Skip to main content


Nuacht

Tugann bád grianchumhachtaithe turas ealaíne ar Bheannchar

Scroll
2 min read

Tugann bád grianchumhachtaithe turas ealaíne ar Bheannchar

2 min read

5/07/22

Tugann bád grianchumhachtaithe turas ealaíne ar Bheannchar

Leanann an tÉicea-Bhád leis an turas ceithre mhí feadh na habhann agus tiocfaidh le cé ag Muiríne Bheannchar, Contae Uíbh Fhaillí, ar feadh tráthnóna ina mbeidh ealaín, eolaíocht agus ceardlanna ar siúl an 10 Iúil.

Tá sé mar aidhm leis an Éicea-Bhád, an Mayfly, stiúideo ealaíne agus saotharlann eolaíochta ar snámh, caidreamh a dhéanamh le pobail chun todhchaí atá neodrach ó thaobh carbóin de a bhunú.  Smaoineamh de chuid na n-ealaíontóirí Anne Cleary agus Denis Connolly, aka School of Looking, atá i gceist anseo, agus tá an bheirt ag tabhairt faoi thuras taiscéalaíochta ar aibhneacha na Sionainne agus na hÉirne, ó Luimneach go hInis Ceithleann.

Is í an Mayfly an chéad bhád leictreach grianchumhachtaithe a thug faoin turas seo agus feadh an bhealaigh tá sé i gceist ag an mbeirt gníomh ar son na haeráide a spreagadh trí na healaíona. Tá an chéad stad eile ag an soitheach i Muiríne Bheannchar, Contae Uíbh Fhailí an Domhnach 10 Iúil. 

Eco Showboat Drone Flyover

Open Video

Oíche ina mbeidh ealaín, eolaíocht, ceardlanna agus comhrá ar fáil 

Bain sult as oíche le himeachtaí cois uisce atá fíor-spéisiúil sa Phuball Pangolin neamhghnách, preabspás teilgeora atá déanta as 35 scáth fearthainne riabhach. 

Tabharfaidh an t-ealaíontóir, Alan Phelan faoi idirghníomhaíocht fabraice sa mhuiríne sna dathanna aitheanta dearg, uaithne agus gorm.  Baineann siad seo le próiseas grianghrafadóireachta scáileáin daite Joly a cheap John Joly ó Chontae Uíbh Fhailí sna 1890aidí – ceann de na chéad íomhánna daite.

Déanfaidh an tOllamh Patrick Wyse Jackson ó Roinn na Geolaíochta TCD, áit a raibh Joly ag obair freisin, plé ar ‘Conas is féidir le Clocha an Pláinéad a Tharrtháil’. Clúdóidh an plé seo, ina mbeidh díospóireacht leathan ar fhionnachtana agus ar stair gheolaíochta a bhaineann le hathrú aeráide agus le healaín, an bealach inar chuir páipéir eolaíochta Joly le faisnéis chomhaimseartha sa réimse, ó na mianraí ar baineadh úsáid astú sna grianchealla agus an litiam a fuarthas san eibhear go linnte carbóin agus am geolaíoch. 

Níos deireanaí san oíche osclófar do chuid súile sa School of Looking do shaibhreas na bithéagsúlachta atá mórthimpeall orainn le heispéireas ‘Slow Looking – bealach le scrúdú a dhéanamh ar an nádúr go mall agus go grinn agus tuiscint a fháil ar cháilíochtaí agus ar fhadhbanna na timpeallachta. 

Bainfidh tú taitneamh freisin as féachaint roimh ré ar na chéad radhairc ar River Movie éachtach Cleary agus Connolly, ina ndéantar cur síos ar theagmháil an Mayfly le healaíontóirí, gníomhaithe agus eolaithe agus an Mayfly ar a turas suas an abhainn ó Luimneach go hInis Ceithleann.

The Eco Showboat visits Brookfield Farm

Open Video

Tá Gradam Glao Oscailte na Comhairle Ealaíon faighte ag tionscadal an Éicea-Bháid, an Gradam SFI Discover, Gradam Straitéiseach Ealaíona Luimnigh agus faigheann tacaíocht ó Éire Ildánach, Uiscebhealaí Éireann, Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, Clár Uisce an Údaráis Áitiúil, Oifig Ealaíon Chomhairle Contae Uíbh Fhailí agus ó údaráis áitiúla agus ó ollscoileanna ar fud na tíre.

Cuir áit in áirithint duit féin ag an imeacht i mBeannchar agus ag an gCeardlann Slow Looking, tá imeachtaí saor in aisce ach ní mór áit a chur in áirithint. 

Stay up to date

×