Skip to main content


Nuacht

An Bealach Bohemian: Réidh leis an gcic tosaigh a bhualadh

Scroll
1 min read

An Bealach Bohemian: Réidh leis an gcic tosaigh a bhualadh

1 min read

4/02/22

An Bealach Bohemian: Réidh leis an gcic tosaigh a bhualadh

Ar an Domhnach 20 Feabhra, cuirfidh tráthnóna scéalaíochta agus ceoil tús le bliain d'imeachtaí, comhráite pobail agus comhchruthaithe as a gcruthófar eispéireas cultúir nua i mBaile Átha Cliath.

Beidh sé mar aidhm ag an mBealach Bohemian, le tacaíocht ó na pobail áitiúla, ealaíontóirí, filí, staraithe, físghrafadóirí agus ceoltóirí, daoine a spreagadh le bheith páirteach sa chath in aghaidh an athraithe aeráide. Agus iad ag obair le chéile cruthóidh siad bealach siúil stairiúil ó Lóiste ag Gheata ar an gCuarbhóthar Thuaidh i bPáirc an Fhionnuisce, an áit ar bunaíodh an club in 1890, go dtí Páirc Chnocán Uí Dhálaigh. Díreofar ar roinnt spraoi a bhaint as an imeacht agus rud nó dhó a fhoghlaim ar an mbealach.

Beidh an chéad leath den chic tosaigh ar siúl i Páirc Chnocán Uí Dhálaigh  – áit a bpléifidh staraithe, filí agus eolaithe stair an chlub, ár bpobal, agus ár dtodhchaí choiteann.

Beidh an dara leath ar siúl i dTeach Tábhairne Cobblestone, áit a dtiocfaidh ceoltóirí, ealaíontóirí agus scéalaithe le chéile chun ceiliúradh a dhéanamh agus iad ag tabhairt faoin  mBealach Bohemian.

 Tá fáilte roimh chách!

Beidh tuilleadh eolais maidir leis an mbealach a bhféadfaidh tú páirt a ghlacadh, lena n-áirítear clárú le haghaidh imeachtaí, ar fáil anseo ar an 10 Feabhra 2022.

Léigh tuilleadh faoin mBealach Bohemian agus gach ceann de na 15 tionscadal nuálach de chuid an Chiste um Ghníomhú Cruthaitheach ar son na hAeráide anseo.

Stay up to date

×