Skip to main content
Marta Golubowska


Nuacht

Tionscadal an Éiceabháid: Pobail a nascadh ar mhaithe le todhchaí saor ó charbón

Scroll
4 min read

Tionscadal an Éiceabháid: Pobail a nascadh ar mhaithe le todhchaí saor ó charbón

4 min read

17/08/21

Tionscadal an Éiceabháid: Pobail a nascadh ar mhaithe le todhchaí saor ó charbón

Tá sé mar aidhm ag stiúideo ealaíne agus saotharlann eolaíochta snámha pobail a nascadh trí Thionscadal an Éiceabháid Taispeána, ar mhaithe le todhchaí saor ó charbón a chruthú.

Ar bhruach abhainn na Péiche, i gCill Chainnigh, ar an Domhnach 22 Lúnasa – Lá Oidhreachta Uisce 2021 – seolfaidh An tAire Stáit um Oidhreachta agus Athchóiriú Toghcháin, Malcolm Noonan TD, Tionscadal an Éiceabháid Taispeána. Nuair a bheidh an saotharlann ealaíon éiceolaíoch snámha seo tógtha, ceanglóidh sé na pobail ar uiscebhealaí na hÉireann le chéile chun iad a spreagadh le gníomhú ar son na haeráide, rud a bhfuil géarghá leis.

Ba iad na healaíontóirí Anne Cleary agus Denis Connolly as an scoil nuálach School of Looking, ina ndéantar iniúchadh ildisciplíneach ar ealaín agus ar eolaíocht na féachana, a chuimhnigh air agus tá an bheirt ag obair chun athrú ó bhonn a chur ar bháirse oidhreachta céad bliain d’aois le go mbeidh sí ina soitheach saor ó charbón a bheidh oiriúnach le haghaidh turais éiceabháid ar ár n-uiscebhealaí intíre. Ar Lá Oidhreachta Uisce 2021, seolfar láithreán gréasáin an Éiceabháid chomh maith le taispeántas de líníocht dearaidh an bháid – rud a thabharfaidh ealaíontóirí, eolaithe agus an pobal le chéile faoin aer ar bhruach na habhann.

 

Sketch of a boat

 

Is é aidhm an tionscadail freagairt ealaíonta a spreagadh ar fud na tíre i dtaca leis an athrú aeráide agus cé nach mbeidh an tÉiceabhád féin réidh chun dul i mbun oibre go dtí 2022, tá roinnt gradam faighte ag an tionscadal cheana féin lena n-áirítear: Gradam Glao Oscailte na Comhairle Ealaíon 2021, Gradam Fionnachtana SFI agus Gradam Straitéiseach Chomhairle Cathrach & Contae Luimnigh. Faigheann an tionscadal tacaíocht freisin ó Uiscebhealaí Éireann, Éire Ildánach, LAWPRO, Treoir Uiscí Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, Insight SFI, An Lárionad Taighde um Anailísíocht Sonraí, agus Oifigí Ealaíon agus Oidhreachta na gComhairlí Contae ar fud na tíre.

“Is é aidhm an tionscadail freagairt ealaíonta a spreagadh ar fud na tíre i dtaca leis an athrú aeráide agus cé nach mbeidh an tÉiceabhád féin réidh chun dul i mbun oibre go dtí 2022”

Tá cúig thionscadal páirteach i dTionscadal an Éiceabháid Taispeána agus oibreoidh na rannpháirtithe i gcomhar leis na pobail chruthaitheacha agus eolaíochta agus leis na pobail níos leithne lena mbuailfidh siad ar an mbealach, chun go mbeidh tuiscint níos fearr ar an áilleacht, na féidearthachtaí agus na fadhbanna a bhaineann leis an bhfíoruisce. I ndeireadh na dála, tá sé mar aidhm acu gníomhaíocht fhorleathan a spreagadh mar fhreagairt ar na dúshláin atá romhainn ó thaobh na géarchéime aeráide.

 

Hands holding notebook and metre reading

Chelsea Canavan & Deirdre Power’s project

 

Gheobhaidh tú tuilleadh eolais thíos faoin gcúig thionscadal atá ag comhoibriú ar an Éiceabhád Taispeána:

Marie Hanlon | Baile Átha Cliath

Tá áit lárnach ag caighdeán an uisce i dtionscadal Marie, ‘An bealach a gcaithimid le hUisce’, a dhíreoidh ar uisce i dtréimhse seo an athraithe aeráide – an timthriall uisce, tuilte, triomach, cóireáil uisce, athchúrsáil uisce, díshalannú etc. Tacaíonn an tionscadal leis an smaoineamh go bhfuil teorainn leis an méid uisce atá ar fáil agus é faoi bhagairt anois ón athrú aeráide, an méadú atá tagtha ar an daonra agus an t-éileamh ar uisce atá ag dul i méid i gcónaí de bharr slí mhaireachtála nua-aimseartha.

 

Marta Golubowsk | Cill Dara

Ealaíontóir atá ina cónaí ar an gCanáil Mhór í Marta agus tá sí mar chuid de phobal a bhfuil a saol ag brath ar uiscí na gcanálacha. ‘Speicis Ionracha’ an teideal atá ar a tionscadal agus baineann sé le luifearnach uisce ar a dtugtar Ceratophyllum demersum a chasann é féin timpeall ar sheaftaí na lián le go mbíonn an loingseoireacht deacair, nó fiú dodhéanta.

 

Paul Berg | An Clár

Ceithre bliana ó shin thosaigh Pól ag obair ar ‘An Chrannóg Cheoil’, rafta ceithre mhéadar ar trastomhas atá feistithe ar phontún nach bhfuil in úsáid. Is éard atá i gceist leis an tionscadal ná oibriú ar dhíláithriú aeir trí bhrú ón uisce (sa chás seo ag baint úsáide as an tuile agus an trá  i Loch Deirgeirt, áit a bhfuil an rafta suite) chun píb dála armóin bambú agus adhmaid atá as feidhm, a sheinm. Mar chuid den chomhoibriú leis an Éiceabhád, tá rún ag Pól raon de phíobaí a thógáil a mbeadh fuaim íseal astu agus a d’fhéadfadh snámh gan chosc, agus a bheifí in ann a sheinm ar an oileán agus ar bhalla na cé, áit a mbeidh an rafta feistithe.

Joanna McGlynn | Gaillimh

Forbraíonn Joanna tionscadail a bhaineann go sonrach le comhthéacs mar fhreagairt ar an timpeallacht fhisiciúil atá in aice láimhe agus iad íogair do mhuintir an cheantair, don áit agus do na hábhair spéise. Tá téamaí na hoidhreachta nádúrtha, bithéagsúlacht na bplandaí agus na micrea-éiceachóras mar bhunús dá comhoibriú leis an Éiceabhád Taispeána agus tá sí á bhforbairt i gcomhpháirtíocht le healaíontóir fuaime, Anne Marie Deacy agus le cabhair ón taighdeoir an Dr. Christie Cunniffe.

 

Man sitting and looking at a field

 

Chelsea Canavan & Deirdre Power | Luimneach

Féachann Chelsea agus Deirdre ar phobail inspéise atá cheana féin feadh na gcanálacha a bhraitheann sa bhaile ann i gcónaí cé go bhfuil deireadh tagtha le fada leis an trádáil earraí ar an gcanáil. Forbraíodh na canálacha mar gheall ar thionscail a bhí bunaithe feadh na mbealaí. Mar thoradh air sin, tá na  huiscebhealaí ‘saorga’ a tógadh ina n-éicea-eolaíochtaí taobh istigh den ailtireacht dhúchasach agus tugann siad léargas ar stair nua.

 

4 people holding notebooks

Bí in éineacht le foireann an Éiceabháid ag 1pm Dé  Domhnaigh 22 Lúnasa le haghaidh tráthnóna d’imeachtaí spreagúla faoin aer don teaghlach ar bhruach na habhann, ar thailte Halla Contae Chill Chainnigh.

Faigh tuilleadh eolais faoi ócáid seolta an Éiceabháid anseo.

Stay up to date

×