Skip to main content
Liz Roche Company's production of 'WRoNGHEADED', 2018

Náisiún
Ildánach

Liz Roche: Cruthú na Gluaiseachta maidir leis an Damhsa Comhaimseartha

Scroll
3 min read

Liz Roche: Cruthú na Gluaiseachta maidir leis an Damhsa Comhaimseartha

3 min read

14/11/20

Liz Roche: Cruthú na Gluaiseachta maidir leis an Damhsa Comhaimseartha

Tá a compántas féin, the Liz Roche Company, tugtha chun cinn ag an gCóiréagrafaí Liz Roche le fiche bliain anuas go bhfuil sé anois ar cheann de na compántais is mó le rá in Éirinn maidir leis an damhsa comhaimseartha.

Tá turais cuairte tugtha ag an gCompántas ar fud na hÉireann, na Ríochta Aontaithe, na hEorpa, na Stát Aontaithe agus na hAstráil le léiriúcháin ardaidhmeacha den dánaíocht agus den chruthaitheacht. Tá a lorg fágtha go láidir acu ar chultúr an damhsa comhaimseartha in Éirinn.

Tá an tionscadal is deireanaí dá gcuid, If I Fall, le cúnamh ó Éire Ildánach, ar cheann lena mbaineann cruthaitheacht agus dánaíocht gan aon ago, MMA (Ealaíona Measctha Comhraic) agus an Damhsa Comhaimseartha fite fuaite ina chéile ionas go bhféachtar an dá chineál. Tiocfaidh an tionscadal i gcrích ina shaothar cumaisc damhsa/amharclannaíochta le healaíontóirí focal agus comhaltaí pobail de chuid Chlár Lucht Féachana Gníomhach Amharclann an Phobail ag obair le damhsóirí an chompántais agus le lucht MMA.

Fiafraíodh de Liz faoin spreagadh atá as an damhsa aici, faoina cuid cruthaitheachta a thabhairt chun cinn ina leanbh óg di agus faoi oibriú le hÉire Ildánach ar an tionscadal nua seo.

Above: Liz Roche Company at Sirius Arts Centre in Cobh, 2018

Cé as ar tháinig do chuid spéise sa damhsa ó thús? 

Nuair a bhí mé óg, bhíodh m’athair agus mo mháthair ag éisteacht le ceol clasaiceach agus le ceol bailé. Bhíodh bailéiríní le feiceáil sna pictiúir ar chlúdach an albaim agus ba bhreá liom na soilse stáitse a bhíodh le feiceáil i gcorr an phictiúir agus an tuiscint gurbh iontach an rud baint a bheith agat le saol an stáitse. Bhí suim agam dá bharr sin dul chuig ranganna bailé le mo dheirfiúr, a bhí níos sine ná mé. Thaitníodh go mór liom go raibh leagan cóiréagrafaíochta ar chéimeanna a bhí ag imeacht leis na céadta bliain agus go bhféadfadh an leanbh an leagan sin a fhoghlaim agus na céimeanna sin a dhamhsú, mar a bheifeá do do tharraingt siar chuig ré a bhí imithe romhat.  Agus bhíodh na scéalta casta, lán le buaireamh agus briseadh croí agus tíortha, nó saolta, i gcéin. Bhí mé an-tógtha leis an rud uile.

Cá bhfuair tú deis do chuid cruthaitheachta a thabhairt chun cinn i rith bhlianta d’óige? 

Ag tosú amach dom, bhíodh ranganna suas an bóthar ón teach i halla an pharóiste agus is ansin a chualamar faoi Choláiste Náisiúnta Damhsa na hÉireann, an scoil a chuaigh le Bailé Chathair Átha Cliath. Tamall de bhlianta dár gcionn, d’fhreastalaíomar ar an gColáiste sin agus bhíodh deis againn damhsa (i bpáirteanna do leanaí) sna seónna móra. Bhítí lánghairmiúil ansin, dian, docht, dáiríre, fiú amháin ag duine ocht mbliana d’aois. Ach bhíodh sé ina spraoi agus spleodar go leor i gceist leis ag leanbh, istigh i measc na ndamhsóirí gairmiúla sin uile. Nuair a smaoiním anois air, ní bhíodh againn ach preabarnach ar fud an stáitse ach bhíodh orainn díriú ar an gcúram nuair a bhíodh cleachtadh ar bun, a bheith béasach múinte, san áit cheart ag an am ceart, agus gan dul amú ar an stáitse nó bheadh torann ann.

Ina dhiaidh sin, lean mé le hoiliúint níos dáiríre i mBaile Átha Cliath go ceann roinnt blianta sula ndeachaigh mé chuig an London Contemporary Dance School. Sparánachtaí ar bhonn comórtais ón gComhairle Ealaíon a d’fhág ciste agam do mo chuid oiliúna ach chuidigh mo chuid tuismitheoirí leis sin, chuidigh siad liom ó thús deireadh, rud a raibh tábhacht faoi leith leis. Bhí cairde de mo chuid nár thuig a gcuid tuismitheoirí an damhsa a bhí ar siúl acu, nó nár thaitnigh an damhsa leo, agus bhí sé i bhfad níos crua orthusan deacrachtaí a shárú nuair a bhí réimeas traenála an-ghéar i gceist ar aon chuma.

Above: Rehearsal for the If I Fall project. Photo Credit: Mark McLoughlin

Cén fáth oiread cruthaitheachta agus spleodair i gceist leis an damhsa comhaimseartha mar mheán ealaíne?

Ní nach ionann agus an bailé clasaiceach faoin tráth seo, bíonn ábhar nua agus cora nua á gcruthú don uile léiriúchán nua den damhsa comhaimseartha. Tarlaíonn go mbíonn réimsí stíle ag rith le compántas ach is tabula rasa an stáitse ag tosú amach ar gach saothar nua. Má thugtar ár ndúshlán, is iontach an tsaoirse a thugtar dúinn freisin. Ó thaobh na cóiréagrafaíochta de, bítear ag lorg cor gluaiseachta faoi leith a luíonn go díreach leis an aon saothar amháin faoi leith seo. Bíonn an compántas, na damhsóirí, an cumadóir agus an mheitheal dearthóireachta maidir leis na soilse, na cultacha, an seit agus an fhuaim, ag cruthú an tsaothair in éineacht, ina shraitheanna anuas ar a chéile. Tugtar an-deis cruthaitheachta agus ceapadóireachta. Ligtear scód le daoine agus cothaítear an bheartaíocht is fearr atá iontu. Tagann an damhsa comhaimseartha faoi anáil a bhfuil ar siúl i saol na linne chomh maith, bíonn tráthúlacht agus tine ar chraiceann an uile dhuine.

An mór an ní duit ionadaíocht a dhéanamh i d’ealaíontóir ar son na hÉireann ar an leibhéal idirnáisiúnta?

Is iontach an tábhacht atá le mo shaothar a chur ar taispeáint thar lear. Ar camchuairt leis an gcompántas a tharla roinnt de bhuaicphointí an tsaoil agamsa. Tugadh deiseanna breátha dúinn bualadh le healaíontóirí iontacha i dtíortha éagsúla agus seónna a chur ar siúl in ionaid faoi leith. Ón mbliain 2001 i leith, tá damhsa déanta againn sa tSín, sna Stáit Aontaithe, san Astráil, sa Fhrainc, sa Ghearmáin agus sa Ríocht Aontaithe. Taobh amuigh de chúrsaí damhsa, is méanar dúinn freisin ag spaisteoireacht i rith an lae, inár dturasóirí in áiteanna áille. Lena bhfuil d’ábhar buartha i gceist maidir le cúrsaí aeráide anois, is mór i gceist freisin bealaí nua a aimsiú chun dul i gcion ar dhaoine thar lear le mo chuid saothair. Ní fánach an rud feasta siúl isteach ar eitleán agus táthar ag obair ar bhealaí nua chun teacht i láthair agus an saothar damhsa a chur i láthair thar lear gan dochar a dhéanamh don phláinéad.

Cén fáth ar maith an áit Éire ag ealaíontóir faoi?

Tá saol na healaíne in Éirinn beo, bríomhar, ilghnéitheach agus bítear ag cur leis an éagsúlacht ann arís agus arís eile. Bíonn an t-ealaíontóir ag saothrú a choda agus is cinnte go dteastaíonn cúnamh níos flaithiúla, ach tuigim go mbainim le pobal ealaíontóirí a bhfuil saoirse againn sinn féin a chur in iúl, gan mórán cinsireachta, agus is tábhachtach an rud sin i saol an lae inniu. Is iontach an fuinneamh atá i saol na healaíne anseo agus tá gach ealaíontóir atá ar m’aithne an-tugtha dá gcuid ealaíne agus lándíograiseach ag dul ina bun. Creidim go bhfuil sin ríthábhachtach; is beag a thagann soiniciúlacht chun cinn ainneoin a mbíonn de dheacrachtaí le sárú.

Cé mar a d’éirigh leat ag obair le hÉire Ildánach ar an tionscadal If I Fall le gairid? 

Fágann Éire Ildánach cuid mhór saoirse ag daoine tionscadal a thabhairt i gcrích mar is nádúrtha a tharlódh. Tagann athrú ar ghnéithe éagsúla de thionscadal de réir mar a théitear ar aghaidh leis agus is iontach an rud nuair is féidir cóiriú dá réir sin seachas a bheith sáinnithe agus ceangailte le dearcadh ar an tionscadal atá seanchaite meirgeach ach gur mar sin a bhíothas á cheapadh ar dtús. Leis an tionscadal deireanach sin, bhí nasc ceangail agus caidrimh de chineál an-nua á chíoradh agus á fhéachaint againn agus bhí gá le muinín as an bpróiseas agus misneach go dtabharfaí chun cinn le himeacht aimsire an ní a bhí de sprioc againn. Ba mhaith an crann taca Éire Ildánach ó thús go deireadh.

Stay up to date

×