfidh tú í, mar a bheadh taisí ann, ag seasamh sa doras sa teach glas.

Is cuid de thaispeántas dealbhóireachta é an scáil uaigneach sin ó lámh an fhísealaíontóra Bettina Seitz, i gcomhar leis na físghrafadóirí Fionn Rogers agus Peter Martin. Ar Oileán na nOisrí, nach bhfuil aon chónaí air, limistéar talún amach ó chósta Chontae Shligigh atá an tionscadal ar siúl.

An timpeallacht is ea an gailearaí, tugann Bettina léargas ar shaol lucht coinneála na dtithe solais agus a dteaghlaigh, atá le feiceáil mar a bheadh taisí ann, dealbha ar mhéid duine.

Trí fheasacht a ardú maidir le tírdhreach drámatúil agus oidhreacht chultúir Chontae Shligigh, tarraingíonn Bettina aird ar na dúshláin atá le sárú againn san am i láthair ó thaobh Athrú Aeráide agus fiosraíonn an tábhacht atá le féachaint arís ar an ngaol atá againn leis an dúlra más ann gur mian linn maireachtáil ar bhealach níos inbhuanaithe.

Tá an taispeántas roinnte i gcúig chaibidil, portráid fhísiuil agus fuaim ag dul le gach ceann, lena ndéantar fiosracht agus meas ar ár stair, ar ár n-oidhreacht agus a mhéid atá muid ag brath ar an dúlra agus an dúlra ag brath orainn a mhúscailt.  Is féidir breathnú air ar shuíomh gréasáin Tread Softly agus ar ardáin meán sóisialta.

Sinsir.

Saothar álainn, an-domhain. Íomhánna aonair, uaigneacha

Éachtach amach is amach. Ní leor na focail ‘iontach’ agus ‘atmaisféarach’ a úsáid.

Tréigthe agus tréigean, anamacha ar strae, ag fanacht agus ag fanacht. Braitheann tú go láidir gurb iad seo ainmneacha agus aghaidheanna daoine a chuaigh romhainn.

Corróidh an ghrianghrafadóireacht, an fhuaim, na soilse agus na saothair dhealbhadóireachta den chéad scoth thú. Goillfidh gach scannán díobh ort.

Gabhaim buíochas leat faoin ábhar físeáin seo a roinnt agus guím gach rath ar an taispeántas.

Tá an fhuaim uaigneach, corraitheach.

Scannánaíocht álainn déanta agus fuaim rí-oiriúnach ag dul leis an mbean atá ag streachailt.

B'fhéidir go dtaitneodh seo leat…

Stay up to date

×