Skip to main content

Náisiún
Ildánach

Cluas le héisteacht: 5 phodchraoladh cruthaitheacha le n-éisteacht leo

Scroll
5 min read

Cluas le héisteacht: 5 phodchraoladh cruthaitheacha le n-éisteacht leo

5 min read

10/02/22

Cluas le héisteacht: 5 phodchraoladh cruthaitheacha le n-éisteacht leo

Is cuma cé acu an 'ag caint le Joe', atá muid nó ag tiúnáil isteach chuig na ceannlínte ag am lóin, sáite go domhain i gclár faisnéise fíorspéisiúil nó ag fiosrú stáisiún nideoige ar líne a mheallann muid, tá an raidió mar a bheadh comrádaí seasta ann dúinn.

Agus é ar cheann de na foinsí meán is iontaofa dá bhfuil againn le breis agus céad bliain, raidió i gcónaí ár gcur ar an eolas, ag cur oideachais orainn agus ag cur siamsaíocht ar fáil dúinn. Toisc gur náisiún muid ar aoibhinn linn a bheith ag éisteacht, ní haon iontas é go mbíonn 81% de na daoine fásta in Éirinn tiúnáilte isteach gach lá (Ipsos MRBI, 2021).

Is mé a chuaigh in oiriúint agus a ghlac le ré na teicneolaíochta, agus de bharr go bhfuil an podchraoladh, siblín níos óige de chuid an raidió, ar fáil ar éileamh –  ní gá dúinn buille ná craoladh a chailleadh riamh arís.

Tá blaiseadh curtha le chéile againn de chuid den iliomad podchraoltaí a dtacaíonn Clár Éire Ildánach leo. Nuair a smaoiníonn tú go mbíonn duine as gach triúr in Éirinn ag éisteacht le podchraoladh uair sa mhí (Reuters, 2019), b’fhéidir go mbeadh ceann de na cúig cinn seo ina steall agatsa an chéad mhí eile.

Cuir ort na cluasáin sin agus brúigh ‘seinm’!

Bain sult as roinnt comhráite cruthaitheacha agus cupán caife na maidine á ól agat

Téann an podchraoltóir agus an t-údar Ruairí McKiernan ag tochailt go domhain i dtaisce luachmhar ealaíne Chontae an Chláir in Creative Souls of Clare. Sraith comhráite ar líne atá ann le grúpa fíor-éagsúil de scríbhneoirí, filí, ceoltóirí, drámadóirí agus ceardaithe atá lonnaithe sa Chlár, agus i measc na dtopaicí tá a gcleachtas cruthaitheach, na rudaí a mbíonn tionchar acu orthu agus a thugann inspioráid dóibh, an tábhacht a bhaineann leis an bpobal agus an ceangal atá acu leis an gcontae.

I measc na rannpháirtithe go dtí seo bhí an scéalaí agus ceardaí as Oirthear an Chláir Ruth Marshall, na scríbhneoirí amhrán as Sráid na Cathrach Anne Rynne agus Shona Blake, an scannánóir faisnéise as Inis Ken O’Sullivan, an file Anne Casey, an t-amhránaí tíre Katie Theasby, an ceoltóir Tommy Hayes, an t-aisteoir agus drámadóir Jacinta Sheerin, agus an scríbhneoir agus aisteoir Mark O’Halloran.

Éist nó breathnaigh trí phodchraolta Google / Spotify / Apple / Facebook video / nó ar fhíseán YouTube

Two women recording podcast at laptop

Nó cén fáth nach mbainfeá triail as an bpodchraoladh de chuid Ionad Ealaíon Dheisceart Thiobraid Árann, Cuppa Culture, a thugann tuilleadh inspioráide don chruthaitheacht trí  chomhráite gearra le réimse de dhaoine cruthaitheacha atá ag obair go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta.

D’eascair sé seo as an bpaindéim agus an leibhéal ard srianta a bhí i bhfeidhm ag an am agus tá daoine ó chúlraí na n-amharcealaíon, na hamharclannaíochta, na litríochta, na ceoldrámaíochta agus na n-ealaíon pobail páirteach sna 13 eipeasóid agus tionchar na dianghlasála ar a saol agus ar a gcuid oibre a phlé acu.

Rinne Eimear King and Helena Tobin cur i láthair in éineacht air, agus ar chuid den dream a ghlac páirt sna podchraoltaí bhí an dealbhóir James Horan, an maisitheoir Roisín Hahessy, an stiúrthóir, léiritheoir, scríbhneoir agus grianghrafadóir Jeremiah Chechik, agus an file turgnamhach Michelle Moloney King.

Éist trí Spotify.

Above:

Bí ar do sháimhín só ar an tolg le gearrscéal

Téigh ar fán i gceithre scéal a bhaineann le teacht slán, atá scríofa agus á léamh ag Sylvia Cullen. Cnuasach gearrscéalta ón mbliain 2021 is ea Where Three Waters Meet agus tá gach scéal acu suite i suíomh difriúil i gContae Loch Garman.

Fiosraíonn na ceithre shaothar gné dhifriúil den mhéid atá i gceist le teacht slán as cúinsí uafásacha agus bíonn ar na carachtair aghaidh a thabhairt ar roghanna trámacha agus a misneach a chruinniú chun teacht as an gcruatan.

Agus scoth na ceardaíochta ann agus é curtha i láthair ar bhealach mealltach, tugann an tsraith ghearrscéalta seo deis don lucht féachana a machnamh a dhéanamh ar an naimhdeas, an teacht aniar agus an acmhainneacht. Déan tú féin a chuachadh agus bain sult as!

Éist trí SoundCloud.

Má theastaíonn roinnt díospóireacht ceoil uait…

Tugann an comhghrúpa ceoil óige as Baile Átha Cliath Theas, SubSounds, an cumhacht do dhaoine óga a scileanna cruthaitheachta, ceoltóireachta agus cumadóireachta a fhorbairt trí mheantóireacht agus trí chomhoibriú.

Is bealach cruthaitheach é SubSounds Podcast, a bhíonn ar siúl uair sa choicís, do na rannpháirtithe óga lena gcuid smaointe a roinnt faoi gach a bhaineann leis an gceol agus a a bheith ag scríobh amhráin.

Is féidir leis na héisteoirí a bheith ag súil fiú le corr dhíospóireacht bhríomhar i dtaobh na halbaim, na healaíontóirí agus na hamhráin is fearr leo! Níl hé amháin gur bealach é chun dúil sa cheol agus tuairimí ina leith a chur in iúl, ach cuireann gné an phodchraolta ceoltóirí óga ar an eolas faoin meán seo a bhfuil an-tóir air agus múineann sé dóibh faoin gcaoi lena seó féin a phleanáil agus a tháirgeadh.

Éist trí subsounds.ie.

Above: Fractured podcast

Léim siar sa stair agus thú ag spaisteoireacht tráthnóna

Ar mhaith leat a bheith meallta ag an drámaíocht stairiúil? Cuireann an podchraoladh eipeasóideach Fractured drámaíocht, teannas, grá, greann agus fíricí stairiúla le chéile i bhfoirm sobaldráma agus é ag leanúint teaghlach ficseanúil Barry atá lonnaithe i gCill Dara le linn bhlianta corracha Chogadh na Saoirse.

Agus é breac le himeachtaí ón bhfíorshaoil dála buamáil theach cúirte Mhaigh Nuad i mBealtaine na bliana 1920 agus na díospóireachtaí conspóideacha faoin gConradh, cuireann an tsraith chlúdaigh seo an teaghlach i gcroílár cheann de na tréimhsí ba chonspóidí in Éirinn.

Toisc go bhfuil trí shraith ar fáil, beidh neart ann le go mbeidh lucht staire agus lucht drámaíochta araon dúghafa ann.

Éist trí PodBean.

 

An bhfuil tú ag smaoineamh ar phodchraoladh de do chuid féin a chruthú? Léigh | Talking about a Revolution: Creating your own Podcast

Stay up to date

×