Skip to main content

Chester Beatty

An chéad chlár scoile in Éirinn maidir le hIarsmalann Idirchultúrtha

Is í Leabharlann agus Iarsmalann Chester Beatty an t-iarsmalann is mó a chuireann meas agus tuiscint ar chultúir an domhain chun cinn in Éirinn leis an mbailiúchán iontach de lámhscríbhinní, de leabhair agus de sheoda eile as an Eoraip, ón Meán-Oirthear, as Tuaisceart na hAfraice agus as an Áise.  Is é teist Lonely Planet: ‘not just the best museum in Ireland but one of the best in Europe’.

Is gné phríomhthábhachtach de mhisean na leabharlainne an caidreamh agus an fhoghlaim idirchultúrtha agus cothaítear caidreamh le pobal na gcultúr a bhfuil iarsmaí dá gcuid ar fáil sa bhailiúchán.

Tá cúnamh taca á thabhairt ag Éire Ildánach, i gcomhar le Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas, maidir le tionscadal 18 mí chun taighde a dhéanamh ar an gcéad Chlár Iarsmalainne Idirchultúrtha do scoileanna, ar a fhorbairt agus a thabhairt chun cinn (2018-2020). Thug Leabharlann Chester Beatty cuireadh do Choláiste Mhuire gan Smál, Luimneach, d'Ollscoil Mhá Nuad, don tSeirbhís Oideachais Idirchultúrtha (Údarás Oideachais Thuaisceart Éireann) agus don Chomhairleoireacht Oideachais Heritec sa Ríocht Aontaithe oibriú i bpáirt léi maidir leis an gclár a chur le chéile.

Leagadh amach turais nua scoile ar mhaithe le fiosrú agus tuiscint a chothú agus téamaí tábhachtacha in úsáid a eascraíonn as bailiúcháin iontacha Leabharlann Chester Beatty.  Rinneadh tástáil ar na turais le Scoil Náisiúnta Pobail na Leithcheathrún, Co. Ros Comáin, SNP Fhochairde, SNP Scoil Chormaic, Baile Brigín, SNP Iarthar na Catharach agus Theach Sagard agus SNP Chill Dhéagláin.

Cuireadh oiliúint i straitéisí smaointeoireachta don tsúil agus san fhoghlaim bunaithe ar earraí ar na treoraithe agus ar an lucht freastail. Rinneadh cúrsa a leagan amach agus a chur ar fáil maidir le forbairt ghairmiúil leanúnach ar mhúinteoirí agus eagraíodh dhá sheisiún oiliúna i dTuaisceart Éireann agus i Leabharlann Chester Beatty mar chuid den tionscadal féin.

Seoladh clár na scoileanna i mí Márta 2020.

-         Is féidir le múinteoirí agus le daltaí acmhainní foghlama ar líne a thapú a chuideoidh leo tuiscint a fháil ar ábhar na mbailiúchán agus cur le réimsí ábhair a bhíonn ar bun ar scoil acu, mar shampla, ealaín, stair agus reiligiúin an domhain.

-          Beidh cuairt ar na bailiúcháin mar chuid de thuras scoile ar fáil, saor ó tháille, ar laethanta faoi leith den tseachtain scolaíochta.

-          Cuirfear slí na dánlainne ar fáil ar an idirlíon chomh maith le teacht a bheith ar líne ar ábhar bhailiúcháin na hiarsmalainne https://chesterbeatty.ie/explore/places/

-          Oibreoidh Leabharlann agus Iarsmalanna Chester Beatty leis an gclár Oideachas Reiligiúnda don tSraith Shósearach agus tá rún cúrsaí breise san fhorbairt ghairmiúil leanúnach a chur ar fáil san am atá romhainn

Chun tuilleadh eolais a fháil faoin tionscadal seo, cliceáil anseo le do thoil.

Tá tuilleadh eolais ar fáil ó https://chesterbeatty.ie/contact/

Féach https://chesterbeatty.ie/learning/ maidir le hacmhainní agus eolas breise.

©Iontaobhaithe Chester Beatty

Stay up to date

×