Skip to main content
Kieran Quinn, pianist and composer, on Culleenamore Strand

Sligeach

Contae ina bhfuil taobh tíre sainspéisiúil ilghnéitheach, lán le hoidhreacht cultúir agus beo bríomhar maidir le beartaíocht ealaíne agus cruthaitheachta, is maith atá an cháil mar phríomhbhaile cultúir Iarthuaisceart na hÉireann tuillte ag Sligeach atá suite ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin.

Tá flúirse láithreacha oidhreachta aonchineálacha i Sligeach, mar shampla an Cheathrú Chaol agus an Cheathrú Mhór, fód adhlactha Mhaebha ar mhullach Chnoc na Riabh, agus an reilig ina bhfuil an file W.B. Yeats curtha faoi bhun ‘bare Benbulben’s head’. Tá an taobh tíre, na gnéithe seandálaíochta agus scéimhe agus sceirdiúlacht an cheantair, ina spreagadh ag ealaíontóirí sa lá atá inniu ann, mar a bhí ag muintir Yeats céad bliain ó shin agus os a chionn, agus á mealladh chun cónaí a dhéanamh i Sligeach.

Tá cáil an cheoil le fada ar Shligeach agus is iomaí ceoltóir iomráiteach a tháinig as an áit, idir cheoltóirí traidisiúnta agus cheoltóirí de gach seánra anuas go dtí ceol comhaimseartha na linne seo, agus ní hiontas dá bhrí sin go bhfuil de chlú ar an gceantar go mbíonn ceol beo den scoth le cloisteáil ann. Déantar saol bríomhar iléagsúil an cheoil a chothú le réimse leathan de shraitheanna ceoil, d'fhéilte agus de scoileanna ceoil ó thús go deireadh na bliana.

Tá infreastruchtúr láidir, le hionaid ghairmiúla a fhaigheann cistíocht phoiblí, ina bhonn treise faoi shaol an chultúir i Sligeach a chothú, mar shampla The Model, The Hawk’s Well, The Yeats Society, Blue Raincoat Theatre Company agus Ceoláras Coleman i nGoirtín. Sa Model, tá Bailiúchán Niland le feiceáil, ceann de na bailiúcháin phoiblí ealaíne is suntasaí in Éirinn ar chuir Nora Niland tús leis sa bhliain 1959. Tá Leabharlann Shligigh agus Músaem Contae Shligigh suite i dhá áras a bhfuil tábhacht ailtireachta agus staire leo. Tá cuid mhór iarsmaí, scripteanna, grianghraif agus ábhar cuimhneacháin eile ar coimeád iontu. Tá Comhairle Chontae Shligigh tugtha don saol bríomhar cultúir agus cruthaitheachta seo a chothú, chomh maith le hathbhreithniú a dhéanamh maidir le bearna ar bith ina leith, agus glactar go fonnmhar leis an deis sin a dhéanamh faoi scáth Éire Ildánach.

Tá daoine de náisiúin iléagsúla ina gcónaí i Sligeach faoi láthair a bhfuil traidisiún a gcultúir féin á fhí isteach le saol an chultúir i Sligeach agus ceiliúradh á dhéanamh air i rith na bliana ar fad. Tá flúirse soláthróirí bia ag saothrú na talún i Sligeach agus slite siúlóide ar fáil freisin tríd an taobh tíre breá. Glactar go fonnmhar le cora nua sa teicneolaíocht agus le modhanna nua oibre. Cothaítear bealaí nua chun aird agus tuiscint ar a bhfuil ar fáil i Sligeach a tharraingt ar bhealach atá inmharthana agus cruthaítear ceangal idir an pobal agus an t-aos cruthaitheachta mar chuid dílis den spreagadh maidir le cruthaitheacht an phobail féin.

Image ALT text

Sinsir

Sinsir: Cloisfidh tú i dtosach é, an fharraige ag lascadh an chladaigh, na faoileáin ag gráscar, gáire na bpáistí ag imeacht ar an ngaoth. Is féidir é a bhlaiseadh ansin, an salann sáile sa gceobhrán. Ansin a fheicfidh tú í, mar a bheadh taisí ann, ag seasamh sa doras sa teach glas.

Foireann Cultúir agus Cruthaíochta

Laughing conductor

Donal Tinney

Comhordaitheoir, Éire Ildánach & Leabharlannaí

Teagmháil

Louise Osborne

Oifigeach Rannpháirtíochta Phobail Ildánacha

Teagmháil

Martin Lydon

Príomhoifigeach Feidhmiúcháin, Comhairle Chontae Shligigh

Teagmháil

Dorothy Clarke

Stiúrthóir Seirbhísí

Teagmháil

Patricia Keane

Leabharlannaí Sinsearach Feidhmiúcháin

Teagmháil

Margaret McConnell

Oifigeach Feidhmiúcháin Sinsearach

Teagmháil

Mary McDonagh

Oifigeach Ealaíne Poiblí

Teagmháil

Stephen Walshe

Comhairleoir Gnó, LEO

Teagmháil

Michael Carty

Innealtóir Feidhmiúcháin Sinsearach, Turasóireacht

Teagmháil

Siobhan Ryan

Oifigeach Oidhreachta

Teagmháil

Michelle Brennan

Leabharlanna, Gníomhach

Teagmháil

Ár Straitéis

CI_CCS_G_Sligo_V1.pdf
Íoslódáil

Stay up to date

×