Skip to main content
Wexford Creative Communities Project.


Nuacht

Banóglaigh Loch Garman á dtumadh féin i Leas na Mara

Scroll
4 min read

Banóglaigh Loch Garman á dtumadh féin i Leas na Mara

4 min read

15/03/22

Banóglaigh Loch Garman á dtumadh féin i Leas na Mara

Tá Banóglaigh na hÉireann as Ceantar Treoraithe Sliogáin Trá i gCathóir agus Baile na Cúirte tagtha le chéile chun iniúchadh a dhéanamh ar thionchar na truaillithe ó bhruscar ar an muirthimpeallacht áitiúil, ar bhealach cruthaitheach agus inbhuanaithe.

Is tionscadal de chuid Phobail Ildánacha Loch Garman é Fish or Foul?, atá faoi stiúir Una Wafer agus á chomheagrú ag Ionad Rannpháirtíochta STEM (Eolaíocht, Teicneolaíocht, Innealtóireacht agus Mata), in Institiúid Teicneolaíochta Phort Láirge. I dteannta an chomharghrúpa seo de Bhrídíní, Banóglaigh agus Craobh Sinsearach, tá Órla Bates, amharc-ealaíontóir agus múinteoir cáilithe a bhíonn ag plé le hoideachas ealaíne agus deartha.

Is tionscadal cúig seachtaine é seo ina mbainfidh an grúpa triail as déanamh priontaí, líníocht agus monaiphriontáil, ag baint úsáid as ábhair a aimsíodh ar thránna áitiúla i Loch Garman. Bainfear úsáid as na nithe a bhaileofar chun foireann priontaí collagraif a chruthú, agus tá na saothair dheiridh le cur ar taispeáint agus le díol mar bhealach tiomsaithe airgid do Tharrtháil Rónta Éireann.

Cuireadh tús leis an tionscadal i mí Feabhra tar éis lá oideachais in dhá leath ar Thrá Chathóir. Mar chuid den lá seo bhí caint leis an Dr Gillian Wheatly, an tOifigeach For-rochtana na dTaiscéalaithe le Clár Oideachais na dTaiscéalaithe, a fhaigheann maoiniú ó Fhoras na Mara. Bhí turas treoraithe ina dhiaidh sin, a bhuíochas do Donal McGrath ó Sheirbhís Tarrthála Cladaigh Chathóir.

Dúirt Kayleigh Foran, Comhordaitheoir Rannpháirtíochta STEM Calmast, go raibh sé mar aidhm leis an tionscadal Fish or Foul? spéis daoine óga a spreagadh in ábhar an truaillithe mara agus an tionchar atá aige ar a gceantar áitiúil:

“Leis an tionscadal Pobail Ildánacha, tugadh deis ar leith do Bhanóglaigh a bheith ag smaoineamh faoin ndomhan thart orthu agus critíc a dhéanamh air, ar bhealach nuálach agus spreagúil. Leis an líonra tacaíochta pobail, éascaithe ag an múnla Mol agus Cnuasach, cuireadh ar chumas na gcailíní breathnú ar a gceantar féin ó dhearcadh nua, trínar méadaíodh an muinín a bhí ag na cailíní i STEM, i maoirseacht mhara agus an tuiscint atá acu ar an bhfreagracht atá orthu.”

Above: Wexford Creative Communities Project.

Tá an tionscal seo mar chuid de thionscnamh Mol agus Cnuasach níos leithne lena chur Calmast tús chun oideachas agus rannpháirtíocht pobail i ndáil le STEM a mhéadú go suntasach ar fud an Oirdheiscirt ar fad. Cuireadh sé bhraisle réigiúnacha le chéile i Loch Garman, Ros Mhic Thriúin, Port Láirge, Cill Chainnigh, Cluain Meala agus Dún Garbháin.

Is é Fondúireacht Eolaíochta Éireann a mhaoiníonn an múnla Mol agus Cnuasach, lena dtugtar na príomhghníomhaithe sa cheantar le chéile ina gcnuasaigh – ó rialtas áitiúil, leabharlanna agus earnáil na tionsclaíochta, breisoideachas, scoileanna agus araile – chun rannpháirtíocht STEM a spreagadh trí chomhpháirtíochtaí tairbheacha sa cheantar.

Mar aon le seisiún monaiphriontáil agus líníochta a tharla ag tús mhí Mhárta, thug Krysten Maieran, Bainisteoir Oideachais Ionad Tarrtháil Rónta Éireann i mBaile na Cúirte, caint oideachasúil thar a bheith spéisiúil agus threoraigh sí turas timpeall an ionaid. Trí thaithí láimhe a fháil sna gníomhaíochtaí a rinneadh i rith an tseisiúin, d’fhoghlaim na Banóglaigh faoin bpróiseas athshlánaithe rónta agus faoi na hiarmhairtí a bhíonn ag daoine ar thimpeallacht nádúrtha na rónta go minic.

Photo: Patrick Browne

Dúirt Kayleigh chomh maith go bhfuil “tábhacht an-mhór ag baint leis an inbhuanaitheacht agus le gníomhú dearfach ar son na haeráide de réir mar a bhíonn muintir an réigiúin ag déanamh a gcuid chun an t-athrú aeráide a chosc.”

Mar aon le tionscadal Phobail Ildánacha Loch Garman, tá roinnt tionscnamh eile atá dírithe ar an aeráid bunaithe ag Calmast, lena n-áirítear clár rannpháirtíochta leanúnaí do dhaltaí na hIdirbhliana, a bhfuil an teideal STEMReach Sustainability: Your Story Our Future air; agus ACT Waterford, tionscadal bliana lena dtugtar cúig phobal agus cúigear cruthaitheacha le chéile faoi chúig théama um ghníomhú ar son na haeráide.

Tá ACT Waterford ar cheann de na 15 tionscadal ar fud na tíre a bhfuil maoiniú á fháil aige leis an gCiste Gníomhú Cruthaitheach ar son na hAeráide de chuid Éire Ildánach, ar fiú €2 milliún é.

Faigheann an tionscadal Pobail Ildánacha Loch Garman maoiniú agus tacaíocht ó Chomhairle Contae Loch Garman i gcomhpháirtíocht le hÉire Ildánach mar chuid den clár Pobail Ildánacha.

B'fhéidir go dtaitneodh seo leat…

Stay up to date

×