Skip to main content

YouthSing
Ireland

YouthSing Ireland

Scroll
2 min read

YouthSing Ireland

2 min read

16/11/21

YouthSing Ireland

Tá neart fianaise ann go bhfuil buntáistí ollmhóra sláinte agus folláine, chomh maith le torthaí soiléire forbartha agus foghlama, do dhaoine óga san amhránaíocht mar ghrúpa.

Le tacaíocht ó Éire Ildánach, d’fhorbair Sing Ireland an clár YouthSing Ireland. Tá amhránaithe óga ar fud na hÉireann, i gcomhpháirtíocht le Cór Náisiúnta na nÓg, ag plé le stór nua agus acmhainní nua amhránaíochta atá i nGaeilge nó a bhfuil tábhacht chultúrtha ag baint leo d’Éirinn.

Tá na píosaí nua-choimisiúnaithe seo ó Sheán Doherty, Róisín Blunnie agus Anne-Marie O’Farrell deartha chun an chruthaitheacht a spreagadh taobh istigh agus taobh amuigh den seomra ranga.

Young participant in YouthSing Ireland

"Fuair mé deis le linn na dianghlasála am a chaitheamh ag déanamh rud a thaitníonn go mór liom. Cuireann an amhránaíocht feabhas ar mo shaol agus cruthaíonn sí nasc le mo chairde"

Tá ceoltóirí, múinteoirí agus daoine óga tar éis a bheith ag obair le chéile ar líne in SingSpaces (áit ina dtarlaíonn amhránaíocht chruthaitheach) agus oibreoidh siad aghaidh ar aghaidh nuair a cheadófar é faoi na srianta.

Bíonn amhránaíocht chruthaitheach ‘ag cruthú léirithe’ agus bíonn rannpháirtíocht agus cur i láthair araon i gceist. Oibríonn an dream a bhíonn páirteach in SingSpace in éineacht le saineolaithe ar chúrsaí gutha, cruthaitheacha agus cóir chun ábhar a chruthú, a léiriú agus a fhorbairt i suíomh fisiciúil atá curtha ar leataobh don amhránaíocht. Tá SingSpaces lonnaithe i suíomhanna a bhfuil tábhacht chultúrtha agus/nó oideachasúil ag baint leo agus tugann siad na daltaí níos faide ná an seomra ranga.

Tá acmhainní nua YouthSing ar fáil anseo.

Faigh tuilleadh eolais faoi YouthSing Ireland: singireland.ie

 

 

Stay up to date

×