Skip to main content
OLYMPUS DIGITAL CAMERA


Nuacht

Tionscadal Meirge

Tionscadal éiciealaíne a maoiníodh faoi Chlár Ildánach 2021 ab ea Tionscadal Meirge (Céim 1) a dhírigh ar Phortach an Droimín, i nDeisceart Cheatharlach.

Is é an t-ealaíontóir Jules Michael le tacaíocht ó Thionscadal Phortach an Droimín agus ón Dr. Cathy Fitzgerald a bhí i mbun Thionscadal Meirge (Céim 1) agus tionóladh imeacht i Halla an Droimín i mí Dheireadh Fómhair 2021 le bailchríoch a chur ar an tionscadal. Thug sin dreamanna eile a bhí maoinithe ag Éire Ildánach agus a raibh baint acu le Port an Droimín le chéile le linn na bliana 2021, dreamanna a raibh baint acu le cúrsaí eolaíochta, cruthaitheachta, staire chomh maith leis an bpobal máguaird.

Ba chuairt a thug pailé-seandálaithe Wet Futures/UCC ar Phortach an Droimín chun móin a shampláil i mí Iúil roimhe sin an bunús a bhí le himeacht mhí Dheireadh Fómhair 2021. Baineadh leas as na torthaí dátaithe carbóin a fuair na heolaithe i dtaispeántas de shamplaí pailine atá 5,000 bliain d’aois, agus i gcur i láthair ar dhomhain-am Phortach an Droimín.

snail fragment from ancient bog

Paleolithic snail fragment from Drummin Bog

Le scileanna deileadóireachta, straitéisí caomhnaithe na scréachóige reilige, taispeántas de dhéantáin staire áitiúil agus siúil is labhair le héiceolaí, rinneadh imeacht de ina ndearnadh nasc le bothán na bhfear áitiúil, le hionad for-rochtana do dhaoine fásta, scoileanna áitiúla, baill den phobal agus le heolaithe agus le healaíontóirí eile. Dhá lá iléagsúla agus ionchuimsitheacha a bhí ann ar ar fhreastal go leor cuairteoirí, an tAire Oidhreachta agus Athchóirithe Toghcháin, Malcolm Noonan, ina measc.

Drummin Bog ecologist walk 2021

Is féidir taifead físiúil den imeacht seo agus ar an scéal a bhaineann leis a fheiceáil ach cliceáil ar an nasc thíos:

https://drumminbog.com/2021/10/21/creative-ireland-2-day-event-carlow/

Tá Tionscadal Meirge (Céim 2) ar bun i láthair na huaire agus tiocfaidh deireadh leis i mí Bealtaine 2022.

Coinnigh súil ar an láithreán gréasáin www.drumminbogproject.com chun an nuacht is déanaí agus tuilleadh eolais a fháil.

B'fhéidir go dtaitneodh seo leat…

Stay up to date

×