Skip to main content


Nuacht

Am a fháil don Léitheoireacht: 4 bhealach chun tú féin a fháil sáite i leabhar

Suigh siar. Lig do scíth. Téigh ar Seachrán. Bí ar do Shuaimhneas! Ar an Aoine 25 Feabhra, tá Éire ag Léamh ag spreagadh gach duine againn le bheith sáite i leabhar agus gealltanas a thabhairt go leanfaidh muid ag léamh ar feadh pé méid ama a oireann dúinn féin.

Agus é ar ais le haghaidh bliain eile, is tionscnamh iontach é Éire ag Léamh a chuireann ár leabharlanna poiblí ar fáil mar chuid d’fheachtas #KeepWell an rialtais. Cuireann sé an léitheoireacht i lár an aonaigh in intinn mhuintir na hÉireann ar feadh aon lá amháin agus bhí an fhreagairt thar barr ar fad. Cheana féin tá gealltanas tugtha ag daoine fud fad na tíre go gcaithfidh siad 165,065 nóiméad i mbun léitheoireachta Dé hAoine seo chugainn an 25 Feabhra. Tá sé léirithe ag staidéir gur féidir laghdú suntasach a chur ar an strus agus ar an imní tar éis fiú aon amháin seisiún léitheoireachta tríocha nóiméad.

An bhfuil tú ag déanamh iontais cén chaoi a bhféadfaidh tú a bheith páirteach agus leas a bhaint as na buntáistí iontacha seo? Cuir do ghealltanas maidir leis méid ama atá rún agat a chaitheamh ag léamh ar shuíomh gréasáin Éire ag Léamh,  nó cláraigh le haghaidh aon cheann de na himeachtaí a bheidh ar siúl, lena n-áirítear The Power of Words, plé painéil faoi chathaoirleacht an chraoltóra Rick O’Shea, duine a bhfuil an-tóir ar leabhair aige.

books

 

Agus má tá tú ag iarraidh teacht ar bhealaí praiticiúla le go mbeidh níos mó grá agat do leabhair, coinnigh ort ag léamh go dtiocfaidh tú ar roinnt leideanna atá cabhrach, éasca agus inrochtana.

Faigh inspioráid ó dhaoine eile ar aoibhinn leo leabhair

Nuair a chloisimid cairde nó baill teaghlaigh ag caint faoi na leabhair is ansa leo tá sé ar cheann de na bealaí is fearr le cur i gcuimhne dúinn gur cheart dúinn tuilleadh a léamh agus dúshlán a thabhairt dár liostaí léitheoireachta. Agus mura gcuidíonn a gcuid moltaí leat tiocfaidh Éire ag Léamh  i gcabhair ort leis an ngineadóir Faigh Leabhar. Níl ort ach an méid ama a theastaíonn uait a chaitheamh ag léamh a chur isteach, an cineál leabhair is mó a bhfuil suim agat ann agus leibhéal an leabhair, agus ligean dóibh ceann a mholadh duit!

Tacaigh le d’fhéile leabhar áitiúil

An bhfuil bealach níos fearr chun iniúchadh a dhéanamh ar an ngrá do leabhair atá ag péacadh ionat ná a bheith i lár na mórgachta i saol na litríochta ag ceann dár bhféilte leabhar áitiúla dochreidte? Cuirfidh Féile Chlub Leabhar na hInse tús lena gcuid gníomhaíochtaí ar an 4 Márta i mbliana, agus scata d’údair spreagúla agus cumasacha acu lena n-áirítear Edel Coffey, Michael Harding, Chandrika Narayanan-Mohan agus Frank Golden – gan ach cúpla duine acu a ainmniú. Tá na ticéid do na himeachtaí seo saor in aisce– bheifeá craiceáilte gan an deis a thapú go beo. Níos déanaí sa bhliain, fillfidh an fhéile liteartha iomráiteach Hinterland arís ar Cheanannas, Co. na Mí le haghaidh sceideal iontach eile. I measc na n-aíonna a bhí ann roimhe seo tá Sebastian Barry, John Boyne agus Germaine Greer.

Tosaigh club leabhar nó bí páirteach i gceann – ar líne nó ag IRL

Ar ndóigh ó tharla muid ar fad a bheith inár máistrí ar an Zúm ag an staid seo cén fáth nach n-úsáideann tú do na sárscileanna digiteacha atá agat chun tuilleadh a fhoghlaim ó dhaoine eile i gclub leabhar ar líne? Tá clubanna ann le haghaidh gach ábhar spéise agus gach leibhéal a d’fhéadfá a shamhlú. Díospóireachtaí paiseanta; éagsúlacht tuairimíochta; cad a bhí an t-údar ag iarraidh a rá i ndáiríre i gCaibidil a Ceathair?  Tá acmhainn iontach ag Writing.ie le gur féidir leat an rud atá uait a aimsiú más fearr leat an leabhar sárdíola sin a phlé sa bhaile ar do shuaimhneas. Ach más breá leat bualadh le daoine agus cupán tae a bheith agat ina gcomhluadar bain triail as rogha na míosa ag Irish CentralClub Leabhar Rick O’Shea – An ceann is mó in Éirinn!

Cuimhnigh: tá fiúntas le gach cineál léitheoireachta

Ní gá gur clasaicí liteartha agus nó úrscéalta a bhfuil 800 leathanach iontu a bheadh i gceist. Le haghaidh Lá Éire ag Léamh agus gach lá eile, is fút féin atá sé céard a dhéanfaidh tú leis an léitheoireacht. Mar sin líon do chroí! An aoibhinn leat greannáin? Caith beagán níos mó ama gach seachtain ag tumadh isteach sna rudaí a thógann do chroí. An mbraitheann tú níos meabhraí agus thú ag fáil ceannlínte an lae? Aimsigh an foinse nuachta sin a raibh tú i gcónaí fiosrach faoi. An bhfuil spéis agat in ábhar ar leith? Sciob leat den seastán an chóip is déanaí den iris is deise leat agus téigh isteach i saol an fhaisin, na hiascaireachta nó na peile. Aon rud atá scríofa is féidir é a léamh, mar sin bíodh do rogha agat agus glac sos. Beidh tú sásta go ndearna tú amhlaidh.

Aimsigh liosta na n-imeachtaí agus na ngníomhaíochtaí de chuid Éire Ildánach atá ar fáil i do cheantar, anseo.

 

B'fhéidir go dtaitneodh seo leat…

Stay up to date

×