Skip to main content
Credit: Tom Flanagan


Nuacht

Scileanna Sláinte agus Folláine Siompóisiam Náisiúnta faoi ról na cruthaitheachta agus na n-ealaíon i sláinte agus folláine

Scroll
3 min read

Scileanna Sláinte agus Folláine Siompóisiam Náisiúnta faoi ról na cruthaitheachta agus na n-ealaíon i sláinte agus folláine

3 min read

26/05/22

Scileanna Sláinte agus Folláine Siompóisiam Náisiúnta faoi ról na cruthaitheachta agus na n-ealaíon i sláinte agus folláine

Ar siúl ar Dé Céádaoin 22 Meitheamh 2022, cuirfidh an Siompóisiam fóram ar fáil do lucht déanta beartais agus daoine a oibríonn sna hearnálacha sláinte, ealaíon agus cultúir chun breathnú ar conas a is fearr leas a bhaint as an gcaoi a gcabhraíonn rannpháirtíocht chruthaitheach lenár sláinte agus folláine.

Inniu d’fhógair Catherine Martin, an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán siompóisiam náisiúnta faoin gcruthaitheacht, sláinte agus folláine. Óstálfaidh clár uile-rialtais Éire Ildánach, an Roinn Sláinte (Éire Shláintiúil), Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus an Chomhairle Ealaíon an cruinniú seo.

Sa siompóisiam:

  • Déanfar machnamh ar an bhfianaise maidir leis na buntáistí sláinte a bhaineann leis na healaíona cruthaitheacha
  • Déanfar plé ar ghníomhaíochtaí ealaíon agus sláinte in ospidéil ar féidir leo cabhrú le torthaí sláinte níos fearr a sheachadadh d’othair agus dá gcúramóirí
  • Déanfar iniúchadh ar ról oibríochtúil earnálacha na n-ealaíon, an chultúir agus na cruthaitheachta maidir le cúram sláinte agus folláine a sheachadadh sa phobal.

Dúirt an tAire Catherine Martin:

“Aithnítear na buntáistí a thugann na healaíona, an cultúr agus an rannpháirtíocht chruthaitheach d’fholláine mheabhrach daoine ar bhealach níos forleithne i dtaighde an lae inniu. Go deimhin, fuarthas tuiscint shoiléir air seo le linn Covid-19 agus muid ag maireachtáil trí thréimhsí leithlisithe shóisialta. Táim tiomanta, mar sin, do chomhoibriú le mo chomhghleacaithe sa Rialtas chun tionscnaimh spriocdhírithe, bunaithe ar fhianaise a thabhairt chun cinn a sheachadann buntáistí sláinte agus folláine trí na healaíona, cultúr agus cruthaitheacht ar bhealach inbhuanaithe.”

B'fhéidir go dtaitneodh seo leat…

Stay up to date

×