Skip to main content

Náisiún
Ildánach

Breathnaigh ar: ‘Taking Action TV’ Chromghlinne

Scroll
min read

Breathnaigh ar: ‘Taking Action TV’ Chromghlinne

min read

16/05/22

Breathnaigh ar: ‘Taking Action TV’ Chromghlinne

Breathnaigh ar ‘Taking Action TV’, seó beo irise seachtainiúil a chraolfar anseo gach maidin Shatharn idir an 7ú Bealtaine agus an 4ú Meitheamh, ag 11.30am.

Maoinithe ag Éire Ildánach trína Chiste Cruthaitheach um Ghníomhú ar son na hAeráide, níl in ‘Taking Action TV’ ach ceann amháin de na tionscnaimh spreagúla dírithe ar an aeráid atá ag  Gníomhú Cruthaitheach Chromghlinne ar son na hAeráide.

Ag léiriú na rudaí ilchineálacha, áille, aite agus fiáine a bhíonn ag tarlú i gCromghlinn, bíonn an láithreoir, an Dr Niamh Shaw, i gcuideachta mhuintir Chromghlinne ag cur síos ar a bhfuil ag tarlú sa cheantar.

Taibheoir, scríbhneoir agus cumarsáidí is ea an Dr Niamh Shaw a bhfuil dhá chéim aici, céim san innealtóireacht agus PhD san eolaíocht, mar aon le paisean a bheith ag spreagadh fiosrachta i ndaoine.

Bí ag súil le comhráite faoi gach rud a bhaineann leis an nádúr, éanbhreathnú, garraíodóireacht, fuinneamh inmharthanach, ceardaíocht, oidhreacht áitiúil, gníomhaíocht aeráide, eolaíocht saoránach, tionscadail don todhchaí agus a lán eile.

Breathnaigh beo air, maidineacha Sathairn, 11.30am

Ar chaill tú eipeasóid? Is féidir leat é a fháil anseo!

 

Don’t forget to join in while you’re watching, use the chat box below!

  • Find out more about Crumlin Creative Climate Action | Watch the video below:

Stay up to date

×