Skip to main content

Náisiún
Ildánach

Mná Cruthaitheacha i lár an Aonaigh

Scroll
4 min read

Mná Cruthaitheacha i lár an Aonaigh

4 min read

5/01/22

Mná Cruthaitheacha i lár an Aonaigh

Tá sárthraidisiúin ó thaobh na cruthaitheachta i measc na mban in Éirinn, ó na stíleanna sainiúla a bhain leis an lásadóireacht sa Neidín, i gCarraig Mhachaire Rois agus i Luimneach sna 1700idí go dtí na péintéirí, ceoltóirí, dealbhóirí, aisteoirí, grianghrafadóirí, damhsóirí, ailtirí agus go leor eile i atá againn i saol an lae inniu.

Tá sloinnte ar nós De Búrca, Ó Conchúir, Ó Riordáin agus Ronán, a thagann as gach cearn den oileán seo againn, anois ar eolas ag daoine ar fud an domhain mhóir, agus iad le feiceáil ar ollphubaill, fógraí le haghaidh drámaí, cláir agus go leor eile.

Cé nach bhfuil aon chaoi go bhféadfaí éirim mhná iontacha na hÉireann a ghabháil in aon alt amháin – agus tá i bhfad an iomarca ban cumasach agus spreagúil ag déanamh obair dhochreidte ar fud na tíre le go mbeifí in ann choíche iad a ainmniú anseo – táimid ag cur  cuid de na mná dochreidte a bhfuil baint acu leis na tionscadail a fuair maoiniú ó Éire Ildánach in 2021 agus 2022, i lár an aonaigh.

Above:

Farah Elle and Caroline Moreau, Grúpa na nAmhrán Idirnáisiúnta

Tá Grúpa na nAmhrán Idirnáisiúnta faoi stiúir bheirt bhan iontacha, is iad sin an t-amhránaí/cumadóir Farah Elle agus an teagascóir amhránaíochta agus ealaíontóir taifeadta Caroline Moreau. Is clár ceardlainne seachtainiúil é Grúpa na nAmhrán Idirnáisiúnta a chuireann spás tacúil ilchultúir ar fáil do mhná i gceantair Dhroichead Átha, áit ar féidir leo an grá atá acu don cheol agus don amhránaíocht a roinnt agus a gcuid scileanna amhránaíochta a fhorbairt i dtimpeallacht sábháilte.

Leis an ionchuimsitheacht i gcroílár an tionscadail, moltar do chomhaltaí amhráin óna dtraidisiún féin a mhalartú agus naisc chultúir a fhorbairt idir na pobail éagsúla a chuimsítear i sochaí na hÉireann.

Above: Photo by Manuela Dei Grandi

Lisa Fingleton, ealaíontóir

Toisc gur dhírigh Lisa ar shaincheisteanna comhshaoil ina cleachtas cruthaitheach ainmníodh í mar an tEalaíontóir Leabaithe le haghaidh ‘Corca Dhuibhne Inbhuanaithe – Tionscadal um Ghníomhú Cruthaitheach ar son na hAeráide a shamhlú go Cruthaitheach, atá sa Daingean.

Dúirt Catríona Fallon ó Thionscnamh na nEalaíon Glas in Éirinn, ina taobh gur “…iarrthóir den scoth don ról” a bhí inti, agus beidh Lisa ag comhoibriú go dlúth le feirmeoirí ar an leithinis, ag iniúchadh an chaoi a bhféadfadh an chruthaitheacht agus an fheirmeoireacht aghaidh a thabhairt ar an éigeandáil aeráide ar bhealaí nua agus tarraingteacha.

Áine Ní Ghríofa agus McKenzie Lowe, ceoltóirí

Agus iad ar bheirt den seisear ealaíontóirí óga (as 500 iontráil den scoth) a roghnaíodh don Creative Tech Fest ‘Guth ’21’ de chuid an charthanais de chuid na hÉireann, Kinia, chun taifeadadh a dhéanamh, bhí deis ag Áine agus ag McKenzie araon, ag deireadh na bliana 2021, amhrán bunaidh a raibh físeán ceoil curtha leis a thaifeadadh i Stiúideonna íocónacha Lána an Mhuilinn Ghaoithe i mBaile Átha Cliath – áit a raibh taifeadtaí déanta ag leithéidí na Rolling Stones agus Lady Gaga.

Is cainteoir dúchais Gaeilge í Áine as Gaeltacht Chonamara, agus déanann McKenzie, atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath, a cuid ceoil a fhorbairt agus a thaifeadadh le Seirbhís Óige Fhionnghlaise.

Above: Ailbhe Gerrard & Deirdre O'Mahony

Ailbhe Gerrard, feirmeoir

Is beachaire, taighdeoir, agus oideachasóir talmhaíochta í Ailbhe agus is í a bhunaigh Feirm Brookfield i dTiobraid Árann. Tá sí ag obair in éineacht leis na healaíontóirí Deirdre O’Mahony agus John Gerrard chun an tionscadal ‘Field Exchange’ a sheachadadh – ceann de na 15 tionscadail dar gcuid ón gCiste um Ghníomhú Cruthaitheach ar son na hAeráide, ar fiú €2 mhilliún é.

Cuirfidh an taithí fhairsing atá aici ar an bhforbairt inbhuanaithe agus ar an bhfeirmeoireacht orgánach agus an grá atá aici don stíl mhaireachtála agus don talamh bonn eolais faoi chlár malartaithe, a mhairfidh 12 lá thar 12 sheachtain in 2022, chun an ealaín, an bia agus an talmhaíocht a thabhairt le chéile ionas go bhféadfaidh ealaíontóirí, feirmeoirí, eolaithe agus saineolaithe comhoibriú ar mhodhanna chun dul i ngleic leis an athrú aeráide.

Sylvia Cullen and Joanna Hyde, láithreoirí podchraoltaí

Tá an-tóir go deo ar ábhar na beirte seo ar aerthonnta na hÉireann mar gheall ar chomh cliste agus chomh tarraingteach is atá sé – sin iad an scríbhneoir Sylvia Cullen a bhfuil an podchraoladh Where Three Waters Meet aici agus an ceoltóir Joanna Hyde atá ina comhláithreoir ar On The Wireless.

In Where Three Waters Meet, a fhaigheann tacaíocht ó Chomhairle Chontae Loch Garman i gcomhpháirtíocht le hÉire Ildánach, tugann Cullen na héisteoirí léi agus rogha gearrscéalta atá suite i Loch Garman á gcur i láthair aici. Baineann gach mír le gné áirithe dá bhfuil i gceist le cúinsí tubaisteacha a sheasamh, ina bhfuil roghanna uafásacha ag carachtair agus iallach orthu dianiarracht a dhéanamh chun bealaí a aimsiú le teacht slán.

Sa phodchraoladh On The Wireless, tá tús áite ag an gcruthaitheacht agus ag an gcuimhne, le béim á tarraingt ag an dísreach ceolmhar Joanna Hyde agus Tadgh Ó Meachair ar scéalta ón bhfíorshaol a bhaineann le tábhacht an léirithe chruthaithigh agus an iomaí bealach ar féidir linn é a chothú.

Roisin Whelan, ealaíontóir damhsa, agus Bridget Flannery, amharcealaíontóir

In 2021, reáchtáil an t-ealaíontóir damhsa gairmiúil Roisin Whelan clár sé seachtaine de cheardlanna damhsa duine le duine ar leac an dorais ag baill níos sine de phobal Cheatharlach. Cuid de chlár Cruthaitheacht na nDaoine Scothaosta  Éire Ildánach a bhí sna ceardlanna seo agus thug siad gluaiseacht, deis sóisialú agus léiriú cruthaitheach a raibh géarghá leo chomh fada le daoine a raibh tréimhsí fada caite acu scoite amach mar gheall ar an bpaindéim.

Bhí an t-amharcealaíontóir Bridget Flannery in éineacht le Róisín le linn na gcuairteanna agus ghabh sí na seisiúin i saothar ealaíne a bronnadh ina dhiaidh sin ar an duine scothaosta.

Techinee Nawaing agus Niamh Porter, dearthóirí faisin

Bhí beirt den triúr daoine cruthaitheacha óga cumasacha a ghlac páirt i bpobal Junk Kouture agus iad sa mheánscoil in Éirinn, Techinee agus Niamh ina réaltaí in éineacht lena gcomhdhearthóir Cian Newman i gclár faisnéise urghnách, a choimisiúnaigh Éire Ildánach Junk Kouture ‘Waking the Muse’, agus a craoladh i mí Dheireadh Fómhair 2021 ar RTÉ2.

D’éirigh le Techinee, 19 mbliana d’aois as Baile Átha Luain agus Niamh as Dún na nGall, atá 24 bliain d’aois, dul i ngleic leis an dúshlán agus iad ag obair in éineacht le Cian chun earra éadaí uathúil a dhearadh, a aimsiú agus a chruthú le go mbeadh mainicíneacht déanta air i Nua-Eabhrac do Sheachtain Aeráide NYC, agus ba é Junk Kouture an comhpháirtí Maireachtála Inbhuanaithe le linn na seachtaine sin.

Above:

Friz, Naoise Sheridan, Margaret Nolan, Tracey Moca, Louise Gardiner, Marie Moylan, agus Giordana Giaché, ealaíontóirí sráide

Bhíomar thar a bheith bródúil in 2021 go raibh muid ar cheann de na maoinitheoirí is mó a bhí ag na tionscadail ealaíne sráide agus múrmhaisithe in Éirinn. I measc na dtionscadal a rinne na ballaí agus na cláir fógraíochta ar fud na tíre níos gile bhí an múrmhaisiú de chuid an ealaíontóra as Sligeach Friz, ag Bóthar Naomh Fionnbarra ina raibh an bhandia Clíodhna léirithe.

I nGaillimh, bhí saothair le Naoise Sheridan, Margaret Nolan agus Tracey Moca i measc an 100 saothar a bhí mar chuid den ealaín a cruthaíodh ar bhoscaí leictreachais agus a chuir  dathanna beoga ar dhreach na cathrach. Thíos i gCiarraí, chabhraigh Louise Gardiner – nó Mack Signs mar is fearr aithne air – le GW Joyce chun sleachta ón bhfile Brendan Kennelly agus ón údar Maurice Walsh a athshamhlú i bhfoirm múrmhaisithe a tharraing aird, agus i Mainistir Eimhín, thug Marie Moylan beagán beag dúlra go dtí na boscaí fóntais timpeall an bhaile.

Agus in Inis, chuaigh an t-ealaíontóir Giordana Giaché ag obair in éineacht lena fear céile Martin Shannon chun gnáthghrátaí draein a iompú isteach ina saothair ghreannmhara ealaíne sráide.

Above:

Holly Pereira, This Is Art Club! 

Ar shála an ratha iontaigh a bhain leis an gcomórtas This Is Art!, tá RTÉ ag cur seó úrnua dar teideal This Is Art Club! ar fáil d’ealaíontóirí óga agus do dhaoine óga a bhfuil dúil acu san ealaín. Is sraith sheachtainiúil í seo ina dtabharfar ardán do dhéanamh ealaíne de chineálacha éagsúla do dhaoine óga ar fud na hÉireann a bhfuil féith na healaíne iontu nó a bhfuil meas acu ar an ealaín.

Tá an maisitheoir Holly Pereira aitheanta as na múrphictiúir gheala láidre atá aici fud fad na tíre. Beidh sí i dteannta Shane Keeling, ar ealaíontóir é a bhfuil gealladh faoi, chun an tsraith nua seo a chur i láthair.

“Táim ag súil go mór le léargas a fháil ar na smaointe agus na próisis smaointeoireachta atá ag na healaíontóirí óga ar fad sa This Is Art Club! […] is acusan a bheidh an tionchar ar dhomhan na healaíne sna caoga bliain atá amach romhainn,” a deir sí.

Stay up to date

×