
“Coming Home” le Brian O’Doherty, Ionad Ealaíon Ros Comáin
Níl bealach is fearr le ceiliúradh a dhéanamh ar ealaíontóir de bhunadh Ros Comáin ná taispeántas dá chuid saothair a chur ar siúl chun spás nua do na hamharc-ealaíona in Ionad Ealaíne Ros Comáin a sheoladh. “Coming Home” an chéad taispeántas riamh de chuid Brian O’Doherty ina chontae dúchais.
Féach cad atá ar siúl
Ros na nÓg 2021
Roderic O’Conor Conference
The Wood For the Trees
Royal Hotel – Greer MacKeogh Artist Commission/Exhibition
Cúltír - Hinterland
Táin March Festival 2021
Foireann Cultúir agus Cruthaíochta
Ár Straitéis
Cuireadh Meitheal Cultúir le chéile i gComhairle Chontae Ros Comáin sa bhliain 2017 lena mbaineann baill den fhoireann ó na rannóga maidir le hEalaín, Oidhreacht, Leabharlannaíocht, Gnóthaí Pobail agus Fiontraíochta agus an Oifig Fiontraíochta Áitiúil. D'eagraigh an Mheitheal Cultúir agus Oifig Tionscadail Éire Ildánach cruinniú oscailte ag a raibh deis na bealaí is fearr a chíoradh chun cur leis an deis cúrsaí ealaíon, oidhreachta agus cruthaitheachta a thapú ar fud an chontae agus leis an leibhéal rannpháirtíochta. Tháinig ar cuireadh i láthair ag an bplé sin i gceist agus Straitéis Cultúir agus Cruthaitheachta Chomhairle Chontae Ros Comáin 2018-2022 á hullmhú.
...
Is plean uileghabhálach maidir leis an gcontae atá sa Straitéis atá ceangailte leis an bPlean Ealaíon, leis an bPlean Oidhreachta agus leis an tSeirbhís Leabharlannaíochta. Tá an straitéis dírithe ar bhonn treise a chur faoi lucht na cruthaitheachta, i ngach réimse, ar an gcruthaitheacht a chothú i leanaí agus in ógánaigh uile an chontae, ar chur le taithí an phobail ar an gcultúr de gach cineál agus ar infheistíocht straitéiseach, leanúnach, inmharthana i ngnéithe infreastruchtúir maidir le cúrsaí cultúir.
Is é atá d'aisling maidir le hÉire Ildánach i Ros Comáin go mbeadh an deis ag an uile dhuine féith thorthúil na cruthaitheachta i gContae Ros Comáin a thaithí ar mhaithe le sult agus ábhar spéise.