Skip to main content


Nuacht

Yarns – Comhdháil Oileán Comhroinnte a spreagann daoine cumasacha agus tionscail in earnáil an fhaisin agus na teicstíle in Iarthuaisceart na hÉireann

Scroll
min read

Yarns – Comhdháil Oileán Comhroinnte a spreagann daoine cumasacha agus tionscail in earnáil an fhaisin agus na teicstíle in Iarthuaisceart na hÉireann

min read

20/01/23

Yarns – Comhdháil Oileán Comhroinnte a spreagann daoine cumasacha agus tionscail in earnáil an fhaisin agus na teicstíle in Iarthuaisceart na hÉireann

Tionscal seanbhunaithe is ea an tionscal faisin agus teicstíle in Iarthuaisceart na hÉireann. Tá sé ina fhoinse luachmhar ó thaobh ioncaim de chomh maith le bheith ina mhargadh cruthaitheachta leis na céadta bliain, agus bhain cuid de na dearthóirí clú agus cáil amach. Tá an tionscal sin fós beo agus folláin sa lá atá inniu ann ar fud an réigiúin a bhfuil leas bainte as i nDún na nGall ag Cósta Cruthaitheach Dhún na nGall, atá á fheidhmiú ag Oifig Fiontair Áitiúil Dhún na nGall mar acmhainn chun tacú le Tionscail Ildánacha i nDún na nGall.

I mí na Samhna 2022, chuir maoiniú Oileán Comhroinnte ó Éire Ildánach borradh faoin tionscal nuair a chuaigh Comhairle Chontae Dhún na nGall agus Comhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin i mbun comhoibrithe chun Yarns – Comhdháil don tionscal faisin agus teicstíle a mhair dhá lá, a reáchtáil. Agus é á óstáil ag Comhairle Chontae Dhún na nGall i gcomhpháirtíocht le Comhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin, reáchtáladh imeachtaí ar an 18 agus 19 Samhain 2022 in Amharclann Playhouse agus san Ionad Dearaidh Faisin & Teicstíle i nDoire, chomh maith leis an Ionad Cultúir Réigiúnach i Leitir Ceanainn.

Rinneadh ceiliúradh ar láidreacht agus ar oidhreacht thionscal an fhaisin agus na teicstíle in Iarthuaisceart na hÉireann agus tugadh deis speisialta do ghnólachtaí léargas eisiach a fháil agus iad ag líonrú lena bpiaraí. Ar bhuaicphointí na comhdhála bhí na ceardlanna praiticiúla agus na comhairliúcháin a thug saineolaithe éagsúla ón tionscal, chomh maith le scéalta i dtaobh tionscail a bhfuil ag éiri go maith leo go háitiúil agus comhairle do na rannpháirtithe.

Mar chuid den chlár bhí ceardlanna praiticiúla amhail Déanamh Málaí agus Mapáil Éiceachórais le Deirdre Lane, aghaidh a thabhairt ar an bpróiseas déantúsaíochta le Orla Ward & Deirdre Wild ó Bottummy agus Crafting a Creative Story le Aideen Bodkin ó A-Line

Chuir daoine a bhfuil ardphróifílí acu i dtionscal faisin agus teicstíle na hÉireann, lena n-áirítear Sonya Lennon, Aisling Farinella, Paula Hughes, Deirdre McQuillan agus Aideen Bodkin, ceardlanna agus plé painéil ar fáil agus rinne siad comhairliúcháin 1:1 chun tacú le huaillmhianta an lucht freastail agus iad a spreagadh. Le linn na hócáide freisin roinn úinéirí ó ghnólachtaí áitiúla agus ionadaithe ó ghnólachtaí amhail Rosy Temple ó Magee 1866, Edel MacBride, Bridie Mullin, Chris Weiniger ó Donegal Yarns, Bridgene Graham & Niall Lynch ó Coalesce Wearable Art, eolas faoin gcaoi a bhfuil ag éirí chomh maith lena ngnólachtaí féin.

Ócáid an-phraiticiúil ar éirigh go maith leis ab ea Yarns do na daoine ar fad a bhí bainteach le tionscal an fhaisin agus na teicstíle nó ar theastaigh uathu a bheith bainteach leis. Ceann de na buntáistí ba mhó a bhain leis an gcomhdháil ná go raibh eolas agus taithí á roinnt le chéile ag na ndaoine a bhíonn ag obair i dtimpeallacht trasteorann. Chabhraigh sé leis an gcaidreamh idir Comhairle Chontae Dhún na nGall agus Comhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin a neartú agus chuir sé deiseanna fáis agus comhoibrithe ar fáil don tionscal.

Yarns | Strength and Opportunities of the Fashion & Textile Industry in Ireland Northwest

Open Video

Féach ar bhróisiúr Yarns anseo

B'fhéidir go dtaitneodh seo leat…

nuacht
litir

Cláraigh don nuachtlitir chun an nuacht agus na himeachtaí is deireanaí maidir le hÉire Ildánach a fháil