Skip to main content


Nuacht

Gníomhaíochtaí ionchuimsithe sóisialta agus folláine Thiobraid Árann

I bhFómhar na bliana 2023, phleanáil Éire Ildánach Thiobraid Árann gníomhaíochtaí cruthaitheacha chun tacú le folláine agus rannpháirtíocht shóisialta i mbailte Chluain Meala, an Aonaigh agus Bhuiríos Uí Chéin. Tá tacú le daoine fásta nascadh le grúpaí pobail, seirbhísí, clubanna agus gníomhaíochtaí i gceist le hoideasú sóisialta chun feabhas a chur ar shláinte agus ar fholláine ginearálta an duine..

Bhí sraith de cheithre cheardlann maidir le scríbhneoireacht chruthaitheach ar siúl i gCluain Meala idir míonna Meán Fómhair agus Deireadh Fómhair in Ionad Acmhainní Teaghlaigh Chluain Meala agus is í Margaret Galvin a d’eagraigh iad. Is ón gCathair i gContae Thiobraid Árann Margaret Galvin ó dhúchas agus tá céim BA i gCúram Sóisialta agus MA i Staidéar Leanaí, Daoine Óga agus Teaghlaigh aici. Tá spéis ar leith ag Margaret sa chumas scríbhneoireachta cruthaitheach a chothú agus a spreagadh i socrúcháin phobail/cúraim. D’fhreastail 19 rannpháirtí ar na ceithre cheardlann agus bhain an croíghrúpa a d’fhreastail ar gach aon seisiún an-sásamh as an taithí agus chuir siad bailiúchán saothair le chéile le linn an ama sin agus beidh an saothar seo ar taispeáint san ionad i mí na Nollag mar imeacht beag ceiliúrtha ar an méid a baineadh amach chomh maith le hobair a tugadh chun críche ar thionscadal ealaíne eile.

Chomh maith leis sin bhí sraith de Cheardlanna Ealaíon agus Ceardaíochta ar siúl i Leabharlann Chluain Meala agus in Ionad Acmhainní Teaghlaigh Chluain Meala idir míonna Mheán Fómhair agus Deireadh Fómhair. D’fhreastail rannpháirtithe ar cheardlann Ealaíon agus Ceardaíochta le Paulette O’Donovan i Leabharlann Chluain Meala agus bhí saothar ealaíne mar thoradh air sin. Rinne Rikey Howe, cleachtóir oilte ealaíon agus ceardaíochta, óstach ar thrí cheardlann ar leith inar áiríodh Decopatch, ceardaíocht páipéir maisithe. Bhí 41 rannpháirtí páirteach idir na ceithre cheardlann.

D’fhreastail 60 duine ar léiriúchán From Out the Land, Dé Máirt an 6 Meán Fómhair. Ba léiriúchán amharclainne suíomhoiriúnaithe ar mhórscála a rinne comóradh ar Bheairic Kickham, ar Óglaigh na hÉireann agus a ról i bhfórsa coimeádta síochána idirnáisiúnta leis na Náisiúin Aontaithe.  Bhí an t-aiseolas ón lucht freastail thar barr agus bhain siad fíor-shásamh as an léiriúchán a raibh an oiread sin comhbhá ag muintir Chluain Meala leis.

.

“Tá sé simplí! Tá a fhios agam anois go bpiocfaidh mé suas scuab phéinteála sa bhaile má bhím in ísle brí. Chuir sé faoi deara dom go bhfuilim go maith ag ealaín. Chuir sé gliondar ar mo chroí agus mé ag péinteáil. Tá an phéinteáil thar barr don fholláine.”

“Thug sé an mothú sin dom go raibh mé san áit cheart agus bhí mé suaimhneach. Bhí mé ar bís ag fanacht le maidineacha Déardaoin!”

San Aonach, reáchtáladh 6 cheardlann Mapála ó Mheán Fómhair go Deireadh Fómhair in Ionad Ealaíon an Aonaigh. Is í Kay O’Donoghue a d’eagraigh na ceardlanna. Is ealaíontóir meán measctha agus éascaitheoir cáilithe ealaíne í Kay a bhfuil MA 2 bhliain sna hEalaíona agus sa Rannpháirtíocht bainte amach aici san MTU i gCorcaigh. Cuireadh tús le gach aon seisiún le machnamh aireach talmhaithe chun cuidiú le féinfheasacht agus chun fuinneamh cuí agus meon dearfach a chothú don phríomhghníomhaíocht. Rinneadh taifeadadh ag gach aon seisiún ó thaobh réamhghníomhaíochta agus iarghníomhaíochta ar mhaithe le comparáid agus úsáid a bhaint as cleachtas ar a dtugtar an bosca draíochta. Tugadh cuireadh do rannpháirtithe ag gach seisiún, ábhair a úsáid go nádúrtha agus sraitheanna datha, téacs, marcanna nó aon teicníc eile a chur leis gan aon réasúnaíocht chomhfhiosach. D’fhreastail breis is 90 duine ar an gcúrsa 6 seachtaine.

Mar gheall go raibh líon dóibh siúd a bhí cláraithe d’Oideasú Sóisialta ina gcónaí i gceantar Bhuiríos Uí Chéin, shocraíomar go dtionólfaidh sraith de 4 cheardlann péintéireachta sna Ceardlanna Ealaíne san Art D Studio & Gallery. D’fhreastail breis is 15 duine ar na seisiúin agus cruthaíodh saothair ealaíne den scoth, bhain na rannpháirtithe an-sásamh as na seisiúin agus bhí iontas an domhain orthu mar gheall ar an dul chun cinn a bhí déanta acu in achar gearr.

Stay up to date

×